→
abair
adeir (100+)
+
→
abair
Céard adeir tú (aimsir láithreach nó caithte) = céard atá tú ag rádh (ach fc. thíos)
TUILLEADH (17) ▼
Céard adeir sé faoi
Shéanfadh sé go raibh sé in a chiontsiocair leis an achrann! Seadh a mh'anam! Níor dhubhairt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt sean-fhocal) = an fear a rinne an mhístáid, shaor sé é féin
Is minic gurb é fear an réidhtigh a íocas an téiléaracht, agus an té a tharraingigheas uiliog é nach dtuilleann sé milleán ó aonduine. Sin é é: níor dhubhairt mise tada, adeir an té a chuir an baile ag troid
Ar chuala tú an chailicéaracht a bhí air, ag sárú orm nach raibh sé ann le linn a thúis chor ar bith, agus gurb é a shaghd ar fad iad. Níor dhubhairt mise tada, adeir an ceann a chuir an baile ag troid
Céard adeir tú leis anois a chuaidh síos de mhaol a mhainge go dtug sé aníos é = nach mbeadh iongantas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-iongnadh agus rl.
Céard adeir tú léithe a d'iarr punt orm!
Céard adeir [tú] leo a tháinic isteach annseo agam (chugam) ag iarraidh áit bó orm!
Anois céard adeir tú le Gaillimh = anois a bhfuil biseach agad; déarfaí é faoi scéal eicínt, nó faoi rud eicínt a dhéanfaí, a bheadh ina chuid iongantais; 'séard é an leagan iomlán: anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dubhairt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Ag strócadh go dteigheadh sí ag damhsaí! A leithide de ghiostairín! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Deir tú leis an gcúin a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhi é sin a rádh, lá agus gur leig sí 'un báis le amhgar í
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios duinne é. Diúltuigheamuid dhó
Sin é adeir siad ar aon-chor. Ach níl áird le tabhairt ar leath na luaidreáin
'Séard adeir sé nach bhfuil S. A. ach ag cur mí-rath ar fad ar na portaigh leis an mbaint atá sé a thabhairt orra
'Séard adeir siad (adeirtear) nach bhfuil fear a bhárrtha ann
→
céadéaga
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
→
dá
Seachnaíodh duine an té a bhfuil an dá chroí aige. Liomsa agus leatsa agus liomsa aríst, mar adeir an ceánn eile
→
daidhce
Daighce a bhí uirre anocht faoi gur fhága C. annsin aréir í … Ceadh nar chuala tú é sin. In Domhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gur b'olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbáirneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias is deacair í seo istigh a bheárradh anocht
→
daille
Níl daille ar bith adeir siad is measa ná daille na h-intinne. Thiocfá ó 'chuile dhaille eile, ach níl aon-teacht uaidh sin
→
daingean
Ar chuala tú ariamh an scéal faoi'n sagart agus faoi'n mbuachaill. Tháinic an buachaill isteach agus é in a líbín. "Tá sé ag báisteach go dainghean" adeir an sagart. "Tá, agus deich míle taebh thiar de Dhaingean" adeir an buachaill, "mar tá mise th'éis a theacht as, ar mo chapall anois (Magadh focal atá ins an scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Anach Mheodhain agus paráiste an Chillín. Tá eolus ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach "Daighean" adeirtear i leabaidh "Daingean")
→
dair
Ag cur daraighe atá tú. Ag cur daraighe do mhac do mhic. Saileach adeir siad duit féin, fuinnseoig do do mhac agus dair do mhac do mhic
+
→
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
TUILLEADH (2) ▼
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
+
→
dall 1
Dall é adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhuinn againn sa dorchadas féin é. Is léar do'n dall a bhéal, adeir siad
Cé'n call atá dóib tada a thuiscint. An fhad agus a gheobhas siad neart len ithe cé'n mhairg atá orra? Is léar do'n dall a bhéal adeir siad = freagra ar fhear a bhí ag coireamhaint ar an nGearmáin faoi rádh agus nach raibh cead cainte ná cead a gcos ag na daoine ann, agus go raibh gach uile fhios dhá cheilt orra, ach an fios a d'fheil do Hitler, dar leis
→
dall 3
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon-léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mara bhfuil a dhóthain sa méid sin
+
→
dallán
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bean as C. annsin thoir san gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirre: "go deimhin a dhuine chóir" adeir sí, "tá sé sin cho glan orm leis an sagart. Ní dheachaidh a shlat ní ba ghoire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort." Spréach an giúistís. Fhobair gur b'ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chionntaigh léithe
→
damanta
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroidhe. 'Ar ndú' má's peacadh é bheith buidhe nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
→
damnaigh
Go ndamnuighidh an tubaiste a clab truisc. Nach gann a chuaidh an saoghal uirre, má sin é anois a raibh len innseacht aice! Ach is cóir adeir siad an muileann a bhíos ag síor-mheilt go meileann sé mín agus garbh.
