Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

artha (16)

 
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeóir sin. A leithide de bhunnán (bhuinneán) de bhean bhreá. 'Ar ndó' thiúrfadh sí léithi in a naprún é. Chuir sé artha an dul amú ceart di, chuir sin
 
fuil 1
Cuir artha an Choisceadh fola dhó = artha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
+
An bhfuil Artha na nDoigheachaí fiacal agad? Chuir M. C. dhom cheana í, agus dar fia fuair mé biseach len a linn
TUILLEADH (2) ▼
"Shuidh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhainn?). Tháinig Críost as a chionn. 'Céard tá ort a Pheadair? 'Ó 'Thiarna, m'fhiacail atá tinn'. 'Eirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beó. Coinnigh an artha seo (in) do cheann, agus ní bheidh dae (doigh) fhiacal ort aríst go deó" (sin leagan amháin ar artha na ndoigheachaí fiacal)
Is cosúil gurb sheo artha mhagúil: "Artha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá doigheachaí ort nar fhana fiacail in do cheann"
+
daigh
Ní bheadh artha na ndoigheachaí fiacla agad? Tá mé in ainriocht ag doigheachaí
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh doigheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an artha dhom, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shoin, míle moladh le Dia
+
dearmad 1
Tiubharfaidh mé artha an dearmaid in aisce duit mara leigidh tú dhom (fc. artha)
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé artha an dearmaid dom (fc. artha)
 
"Artha a chuir Úna do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, Agus má tá doigheachaí fiacla ort, nár fhanaidh fiacail in do cheann" (leagan ar artha na ndoigheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmuid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
+
dul
Chuir sé artha an dul-amú ceart duit (fc. artha)
TUILLEADH (1) ▼
Tá artha an dul-amú aige sin = duine a bheadh indon dallach dubh a chur ar dhaoine eile, a gcur dhá dtreóir, a mealladh, cluain a chur ar chailíní agus rl.
 
1
Artha an dóghadha = artha adeirtear le dóghadh a leigheas. Is iomdha leagan uirre: "Labhrás Aspal, Mícheál Árd-Aingeal, Muire agus Dia, baintear an ghangaid amach as sin" (as an dóghadh)
 
dóigh 1
D'fhéach sé 'chuile artha — dóigh agus ath-dhóigh — le cluain a chur ar an mbean ach thug T. J. uaidh í ina dheidh sin agus uiliog. Shaothruigh 'chaon duine aca go maith í — shaothruigh sin. Ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl aon-straoill de bhean ag teacht isteach ag an bpobal is mó ná í indiu, aindeoin an giodam a bhí fúithe agus í in a cailín óg
+
Níl caoi ar bith anois ab fhearr le dul di, ná a rádh go raibh T. ag cur a tuairisc. Mara dtugaidh sin ann í, níl fhios agam féin cé'n súisín é. Níl aon-artha eile indon a tabhairt ann ar aon-chor
TUILLEADH (1) ▼
Tá artha an dul-amú ceart aige sin. Marach go ndeachaidh sé di go stuama, ní chuirfeadh sé an chluain choidhchin uirre. Ba deacair í sin a bhearradh deirimse leat