Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

adubhairt (50+)

 
ceal 1
Déan do rogha ceal di, má thogruigheann tú. Céard tá sa méid adubhairt mé leat ach cnáimh creinnte na fírinne.
 
Dheamhan 'scil' a bith a gheobhfadh fear na tíre seo, cé'n chóir a mbíonn siad indon a' seol a chinnireacht chor a' bith ar fheochan. 'Ach is namhaid an cheird gan í 'fhoghluim', mar adeir an té adubhairt é.
 
ciste
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
 
Ní miste dhuit céard adéarfas seisean, ach ná coirigh thusa ar aon-duine leis. 'Sé 'mbeadh uaidh, a dhul ar ais aríst, a's an rud adubhairt tusa a innseacht.
 
Thug mé féarach dhá cholapa dhó anuiridh, a's dheamhan saoradh ná séanadh a thiubhradh sé dom, faoi na gcíosú liom. Meastú nach h-éard adubhairt sé an uair dheire a d'iarr mé air é, go raibh binn aige fhéin ar a' sliabh chomh maith liomsa!
 
Níl agamsa ach a' méid sin a innseacht do P. Bh., a's feicfe tú fhéin air, gur gearr go dteighe an méid adubhairt sí abhaile chuige.
+
baile
An fear adubhairt é sin, liom, tá aithne agad fhéin air: is gearr ó 'bhaile é.
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr ó bhaile an bhean adubhairt liom a' méid sin.
 
bannaí 1
Mise imbannaí nach hé an deagh-rud adubhairt a' ceann céadna.
+
Is beag dhá chuid bealaighe an méid sin a rádh leatsa; ach cuirfe mé geall nach ndéanfa sé in a dheidh sin, an rud adubhairt sé.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é adubhairt C. Mh. liomsa indiu, a's dheamhan fhios agham féin, cé'n bealach é, ach a méid sin.
 
beo 1
Dar mo choinsias duit, is beo droch-mhúinte, adubhairt sé liom mo bhéal a dhúnadh, a's eirghe as an ngráiscínteacht!
+
Má's a' faireadh ar bhrabach ó t'uncail atá tú, beidh tú ar deire sílim. Dheamhan mórán adubhairt ariamh, go bhfuair siad aon-bhrabach air sin.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur deacair brabach a fhaghail ar a' méid sin adubhairt tú anois.
Shíl sé brabach a bhreith orm, a's an focal adubhairt mé 'fhastú.
 
breá
Má's é an bréagadóir breagh seo thoir adubhairt leat é, ná géill dó, dubh bán ná dubh buidhe.
+
Is beag an dochar dhuit aithmhéala a bheith ort agus an rud adubhairt tú léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mhaith do chuid aithmhéala anois. Ba bheag an luath (lúth?) dhuit leigean dom nuair adubhairt mé leat é = duine a ghortuigh duine eile le ealadhain, agus a bhí in aithmhéala faoi. (Níl aon mhaith san aithmhéala agus mé gortuighthe. Dá leigteá dhom, nuair adubhairt mé leat e, bheadh maltraid scéil ann.)
 