+
→
dán
Níl indán duit a dhul go Flaithis adeir sé go dteagaidh craobhóigín ghlas ar an bpíosa mhaide sin atá san abhainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl indán mise a mharbhú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dóráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
→
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
→
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneál ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
"Tá P. thar cionn" adeir sí. "Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha de N." Má's fíor di féin é níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil is na colaistí cheana
+
→
dathúil
Go deimhin muise níl sí dathamhail ná tada mar é. Tá sí ro-ruadh. Gile na ruadhcha an ghile gan bhuidheachas, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí sáthach dathamhail ag fear ar bith. Agus tá cúntanás aice le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanamhail agus dathamhail dona
Mo bhrún (bhrón) agus mo dheacair, adeir sí, gur tháinic mé isteach ar shlata an bhaile mhóir ariamh
+
→
deachma
Tugtar dreoilín eicínt aca i gcomhnuí do'n deachma … Tuige nach bhfaca tú aon-dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easbaí. Caithfidh tú a bheith ag tóruidheacht agus ag síor-thóruidheacht go bhfaghaidh tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag innte. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóruigheacht' dhuit chor ar bith, scaithtí. Bíonn neadrachaí dreóilín thar a chéile ann blianta. Scaithtí eile ní fheicfeá ceann ar bith … An uair a gheobhas tú an nead, níl agad le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharbhú agus a gcuid fola a chur ar shean-cheirt. Caithfidh tú fuil as 'chaon cheann aca a chur uirre. Mara gcuiridh ní bheidh aon-mhaith dhuit ann. Breith ar an sean-cheann annsin — an Rí — agus deirtear í a thabhairt do'n deachma. Ach is cuma cé'n ceann de na trí cinn déag a thiubharfá do'n deachma ins an gcás sin. Bíonn muirghín mhór ar an dreoilín. "Is mór mo mhuirghín: is beag mé féin" adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta annsin, le ceirt na n-easbaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoi'n dreoilín a tugadh do'n deachma. 'Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cunntas faoi cheirt na n-easbaí a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
"Ní de thír ná de thalamh thú" adeir an bhainrioghan "nach mbeadh a fhios agad gur gheall sí ceann do'n deachma, agus bhí sé de ghnaoidheamhlacht innte an dá cheann déag a thabhairt amach". (As sean-scéal — Gé an Oileáin — ó m'athair)
Is fiú an anachain a sheachaint, adeir siad. Má leigeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an deádhuine
Nach beag an luadh agad an deáfhocal a bheith agad. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agad. Beatha do dhuine a thoil, adeir siad
→
dea-lá
"Calm agus dealá do t'anam, a dhaidí", adeir an t-iascaire, nuair a fuair an sean-dhaidí bás = ba shin é guidhe an iascaire; "May there be no moaning of the bar when you put out to sea"
+
→
dealbh 1
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceál beag ná mór anois. Cuireann sí uais air cheapfainn. "Dhá gcuireadh sí fear ar foghnamh in m'áit" adeir sé "níor cás ar bith liom é, ach an stramhasacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na h-uaighe ó a rugadh é. Scread-mhaidne uirre, má bhí [sí] ag dul ag déanamh mo mhaltrait, breagh nach bhfuair sí fear ceart"
TUILLEADH (1) ▼
"Dar brigh na míonn" mar adeir C. an Ph. "má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is truagh-Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na druinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é"
+
→
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (3) ▼
Dealg sceiche a thóig sé an chéad uair agus ní thiubharfadh sé cead d'aonduine a dhul in a goire nó go ndearna sí cois bhocht ins an deire. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeochadh sé an droch-adhbhar, ach dheamhan cosamhlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith adeir siad is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnuigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeochadh sí sin de ghort an gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille.
