Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

aireach (50+)

 
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
 
D'airigh mé fothram eicínt ar ball, ach ní carr a bhí ann ina dhiaidh sin
 
Shílfeá go bhfuair tú freagairt. Coinnigh leis é. Má d'airigh sé blasta é (.i. baoite) tiocfaidh sé aríst
 
fág
Ara a dheartháir ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a frítheadh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur ina theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
 
D'airigh mé carraera ag dul soir an tráth sin agus gan an chéad eadarshuth gluite (glaoite) ag an gcoileach — d'airigh mé carr ualaigh (mar a bheadh carr móna ann, nó carr ualaigh. 'Sé an carr a d'airigh sé, ach 'sé fear an chairr adeirtear go minic i gcásannaí den tsórt seo) ag dul soir (go Gaillimh) agus gan an coileach glaoite an chéad uair san oíche.
 
cliar
D'airigh mé clochar ag teacht aníos i mbéal mo chléibh aréir agus bhuail cliar mé, agus dheamhan bréag nár shaothraigh mise an oíche. Bhí sé ina hóró lae shul ó thit mo dhá shúil ar a chéile.
 
colg
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, agus d'ionsaigh air ag smúracht agus ag sméarthacht faoi bhun an chlaí.
 
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
 
Níor airigh muid an bealach dhá ghiorrú aige lena chuid scéalta agus barrúlachta — is gearr a d'airigh muid an t-aistear, mar ba mhór an chuideachta dhúinn é.
+
Ar airigh tú aon bhealaíocht ina dtimpeall — ar airigh tú aon ollmhaitheas nó aon anlann (feoil, im srl.) acub?
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
+
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo dhó mar sin, nó 'sé a d'airigh mé ag rúpáil ar fud na sráide deireanach aréir.
TUILLEADH (2) ▼
Is aisteach an rud é an t-éasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionat fhéin ariamh é?
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
+
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhioraigh sé na cluasa.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé nuair a chonaic mé an madadh ag biorú a chluasa gur airigh sé coinín.
 
Is mairg dhuit nár shín isteach leis ó d'airigh tú an-bhoige shíne ann — ba chóir dhuit deasú isteach leis, agus a bhfaightheá a ghlacadh uaidh, ó bhí an fiúntas ann faoina chuid.
 
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic i mbéal an chuain. Nach iad a bhí neamhairdiúil anois nár thug faoi deara an leac agus seoladh glan uirthi.
 
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
+
buail
Ní fhaca mé do leithide de chailleach in mo shaol ariamh! Breá nár tharraing tú nuair a d'airigh tú buailte í!
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé mar a bheadh bromóg nó ballach ann ag scealpadh leis an mbaoite, agus chinn orm í a bhualadh ina dhiaidh sin.
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé agus chuir mé amach gach is a raibh in mo bholg
Cén chaoi ar airigh tú é (.i. an tinneas, an donacht) do do bhualadh an chéad uair?
+
Dheamhan a shúil a d'airigh mé ó sheas mé ar an gcarraig. Ní raibh bualadh ar bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chaith mé ach cupla urchar iascaigh, arae níor airigh mé aon bhualadh air.
 
buan
D'airigh mé chomh fada leis an saol an geábh sin. Bealach an-bhuan é
+
buille
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhronn (tuiseal ginideach ar "bhrú" nó "bró")
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh sé an buille iomramha uirthi isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léir dhó go raibh duine ar bith sa gcurach ach é fhéin. Chaithfeadh sé nár dhuine saolta a bhí thiar ag a tóin.
 
bunán
Fhóbair go ndeachaigh an motor in mo mhullach mar níor airigh mé chor ar bith é an áit nár shéid sé an bunán.
+
aire
Bí aireach ansin mar is fánach an chaoi a suífí thú — bí airdeallach ansin mar leagfaí ann thú go héasca
TUILLEADH (20) ▼
Níl ann ach réchosán aistreánach agus níor mhór do dhuine a bheith fíor-aireach dhá shiúl — cosán-ar éigean é agus é an-dócúil, agus chaithfeadh duine a bheith airdeallach dhá siúl nó bainfí leagan as
Mura mbí tú aireach ar an gcarracán sin, bainfear tuairt asat a mbeidh cuimhne agat uirthi.
Ní raibh sé sách aireach agus bhí a shliocht air: leagadh é agus cuireadh amach a rúitín.
Tá an geadán céanna chomh hachrannach agus nárbh fholáir do dhuine a bheith rí-aireach go mbeadh sé amach as.
Tá sé chomh haireach ag siúl san oíche le cat in aice uisce.
Bí aireach ag dul thar an gclaí i nGarraí Cháit ar fhaitíos go dtitfeadh brúisc dhe ort
Fainic nach mbeifeá aireach ar an moing sin thiar mar tá scraith ghlugair in áiteachaí dhe agus shlugfaí teach inti.
Mura mbí tú an-aireach sna breaclachaí sin, bascfar thú (fc. breaclach)
Bí aireach sna creigeannaí sin thíos nó ní fhágfaidh na driseachaí aon liobar leathair ar do chosa.
Más leat a bheith slán, bí aireach ansin.
Sciorr sé cheal a bheith sách aireach ag siúl ar na leacrachaí.
'Sé atá aireach ag siúl.
Ní mór dhuit a bheith aireach ansin mar tá sé druidte le cíocraí agus caochphoill (fc. druidte agus cíocra)
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
Is maith aireach nach mór dhuit a bheith ar an lota sin mar tá na giarsaí ina min le na cianta — caithfidh tú a bheith aireach go maith ar an lota sin mar tá na saltrachaí atá dhá choinneáil suas ag lobhadh le fada
Ní foláir dhaoibh a bheith aireach sa gcoinleach sin faitíos na gcoinlíní a dhul ina gcosa.
Bí aireach sa duirling mar tá cuid de na leacrachaí an-bhealtaithe agus an-tsleamhain ag an bhfeamainn lofa
Sé atá aireach (nó oll-aireach) air fhéin — tugann sé an-aire dhó fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoin bhfliuchán ná faoin drochaimsir; ní chuireann sé mórán stró air fhéin ag obair; coinníonn sé é fhéin clúdaithe go maith agus ní dhéanann sé rud ar bith a chuirfeadh as dá shláinte.
Tá sé chomh haireach sin air fhéin; agus nach mian leis scaradh leis an tinteán má tá deoir as aer.
Tá sé ró-aireach air fhéin ar fad. Ní túisce braon i mbéal na gaoithe ná a fheicfeas tú rite isteach sa teach é