Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

as (100+)

+
abair
Abruighidís leo é, ach ní fhéadfaidh siad an fhírinne a chur as a riocht
TUILLEADH (9) ▼
Mac maith atá agam ní as ucht mise dhá rádh é = tá sé go maith agus ní ag déanamh gaisce as atá mise má's mé a athair féin
Ó'n lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easbaidh punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rádh é
Mar adéarfas tú. Ní miste liomsa. Tá mise cho sásta a dhul ann le fanacht as
D'fhéadfá a rádh muis! Diabhal bréag ar bith nach mbeidh púir as a bhéal nó is cinneamhaint críochnuighthe air é
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna annsiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon-fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orra
Ní abróchainn nach hé J. Mór atá as an mbealach freisin, ach d'imigh an diabhal ar an gceann eile féin
Deirimse gurb é a bhí as bealach
Bhí sé slata ann, mar adéarfá, dá mbeadh sé uiliog as fad a chéile = cion sé slat a bhí ann
+
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin, nach dteagann pian chráidhte isteach faoi mo chaoldruim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan agus móide meabhair a bhainfeadh sé sin aiste ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
TUILLEADH (3) ▼
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
Annsin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sáitheadh é. Dhá dteigheadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrídhn a chuid aobha, agus leagha na bhFíann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaidh sé as
Is diabhlaí leigthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirrlighe. Bheadh an síneadh fada aice.
+
Chuaidh S. Bh. a bhí annseo thoir ins na céad-éagadh. Sílimse go raibh sé as cionn cláir an uair a shuidh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath agus ar tugadh deoch dó, shéaluigh sé
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
 
Chuir an gabha an t-iarann san teallach agus ba ghairid go raibh sé dubh-dhearg agus annsin cró-dhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin annsin agus, marar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
+
Tá an-fhiuchadh aige sin. Ní mór dhá fhiuchadh a bhaint as = a fhiuchadh faoi dhó
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mara ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann [tú] nach bhfuil aon-ghoir agam corraí as seo
 
Má's ag tnuthán le sean-dádach mar í sin atá sé, beidh sé as pósadh déarfainn. Ach diabhal mé go n-eireochaidh suaróigín eicínt leis as a dheireadh in a dheidh sin fhéin.
 
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhobair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
+
Beidh daighce air nó go bhfaghaidh sé daithte é; agus gheobhaidh as a dheire. B'fhearr dhuit ag gabhail de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith igcleitheamhnas a dhul ag baint aon-cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach an uair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in aoinfheacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr duit leigean de do chuid daighce anois, agus a dhul a chodladh as réidhteach, nó má eirighimse aghad (chugad) cuimhneochaidh tú air. Níl aon-oíche ins an aer nach ar an gceird chéadna a bhíos tú, mara bhfaghaidh tú cead do chomhairle féin faoi 'chuile rud. Nach gránna an chaoi de do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choidhchin.
+
Is daighceamhail an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'eireochthá as an bhfaisean sin. Chonnaic muid do mhacsamhail cheana, agus smachtuigheadh iad.
TUILLEADH (1) ▼
Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail. Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe. Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
 
