Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Eirghe in áirde (34)

 
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh, atá a' cuir imnidhe ar siúd ach ól a's eirghe-in-áirde.
 
Aeramáil a's eirghe in áirde a chuirfeas de dhruim tighe é, mara dtuga sé aire thar cíonn dó féin.
 
buail
Má tá fonn eirghe in áirde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfa sib as seo, a's deifir orraí(bh).
+
airde 1
Leig de do chuid eirghe in áirde anois, nó tiubhra mise luach do chuid eirghe in áirde dhuit feicfe tú fhéin.
TUILLEADH (21) ▼
Cé'n sórt eirghe in áirde sin orraí(b)
Ní chloisfeá méir i gcluais ag gasúir ag eirghe in áirde
Nach ort atá an bheith, go gcaithfe tú 'bheith ag eirghe in áirde i gcomhnuidhe.
Is diabhaltaidhe an fhonn eirghe in áirde atá ort i gcomhnuidhe.
Ghortuigh sé a chois le eirghe in áirde.
Cuirfe mise ó eirghe in áirde thú, feadh's mé slat a fhaghail.
Ní stopfadh an saoghal ó eirghe in áirde, a's ó ámhuilleacht é.
Mara leige tú de do chuid eirghe in áirde, beidh scéal agad air.
'Sí an eirghe in áirde, a's an imtheacht a thug slaghdán dó.
Tá'n méid sin agad anois de bharr do chuid eirghe in áirde.
Má tá fonn eirghe in áirde oraí(bh), caithfe sib a dhul in áit eicínt eile, fharrus a' teach seo le na dhéanamh.
Is diabhlaidhe an lán eirghe in áirde 'dhéana(nn)s tú 'chuile Dhomhnach.
Sí'n eirghe in áirde chéadna í Domhnach a's dálach chomh maith le chéile aige sin.
Nach hé 'tá tugtha do'n eirghe in áirde i gcomhnuidhe.
Níl suaimhneas a' bith le faghail in aice páistí. Bíonn siad i gcomhnuidhe ag eirghe in áirde.
Nach sib atá thart anois, gan eirghe in áirde.
Ní bhfuighe sib aon-chead eirghe in áirde annseo. Teigidh amach faoi na cnocáin má's breagh lib é.
Ná feicimse ar an eirghe in áirde sin níos mó thú, má tá do leas ar dhia.
Reicfidís istigh sa teach thú, le neart eirghe in áirde.
Aerighil a's eirghe in áirde atá ghá mharbhú = níl tada eile 'cur síos leis ach sin.
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid eirghe in áirde, agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
 
deo
Go deó nó go gcuiridh tú neart oibre ar an gcapall sin, beidh sí ar an eirghe in áirde sin. Sclábhaidheacht atá indon í sin a cheannsú, agus ní tada eile
 
Ní fhaca mé a leithide de "shet" ó rugadh mé. Is diachta dóibh a bheith staidéarach féin agus an cheird a bhíos ar an gclann ó mhaidin go faoithin: ag blaodhach agus ag blaidhirthiúch agus ag eirghe in áirde. Ní fhaca mé a dtógáil ar aon-chlann ariamh. Dheamhan é muis. Dá mbeidís siúd agamsa smachtóchainn iad nó dhéanfainn a lá in éindigh. Maidir le bheith ag éisteacht leo!
 
diaidh
Is diadhachta do'n leabaidh chéadna a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an macnas agus an eirghe-in-áirde a bhíos orra sin innte 'chuile oiche. Dheamhan aithne orra nach amuigh ar na cnocáin a bhíos siad. Beidh a shliocht orra: ar feadh iad an leabaidh sin a bhriseadh, codlóchaidh siad ar an talamh, agus comhairleochaidh sin iad, feicfidh tú féin air.
 
Imeochaidh sí mara mbeidh an ceann eile ag dilleoireacht len a coinneál. Ach mar sin fhéin is droch-sheans atá aice fanacht. Tá an iomarca grádha do'n eirghe-in-áirde aice anois, agus ní shásóchaidh áit ar bith í ach Sasana
 
Tá an capall sin aige an-dingliseach. Chonnaic mé annsin thuas í an lá faoi dheireadh. Chuaidh sé isteach go dtí í len a cuid a leagan aice, agus fhobair go spréachfadh sí. Maidir le eirghe in áirde bhí sé uirre; mo léan
 
Sin é an rud a bhí sé a thuaradh dhó féin le fada an lá. Ól agus ragairne agus eirghe in áirde nó go raibh a chuid diomluighthe aige. Anois b'fhéidir céard a dhéanfas sé?
 
dubh- 5
Tá dubh-eirghe in áirde ag na gasúir sin. Dhá mbeadh an scoil tosuithe aríst, ba mhór an suaímneas do na daoine é
 
Sin í an óige agad i gcomhnaí! Ní bhíonn ag dul síos léithe ach macnas agus meanmna agus eirghe-in-áirde. An dtiubharfá milleán dóibh. Bhí tú féin óg scathamh. Is iomdha lá ag an roillic orainn a mhic ó
 
Ní bhíonn ag dul fúm ná tharm 'chuile oíche ach scríobhadh aice, ach níl oíche ar bith nach mbacann rud eicínt in a dheidh sin mé. Chinnfeadh ort tada a dhéanamh ins an teach se'againne aon-oíche ag brothtuinn agus ag scoin-mhíol an bhaile ag eirghe in áirde agus ag gleo