Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

aireach (50+)

 
Ní leigfeadh an faitíos dó féin druid a rá marach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
 
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann in a dheidh sin
 
Shílfeá go bhfuair tú freagairt. Coinnigh leis é. Má d'airigh sé blasta é (.i. baoite) tiocfaidh sé aríst
 
fág
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
 
D'airigh mé carraera ag (d)ul soir a' tráth sin, a's gan an chéad eádarshuth gluidhte (glaoidhte) ag a' gcoileach = d'airigh mé carr ualaigh (mar bheadh carr móna ann, nó carr ualaigh. 'Sé an carr a d'airigh sé, ach 'sé fear a' chairr adeirtear go minic i gcásannaí de'n tsórt seo) ag (d)ul soir (go Gaillimh) a's gan an coileach glaoidhte an chéad uair 'san oidhche.
 
cliar
D'airigh mé clochar a' teacht aníos imbéal mo chléibh aréir, a's bhuail cliar mé, a's dheamhan bréag nar shaothruigh mise an oidhche. Bhí sé 'na hóró lae, shul ó thuit mo dhá shúil ar a chéile.
 
colg
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, a's d'ionnsuigh air a' smóracht, a's a' sméaracht faoi bhun a' chlaidhe.
 
Níor airigh mé an 'bicycle' imthighthe go dtáinic mé amach, a's dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dheanamh, ach é shiubhal. Dar príosta sin é 'an marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile'.
 
Níor airigh muid an bealach dhá ghiorrú aige, le na chuid scéalta a's barramhlachta = is gearr a d'airigh muid an t-aistear, mar ba mhór a' chuideachta dhuinn é.
 
Ní dheanfadh bealadh na h-airí, aon-mhaith do'n bhall uirníse sin anois, arae tá sé caithte ó Dhia a's ó'n saoghal.
+
Ar airigh tú aon-bhealthuidheacht in a dtimcheall = ar airigh tú aon-ollamhaitheas nó aon-annlann (feoil, im etc) aca(b)?
TUILLEADH (1) ▼
Thosuigh mé a' sméarthacht sa drisiúr, gur airigh mé bealthuidheacht bheag fheola ann, a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir, a's d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
+
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo dhó mar sin, nó 'sé a d'airigh mé a' rúpáil ar fud na sráide deireannach aréir.
TUILLEADH (2) ▼
Is aisteach a' rud é an t-iasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionnad fhéin ariamh é?
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
+
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhiorruigh sé na cluasa.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé nuair a chonnaic mé an madadh a' biorrú a chluasa, gur airigh sé coinín.
 
Is mairg (dh)uit nar shín isteach leis, ó d'airigh tú an-bhuigshíneadh ann. = ba chóir dhuit deasú isteach leis, a's a bhfaightheá a ghlacadh uaidh, ó bhí an fiuntas ann faoi na chuid.
 
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic imbéal a' chuain. Nach h-iad a bhí neamh-áirdeamhail anois, nar thug faoi deara an leac, a's seoladh glan uirre.
+
buail
Ní fhaca mé do leithide de chailleach in mo shaoghal ariamh! Breagh nar tharraing tú, nuair a d'airigh tú buailte í!
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé mar bheadh bromóg nó ballach ann, a' sciolpadh leis a' mbaoite, a's chinn orm í a bhualadh in a dheidh sin.
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé, a's chuir mé [amach] gach's a raibh in mo bholg.
Cé'n chaoi ar airigh tú é (i.e. an tinneas, an donacht) do do bhualadh an chéad-uair?
+
Dheamhan a shúil a d'airigh mé ó sheas mé ar a' gcarraig. Ní raibh bualadh a' bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chaith mé ach cupla urchar iascaigh, arae níor airigh mé aon-bhualadh air.
 
buan
D'airigh mé chomh fada leis a' saoghal an geábh sin. Bealach an-bhuan é.
+
buille
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhrúnn (tuiseal gein. ar "bhrú" nó "bró")
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh sé an buille iomradha uirre isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léar dhó go raibh duine ar bith sa gcurrach ach é fhéin. Chaithfead sé nar dhuine saoghalta a bhí thiar aigeán a tóin.
 
bunán
Fhobair go ndeacha an 'motor' in mo mhullach, mar níor airigh mé chor a' bith é, 'n-áit nar shéid sé an bunán.
+
aire
Bí aireach annsin, mar is fánach an chaoi a suí(f)idhe thú = bí áirdeallach annsin, mar leagfaidhe ann thú go h-éasca.
TUILLEADH (20) ▼
Níl ann, ach réidh-chosán aistreánnach, agus níor mhór do dhuine a bheith fíor-aireach dhá shiubhal = cosán-ar-éigin é, agus é an-docamhail, agus chaithfeadh duine a bheith áirdeallach dhá siubhal nó bainfidhe leagan as.
Mara mbí tú aireach ar a' gcarracán sin, bainfear tuairt asad a mbeidh cuímhne agad uirre.
Ní raibh sé sáthach aireach, agus bhí a shliocht air: leagadh é, agus cuireadh amach a rúitín.
Tá'n giodán céadna chomh h-achrannach, agus narbh fh'lár do dhuine a bheith rí-aireach, go mbeadh sé amach as.
Tá sé chomh h-aireach a' siubhal san oidhche, le cut in aice uisce.
Bí aireach a' dul thar a' gclaidhe i nGarrdha Cháit, ar fhaitchíos go dtuitfeadh brúisc dhe ort.
Fainic nach mbeitheá aireach ar a' muing sin thiar, mar tá scrath-ghlugair in áiteachaí dhe, agus shlugfaidhe teach innte.
Mara mbí tú an-aireach is na breaclachaí sin, bascfar thú (féach "breaclach")
Bí aireach 'sna creigeannaí sin thíos, nó ní fhágfa na driseachaí aon-liobar leathair ar do chosa.
Má's leat a bheith slán, bí aireach annsin.
Sciorr sé, cheal a bheith sáthach aireach a' siubhal ar na leacrachaí.
'Sé atá aireach a' siubhal.
Ní mór dhuit a bheith aireach annsin, mar tá sé druidthe le cíocraí agus caoch phuill (féach "druidthe" agus "cíocraí")
Ní mór dhuit a bheith fíor aireach ag árdú an strapa sin, mar tá boidhléir mhóra ar forbhás ann = caithfidh tú 'bheith áirdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (féach strapa), mar tá daigéid mhóra cloch ann, agus is furasta leo sciorradh le fánadh.
Is maith aireach nach mór dhuit a bheith ar a lota sin, mar tá na giarsaí in a min le na cianta = caithfe tú 'bheith aireach go maith ar an lota sin, mar tá na saltrachaí atá dhá choinneál suas a' lobhadh le fada.
Ní f'lár dhaoib a bheith aireach sa gcoinnleach sin, faitchíos na gcoinnlíní a dhul ina gcosa.
Bí aireach sa dúirling mar tá cuid de na leacrachaí an-bhealtuighthe agus an-tsleamhain ag a' bhfeamuinn lobhtha.
'Sé atá aireach (nó oll-aireach) air fhéin = tugann sé an-aire dhó fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoi'n bhfliuchán ná faoi'n droch-aimsir; ní chuireann sé mórán stróbh air fhéin ag obair; coinnigheann sé é fhéin clúduighthe go maith, agus ní dhéanann sé rud a' bith a chuirfeadh as dá shláinte.
Tá sé chomh h-aireach sin ar fhéin; agus nach mian leis scaradh leis a' teínnteán, má tá deoir as aer.
Tá sé ro-aireach ar fhéin ar fad. Ní túisce braon imbéal na gaoithe, ná fheicfeas tú rithte isteach sa teach é