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
+
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic dógh (doigh) bhuilg ar an T. agus b'éigin eirighe as an gcéilidhe agus gan é nach (ach) uair ar siubhal. Ní hé a (ar) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (doigh bhuilg = pian bhuilg)
Tá an dógh ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon-lá ó tháinic an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
+
dáil
Tá tú indáil le aisti. Cluiche eile agus beidh sí glan (scilling in imirt)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé indáil le as an mbean sin muis, marach a fheabhas agus a thapuigh sé í
+
dáimh
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fighte fuaighte le 'chuile dhuine sa tír, de réir gaol a's cleamhnais. Ní maith dhuit aon-cheo a rádh le aonduine as a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag 'chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
TUILLEADH (2) ▼
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor leig a máthair aonduine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos inGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach poilitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoi'n tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rádh nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh in a dheidh sin
+
Cad ar chad, cad as cionn cad agus cad idir dhá chad agus sliogán eistre in a mhuirtéal orra: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon-bhallaí faoi'n domhan ba daighne ná iad
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ingreamús ann sáthach daingean ar chuma ar bith le nach mbainfidh buille fánach mar sin as greim é.
Tá na Ghiúdaigh sin cho daingean anois ins an tír seo agus nach féidir a mbaint as greim.
Sin gaothtaireacht creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois cho daingean istigh ins an talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre len a chur as seilbh, má's féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh agus amuigh aca cailleadh leis an dlí
Tá cosa idteannta air annsiúd cho daingean agus nach gcuirfeadh tonna púdair — tada leis — as é
Ar chuala tú ariamh an scéal faoi'n sagart agus faoi'n mbuachaill. Tháinic an buachaill isteach agus é in a líbín. "Tá sé ag báisteach go dainghean" adeir an sagart. "Tá, agus deich míle taebh thiar de Dhaingean" adeir an buachaill, "mar tá mise th'éis a theacht as, ar mo chapall anois (Magadh focal atá ins an scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Anach Mheodhain agus paráiste an Chillín. Tá eolus ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach "Daighean" adeirtear i leabaidh "Daingean")
+
Daingneochaidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ro-dhocht ar fad anois.
TUILLEADH (5) ▼
Ná bac len a bhun. Ní annsin atá an marach chor ar bith air. Daingnigh as a bharr é
Tá an Ghaedhilge cho daingnighthe i gcuid againne, agus nach féidir í a chur asainn amach
Ní fhéadfaidís eirghe as anois. Tá an poitín daingnighthe isteach ionnta sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é asta, mara dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uiliog idtigh diabhail in aer
Ná leig don tslaghdán sin daingniú istigh ionnad, nó beidh moill ort shul a chuirfeas tú as do chrioslaí é
Tá mé cho daingnighthe istigh ins an sé pighne sin, agus nach gcuirfidh do cheann finne as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bocáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom 'chuile "thrip"
 
Badh é an dainséar is mó é a raibh mise ariamh ann. Is maith a chuaidh mé as nachar criogadh mé
 
Thosaigh sé in a ghreann ach buaileadh mise as dáiríre = ní as greann a fuair mise an buille
+
dairt
Bhí siad ag caitheamh dairteachaí ar an bportach agus is beag nar bhain siad na súile as a chéile = ar phortaigh a bhíos caitheamh dairteacha go h-iondamhail
TUILLEADH (9) ▼
Ní sheasfadh aon-duine beo thuas ann ach a dtosuigheann na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contabhairt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann.
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruadháin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine.
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Teigheadh sé dhá gcaitheamh len a chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaoghal a chaitheamh in a buil. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeochas uaithe. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon-duine atá a fhios é, ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaoidheamhla go mór a fágáil annsin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcomhnuí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat an ceann aca a thosuigheas ar an gceird sin — go bhfuil sé de bheith uirre gan eirghe as dá dtugtaí an saoghal mór di.
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuímnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuímnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fionn; Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gádrachaí de ghaineamh trágha; Ná aon anam amháin dá bhfuil in Ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go bráth" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóig mé é).
Ní raibh ins an "bpassáil" (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí má's fíor dó fhéin, i gcomórtas an "phassáil" a chuaidh ar a mhac-seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfuigheadh sé faoi'n a foraí (fabhraí) é, hébrí (pé'r bith) céard a "phassáil" an mac
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
 
Bheadh sé flaitheamhail faoi'n bhfuisce annsin, ach an uair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon-bhrabach air. Tháinic siad abhaile as ag an h-aon déag ins an oíche, agus gan siubhal an bhealaigh ionnta le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim agus gan maith ar bith in a theach féin leis"
 
dall 1
Nach thú an dall! Nach bhfeiceann tú annsin é as comhair do dhá shúl, nó céard atá ort?
+
dall 3
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfuighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as indiaidh treabhsar agus bheist = déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
TUILLEADH (1) ▼
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agad. Muise má tá dalladh gan aon-léas ort agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, mara deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
 
Níor shéid aon-oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta 'chuile phuinte, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
 
Go bhféachaidh Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéanaidh sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé cho saor sin agad: coróin agus punt. Deir siad gur thug fear as M. h-ocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céadna … fuair muis. Tugadh sé buidheachas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
 