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana
I sean-scéal tá cur-síos ar fhear agus ar bhean ag siubhal na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothruighthe é. Ins an deireadh chrom sí síos. "Céard atá ort" adeir an fear. "Dealg a ghabh in mo chois" adeir sí, "agus ní fhéadaim a bhaint amach." Chuaidh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di de'n chéad-uair
Dheamhan truaighe ar bith é. An té nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé san bhFómhar, adeir siad
→
déan 1
Má shíleann tú go ndéanfaidh an obair sin gnatha dhuit oibrigh ort. "A chomhairle fhéin do mhac dhantra" adeir siad "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa"
+
→
déan le
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoi'n oíche ar tháinig an triúr aca anoir ó'n S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon-fhear amháin an triúr dearbhráthar. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC. agus fios aca nach raibh duine ar bith ann le aon-tréas a chur orra, sheas siad suas i lár an bhóthair. "'Séard a bhí le déanamh leis adeir T. "cor a chur in a mhuineál." "Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic" adeir L. "Agus scian a chur ann idir builg agus barr-easnacha" adeir M." "Agus "summons" a thabhairt air ina dhiaidh sin." Ba dhin (ba shin) iad an triúr "bullies" agad. Is suarach an t-iongnadh go mbeadh mac duine aca ag imeacht as a chranna cumhachta scaithtí
TUILLEADH (4) ▼
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois aca! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois aca. Bíonn cothromacan síne na h-uaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagcóir, agróchaidh Dia air é luath nó mall
É a bhriseadh. Bhí an ceart ag an "mboss": badh é a dhéanamh leis é. Is maith an rud tamall le spóirt adeir siad. Ní raibh aon-mhaith aige-san ann mara gcaitheadh sé an lá ar fad in a chomhnaí, agus cé'n bhrigh, ach nach mba bheo é mara dteigheadh sé ag déanamh gaisce faoi
Ná déan beag ná mór léithe sin, ach leig thart í. Leig thart an fear aniar agus ní baoghal duit an fear anoir, adeir siad
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sáthach mór léithe, len a pósadh — an uair sin go h-áirid. Bhí mo dhóthain aithmhéala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti annsin. Níl a fhios, adeir siad, cé's fhearr an luathas nó an mhoill
→
deannach
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhilleogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an casán a thóig sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh annsin ar chuid Bh., agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ar n-amharc. An uair a chuaidh sí cho fada le J. d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é len a raibh de dheannach ann — an sleaghan nua a fhágáil in a dhiaidh. "B'fhéidir" adeir sé go dteastóchadh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil múin (móin) ins an mbruidhinn fhéin". B'uathbhás é an siota siúd
+
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
Cá'id déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bún anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhastú agus tá aice faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon-chailín a fháil
→
dearc
Tá an-dearcadh isteach thar claidhe ag an mbideach seo, mar adeir fear Árann. Má fhaghann sí blas na h-áite sin do cheann-finne ní choinneochaidh as í. Tá an-fhéar anois ann
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
→
dearna
Leag sé na h-ocht bpunt isteach i gcroidhe mo dhearnann. "Tá tú as a Mh." adeirim féin. "Chuirfinn geall gurb é an ceannaidhe cluaise — Bh. — a cheannuigh é" adeir sé. "Bíodh sé agad" adeir Bh.
Deáscéal ó Dhia againn. Slán an scéalaí! Beidh biseach ar an tae an tseachtain seo chugad, adeir tú! M'anam nach miste! Bhí na daoine tolgtha ag an gcaifí
+
→
deatach
Ba bhreagh uaidh deatach a leigean le gaoith anuiridh cho uain agus a bhí sé ag saothrú pighneachaí, ach caithfidh sé déanamh dá fhuireasbhaidh anois. An té nach bhfuil teine aige féin, déanadh sé a ghoradh le gréin, mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (2) ▼
Deatach le spóirt é agus is mairg nachar dóghadh é, mar adeir P. Sh. fadó agus an teach thrí lasadh
Tá an máistir beag ag baint deatach as an máistireás fhada ar an saoghal seo (ag suirghe léithe as éadan). Is diabhlaí an mac é, de thulóig cho beag leis. Ach mara bhfuil gabhail na gaoithe ann, tá déanamh na ngnaithí ann, mar adeir an ceann eile. Dar fiadh tá!
+
→
déidín
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Annsin ní bhíonn siad indon an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé má's é. Breagh nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlóchadh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-iongnadh, má's iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtuitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
→
deil 1
Dhá bhfaghadh sé deil, adeir sé, thóigfeadh sé an tubán dom. Shanntuigh mé a rá leis gur fada ón stuaim an stucaireacht, ach choinnigh mé faoi mo chúilfhiacail é in a dheidh sin.