As áidhbhéil adubhairt sé é
 
amuigh
Deir tú leis adubhairt liom, go dtiubhradh sé go dtí lá Samhna dhom le na bhfuil amuigh orm aige a íoc.
+
anam
Fhobair gur bhain sé an t-anam asam, le cuthach, faoi gur shamhluigh mé leis gurb é adubhairt é.
TUILLEADH (1) ▼
T'anam ó'n diabhal thú, tuige nach ndearna tú maith de do gheallamhaint, a's a theacht mar adubhairt tú!
+
anáil
Bhí sé mugailt faoi'n anáil, ach pé'r bith céard adubhairt sé, bhí sé ro-neámhaidhe le na chloisteáil = bhí an chainnt a bhí sé a dheanamh faoi'n fhiacal ro-íseal, le go gcloisfeadh duine í.
TUILLEADH (2) ▼
Pé'r bith céard adubhairt sé faoi'n anáil adubhairt sé é.
Ba mhaith an scéal dó fhéin gur faoi'n anáil adubhairt sé é, mar ní fhágfaidhe mion-multhóg dhe indiaidh a chéile annsiúd dhá gcloistí é.
+
'Mara n-íoca tú m'árd-chíos liom atá amuigh a(gh)am le seacht mbliadhna, bainfe mé do cheann a's do choiméad beatha dhíot' adubhairt sé.
TUILLEADH (1) ▼
'Íoc amach m'árd-chíos liom go beo' adubhairt a' gaiscidheach 'nó bainfe mé an ceann anuas ó'n dúid díot'.
+
Is beag adubhairt sé inGaedhilge, gur athruigh sé ar a' mBéarla.
TUILLEADH (1) ▼
D'athruigh a dhath (a shnuadh) nuair adubhairt mé é sin leis = shinseáil a dhath nó a shnuadh.
+
abair
Is mór adubhairt sé ariamh go ndéanaidh Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
TUILLEADH (12) ▼
Is tú adubhairt agus ní hé Dia = dhá ndéanadh duine eascainí ar dhuine eile, nó dhá dtuaradh sé míádh, déarfadh an ceann eile é seo. Scaithtí cialluigheann sé: "Man proposes; God disposes."
An eascainí chéadna ort! Is tú adubhairt agus ní hé Dia! Go mba túisce agad fhéin é ná againne!
Dubhairt sé nach gcaithfeadh sé aon-triomach an samhradh seo. 'Sé adubhairt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bhéas sé sin
Dubhairt sí nach mbeadh duine aca san gcomhaireamh ceann bliain ó indiu: go raibh siad tolgtha fré chéile. Ach dheamhan a fhios aice. 'Sí adubhairt agus ní hé Dia
Bhí sé rádh go ndéanfadh sé scioból mór eile le h-aghaidh coirce agus fataí agus 'chaon tsórt ó thuaidh de'n teach, ach 'sé adubhairt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saoghal lena dhéanamh
Is iomdha rud is buaine ná an duine, mar adubhairt an té adubhairt é = is minic leagan mar seo dhá chur ar shean-fhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leath-fhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
Tá sí mar tá sí, agus níl sí gan locht, mar adubhairt an té adubhairt é
"Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroidhe", mar adubhairt an té adubhairt é
Tá sí liath agus tá sí caoch, mar adubhairt an té adubhairt é
Anois adubhairt tú é! Sin é a bhí a dhéanamh leis. Gan é a leigint 'san mbóithrín chor ar bith
Anois adubhairt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon-duine aca beo fadó an lá marach gur choinnigh sí deoladh leo
Abair gurb eadh! Chuir mise annsin thoir anuiridh iad, agus níor tháinic a leath (cineál fataí). Is scrios ceart iad mar adubhairt tusa
 
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
 
Nach len a aghaidh sin atá sí ann. Cé'n mhaith di a bheith in a bean leanna mara bhfuil sí indon an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneál ar stropadh go gcaithidh tú an chianóig dheireadh. Bóthar agus bata a thabhairt duit annsin. Is cóir adubhairt an té adubhairt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtiubharfaidís dom lóistín na h-oíche"
+
Anam ar bith a fhágas an saoghal seo i staid an pheacaidh marbhtha, damnuighthear é. Sin é adubhairt an Teagasc Críostuidhe ar chuma ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Damnú síorruidhe air, an dailtíneach bradach, is tú adubhairt lom-lán an chirt leis. Nach sonnda an mhaise dhó é! Dheamhan aithne air, nach duine é atá i riocht gníomh eicínt a dhéanamh!
 
danra
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
+
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
TUILLEADH (1) ▼
Maidir le na múrlocha sin atá thíos annsin aige, ní bhuachfaidh sé aon-phighinn go bráth orra. Dheamhan pighinn muis. Nach mór de'n leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneál fáluighthe. Cé'n bhrígh ach bíonn claidheachaí cho h-árd aige orra le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orra, d'eile. Dhéanfadh an draoidheadóirín siúd len a chuid aisiléaracht' é. An bhfuil a fhios agad céard adubhairt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurrach thoir aca a leasú i mbliana. "Go gcuiridh Dia an t-ádh ort" adeirimse. "Tabhair do'n deachma iad agus ná bídís annsin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orra."
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis