Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

airigheann sé (44)

 
Madadh sáthach colgach é, má airigheann sé duine coideáin, ach a' té 'mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi a's thairis go bráth, mar nach gcuirfeadh sé aon-araoid air.
 
Pléidhfe sé siúd lib é, má airigheann sé aon-bhoigréis ionnaibh.
 
Bollaire maith é sin, 'san áit a n-airigheann sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine, mar bheadh fhios aige nach n-éistfí leis.
 
Is beag an baoghal ar siúd, an chois a chothú aige, marach go n-airigheann sé brabach eicínt in'aice = ní bheadh sé i gcomhnuidhe in a theannta, marach go bhfuil gnothachtáil eicínt aige air.
+
aice 2
Airigheann sé solamar eicínt in a n-aice, nó ní thaobhóchadh sé iad, chomh minic a's thaobhuighea(nn)s = de bhrabach orra; san áit a bhfuil siad.
TUILLEADH (2) ▼
Airigheann sé an t-airgead ina h-aice = aice, nó le fághail mar spré, ó na muinntir.
Ní airigheann sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth, nach dteagann sé
+
aire
Tiubhra sé siúd aire dhuit, má airigheann sé (má fhaghann sé) aon-bhuille bog ionnad = beidh sé in do chomhluadar, má fheiceann sé go bhfuil tú frasach ná rabairneach ná gnaoidheamhail.
TUILLEADH (1) ▼
Caithfe sé go n-airigheann sé solamar eicínt siar faoi na locháin, agus an aire atá sé 'thabhairt dóib le píosa.
+
airigh
Má airigheann sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
TUILLEADH (18) ▼
Cá n-airigheann sé an fabht?
Ní airigheann sé pian ná tinneas, agus níl sé ar foghnamh ina dheidh sin
An airigheann sé traoitheadh a' bith ag an at.
Airigheann sé lag mise, nó's beag a' ghiolcadh a bheadh aige timcheall a' tighe seo = tá fhios aige go bhfuil mise lag; marach sin, ní bheadh sé a' glaodhach, agus a' tabhairt ughdar achrainn uaidh timcheall mo thighe.
Marach go n-airigheann sé go dona sibh, ní bheadh sib ionnsuighe aige is chuile áit.
Marach go n-airigheann sé gan gus sib, ní bheadh sé a' déanamh dógha (mhaga) dhaoib, as comhair a dhá súl.
Marach go n-airigheann sé dithcéillidhe sib, b'fhada uaidh sin comhluadar a thabhairt daoib.
Airigheann sé gan a' teannadh ar mo chúl agamsa = tá fhios aige nach bhfuil aon-chongnamh agam.
Marach go n-airigheann sé ro-shásta sib, ba bheag a' baoghal air a dhul a' brughadh isteach ar u (bhur) gcuid feamuinne.
Marach go n-airigheann sé anshógh ormsa, ní bheadh baoghal in a chraiceann air, achrann a tharraingt ar mo shráid = marach go bhfuil fhios aige, go bhfuil donacht nó lagar nó éalang ormsa, is fada go dtiocfadh sé i gcleitheamhnas troid a chuir ar siubhal ar mo shráid.
Marach go n-airigheann sé cóir iad, ní thiubhradh sé an oiread aire dhóib agus 'thugann sé = tá fhios aige go bhfuil siad gnaoidheamhail, agus sin é an fáth, go dteigheann sé go dtí iad chomh minic.
Caithfe sé go n-airigheann sé ól ag imtheacht ar sliobarna ann, agus chomh taithighthe a's atá sé ann, le goirid = caithfe sé go bhfuil fhios aige, go dtugtar ól do dhaoine in aisce ann; marach sin, ní bheadh a tharraingt agus a lonnú síorruidhe san áit.
Marach go n-airigheann sé solamar eicínt in a dtimcheall, ní bheadh sé dhá dtiodhlacan is chuile áit mar 'tá sé = marach go bhfaghann sé brabach eicínt orra, ní bheadh sé ab uil iad agus a' déanamh treoruidheachta dóib is chuile áit.
Airigheann sé an t-airgead in a h-ascaill. Marach go n-airigheann dheamhan a chos a phósfadh í.
Airigheann sé poitín imbarr an bhaile ar an aimsir seo, mar níl sé 'déanamh comhnuidhe 'bith, ach ann.
Caithfe sé go n-airigheann sé ciste (i.e. ór faluighthe) ingarruidhe na h-Iothlann, mar's ann atá sé ó tháinic earrach.
Airigheann sé an capall, ó dhíol sé í.
Ní airigheann muid uainn é (as a' teach) ó imthigheann sé go dtagann sé aríst = níl aon-ghnaoi mór againn air. (Is na leagain a mbíonn "uainn", "uait" etc ionnta, cronuigh go mbíonn baint aca le teach nó a leithide, agus go dtagann uireasba gnaoi igceist)
 
Fainic a' n-árd(óchth)á leat aon-cheo dhá bhfuil annsin anois, mar beidh sé siúd le buile, má airigheann sé aon-cheo dhíob ar iarraidh.
+
Marach go n-airigheann a' fear isteach tomsacht eicínt ann (istigh sa teach) ní taobhochadh sé é (tomsacht = solamar, beaduidheacht, soláthar nó brabach eicínt fearacht óil, ná eile)
TUILLEADH (1) ▼
Mise imbannaí, nach mbrúghfa sé isteach ar chuid duine ar bith eile, ach ar a gcuid se'agaí(bh) se, mar airigheann sé go dona sib = níl sibh indon a gceart a choinneál, agus é a ruaigeadh, agus dhá bh(r)ithin sin, tá sé a' glacadh binne ar 'ur gcuid feamuinne nó eile.
 
daol
Theangmhuigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindigh le mo dhuine. Sin é an chéad uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Marach (muna mbeadh) go n-airigheann sé brabach eicínt air muis, a Thighearna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé.
 
Theastóchadh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as, ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airigheann sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an stramhasachán sin thiar ag M. T. cho dona leis 'chuile orlach
 
Má airigheann tú ag teacht in t'aghaidh é gabh amach go bhfaghaidh tú deoladh gaoithe. 'Sé do mhaith é
 
diaidh
Airigheann sé seo soir priocadh in áit eicínt. An bhfeiceann tú ag breathnú indiaidh a ghualann é.
 
Beidh an domhnuidheacht sagairt agus daoine móra ar a shochraide sin. Airigheann siad rud aige. Is beag an baoghal go dtaobhóchadh siad C. Ph. Mh. (fear bocht) dhá mbeadh sé as cionn cláir, ní ag tabhairt gutha ar a bhás é an fear croidhe. Ach cá bhfios do'n té sin. B'fhéidir do Ch. Ph. Mh. a bheith ag imeacht in a chóiste cinn cho maith leis an duine is fhearr aca shul má gheobhas sé féin bás. Agus go dtugaidh Dia dhó!
 
Ní féidir gur ag cothú achrainn atá an dreólán sin: i leabaidh a bhualadh isteach ar an straois agus luighe fiadha a chur air go ceann leath-bhliana. Airigheann sé go bhfuil na fir ar foghnamh ar fad imighthe
 
driog
Airigheann sé corr-dhriog innte fós ach is beag an bhrígh iad le h-ais an phian ghártha a bhí innte cheana. Ní fhaca mé aon-fhear ariamh ab fhearr fulaingt ná é. Scaithtí annsin bhíodh sé in a lúib le pian ach dheamhan a n-éagnuigheadh sé in a dheidh sin í. Is mór an fhoighid a bhíos ag cuid de na daoine thar a chéile
+
droim
Ag an mbaile seo aghainne a bhí buadh troda ariamh, ach shílfeá go bhfuil muid de dhruim seoil le goirid ag an gC. Dh. Ní raibh sé amhlaidh scathamh muis. Ba bheag an sceaimhínteacht deirimse leat a bheadh ag an dream sin, ag dul thar bhóthar an bhaile seo. Ach airigheann siad an líne atá suas anois ann claoidhte
TUILLEADH (1) ▼
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe
 
déag
Ó a bhéas siad ins na déaga chor ar bith (gasúir), ní airigheann na daoine ag sceinneadh amach in a bhfir iad. Ach ní mara chéile uiliog iad sin féin. Cuid aca a mbíonn an-bhiseach fútha, agus cuid eile nach ndéanann aon-bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
 
Is beag an néal air sin! Tá sé ag déanamh suas le C. seo thiar, ach ní le C. atá sé ag déanamh suas ach len a cuid airgid. Airigheann sé sparán teann aice
 
Bhí a dhóthain mhór glaodhmaireacht' aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonnaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airigheann cuid ar a chéile aca an dream atá ins na bólaí seo ro-mhacánta. Marach sin ba bheag é a gcuid glaodhmaireacht'
 
Ag dúthruach leo mar sin a bhíos an dream sin ar fad anois. Airigheann siad go bhfuil M. i Sasana. Dá mbeadh sé sin ins na bólaí seo is beag an dúthruach a bheadh ar chlann J. Chuirfeadh sé siúd dúthruach ar an ngoile aca, agus cuirfidh fós, má sheolann Dia ar ais slán é. 'Sé atá siad a thuaradh dóibh féin.