→
deil 2
Nach hé atá indon a deil. "B'éigin dom fuireann nua a fháil do na scurachaí. Bhí siad ag strócadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar bhí siad. "Tá sé cho maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann" adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta nach hé atá indon an aithris a dhéanamh uirre! An chainnt chéanna agus na goití ceanann céanna, cho maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár agus chuinneóig
+
→
deilbh 1
Má tá an aimsir go dona fhéin — agus thar a bheith go dona — dheamhan le déanamh againn, ach an oiread móna agus a fhéadfas muid, a bhaint. "Deilbh an saoghal", adeir siad, "agus gheobhaidh tú inneach air." Tiocfaidh uair bhreagh a thriomóchas í am eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Tóig a bhfuighidh tú. Ní stró duit fear a gcaithte a fháil anois, agus cho gann agus atá "feaigs". Deilbh an saoghal, adeir siad agus gheobhaidh tú inneach dó
→
deimhin
Tá airgead aige. Tá rud aige go deimhin! Cac éanachaí i mBaile Átha an Ríogh, mar adeir N.
Is beag duine a bhí ins an ruta seo ariamh ba déircighe ná N. Th. Aimsir an droch-shaoghail adeir siad 'nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, badh é sin a choinnigh an cheathramhadh seo beo. D'fhaghadh cho maith le deich nduine fhichead beatha ann 'chuile lá
+
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
TUILLEADH (5) ▼
Deireadh an spiadóra i gcomhnaí é a chur i leathtaobh. Má's feall fillfear, adeir siad
Sin é an deireadh a bhéas aige faoi dheireadh muis: é a fháil básuighthe chois an chlaidhe maidin eicínt. Deireadh sean-ghearrán bán nó sean-mháistir scoile, adeir siad
Níl agamsa ar aon-chor ach an drioball, ach níl a fhios, adeir siad cé's fhearr a thús ná a dheireadh
Thug sé búrla nútaí (nótaí) do'n Gh. "Roinn amach iad sin ar na fir sin" adeir sé, agus isteach leis féin 'sa teach. Fuair 'chaon duine aghainn dhá raibh ann punt an duine hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. in a dhiaidh sin. Bí siúráilte nach hé cuid an bheagáin é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh, adeir siad
Chaith sé ceathramhadh uaire ag braithteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal annsin agus d'fheicfeá ag leigean siar a sheile é. "Dheamhan a fhios agam fhéin", adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinic orm failm de chic a thabhairt do'n phíopa
Níl aon-mhaith 'san ngealladh sin domsa! 'Sé'n chaoi a bhfuil sé sin, mar adeir an ceánn eile: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh. Ach déarfaidís freisin go bhfuil Dia go maith faoi thrócaire ach nach bhfaightear bróga gan airgead. Íocaidheacht atá mise a iarraidh
Agus tá duine cloinne aice faoi dheireadh! Is fhearr go deireannach ná go bráth, mar adeir an ceann eile
+
→
deis
Tá sé seo thíos ag iarraidh deis a dhéanamh a chuirfeas solus ar fud an tighe. Sórt muileann gaoithe a bhéas ann adeir sé. Bhuailfeadh an ceann céadna faoi rud ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Sin í féin muis, an onóir dhona atá ag imeacht leo sin: onóir gan deis nó putóig gan geir, adeir siad
Níl luach a bhéilí aige, agus in a dheidh sin agus uiliog, shílfeá gur mac duine uasail é, tá sé ag imeacht cho suimeamhail, cho leitheadach sin. Onóir gan deis ná putóig gan geir, adeir siad
Is mór a thuit siad indeis le gairid, té (cé) go mb'fhurasta cur aca roimhe seo. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na cairn aoiligh ag eirigh mar adeir an ceann eile
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. "Seo anois a bhean chóir" adeir sé. "Íoc do chuid dlighteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Níl dlúthas ar bith agamsa le airgead". Caraid a dhéanfadh é, nach h-eadh
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
→
deisigh
Ba cheart daoib na cocaí féir sin a dheisiú indiu, agus gan a bheith dhá bhfágáil níos fuide. An rud a theigheas i bhfad teigheann sé i roighineadas, adeir siad
→
deisiúil
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
→
deo
"Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní leigfinn uaim í go deó deó", adeir sé faoi'n inghin
→
deoch 1
"Deoch — mara bhfuil — agus má tá, ná tabhair," adeir sé. "Tá" adeir sí, "agus ní bhéarfadh, agus marach go bhfuil, bhéarfainn". (Fear a bhí mór le bean. Ní raibh aon-ghnaoi ag an athair air. Tháinic sé ag an doras, agus sin é an chaoi ar fhiafruigh sé a raibh an t-athair istigh)