Teagann dalladh mullóg ar na caoirigh as béal éadain ann. Ach is suarach an t-iongnadh sin. Tá sé an-fhliuch. Tá an catmara ar an gcimín dubhrabháin sin le dalladh mullóg, mara mbeidh sé an-tirm, agus sin caoi nach bhfuil an áit sin
+
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
TUILLEADH (8) ▼
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóruigh an méid atá gearrtha agad aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé cho maith dhom imeacht ag gabhail "Laddie O'Lee" ar na cnocáin le dhul ag deargadh talmhana len a n-aghaidh sin
Dar udhacht an tsiogáin (seangáin) duit níl aon-dallán ag gabhail leo. Á nach hé an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin aca nach hé an chaoi chéadna leis é
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte asta. Sin é an chosamhlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brigh na míonn agus bhainfinn an t-anam asaibh mara gcrapaidh sib lib — agus crapadh lib go beo freisin! Nach raibh a fhios agad pé'r bith céard a mhillfidís sin in do thímcheall nach leasóchaidís tada. Tá an millteanas de bheith orra. Ní millteanas go dtí é
Fásfaidh bíonglán (biongán, beangán) eile as an dollán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó indiu an té a bhéas beo, feicfidh tú gur maith cairthighthe amach ar an mballa a bhéas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
Tá dallán na sine calctha ar chuma eicínt — sin nó níl sí ag tál an bhainne. Tá an úgh lán aice ar chaoi ar bith … Nach hí an píopa agad í go mbeadh sí calctha. Diabhal aithne ort nach súghlach a theagas as sine i leabaidh bainne. Cé'n chaoi a bhféadfadh sine calcadh. Bíodh unsa céille agad — bíodh sin
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
Bhí bean as C. annsin thoir san gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirre: "go deimhin a dhuine chóir" adeir sí, "tá sé sin cho glan orm leis an sagart. Ní dheachaidh a shlat ní ba ghoire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort." Spréach an giúistís. Fhobair gur b'ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chionntaigh léithe
 
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóchainn fhéin í sin, má's mé is measa ar bith. Eirigheadh sé as a chuid scoile anois — eirigheadh sin
 
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú annsin ort in do dhall dúda le codladh
 
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroidhe. 'Ar ndú' má's peacadh é bheith buidhe nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
 
damba
Ní comhla ar bith a theastuigheas thíos annsin ach damba a dhéanamh treasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nar mhór é mar atá an lagpholl atá annsiúd thuas agamsa: stanadh a chur ann ar an gcaoi céadna. Ionntuigheann sé an brúisc uisce ar fad soir ins an lag-pholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos annsin, níl ann ach dícéille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
Má's lib imeacht cuirigidh crudh in a thosach, nó beidh sé an damhadh réag ins an oíche shul dhá mbeidh sib ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
+
Damnú síorruidhe air! Bleitheach eicínt aníos as conndae an Diabhail Bhuidhe, nach dtuigfeá aon-cheo de'n lapaireacht atá aige, ach an oiread agus a thuigfeá lochán lachan, ag rádh nach raibh Gaedhilge ar bith ag muíntir na h-áite seo! Mara bhfuil, chidh Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaedhilge atá aige-san!
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalmhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnuighthe aige ag cur cumaoin' orm agus do mo tharraint isteach i dtighthe ósta as cosa idtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilleamhaint ar an mbuachaill sin
+
dán
Tiocfaidh fear eicínt fós a chailín ó, agus fáiscfidh sé dán ort, agus eireochaidh tú as an gceird sin an uair sin, mar beidh do dhóthain ar t'aire dhá fhuireasbhaidh
TUILLEADH (6) ▼
Ní leigfidh mise de bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as 'chuile chúilín cho uain's sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choidhchin. Tá sé sáthach luath ag duine pósadh ach a mbailighidh sé na deich mbliana fichead
Ní raibh indán an farc a bhaint aisti go deo go dteagadh an fear seo len a bhaint aisti, agus nach maith a tháinic in a dheidh [sin]
Ní raibh indán é a chur amach as an teach nó go dteagadh an mac ba shine as Meiriocá
Níl indán glanta dhóib. Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosamhlacht ann. 'Chuile lá beo a dteighim amach le soipín a bhaint asta (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Níl aon-dán maitheasa di tá faitíos orm. Duine ar bith a dteangmhóchaidh an eitinn sin leis, ní féidir í a chur as a chrioslaigh
Mara bhfuil indán agus go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, teirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cé'n toradh a fuair tú
+
dána
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orra fanacht as ach mo léan géar, dheamhan lá áird aca sin ar a máthair. Dhá n-abruigheadh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh an luing ar chladach dána sean-fhairrge, agus chaith sí annsin go ceann fada sul ar féadadh a tabhairt as
+
Gheobhaidh tú luach do chuid dánacht' as a dheireadh. Má speidhearann sé siúd agad lá eicínt agus speidhearfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionnad
TUILLEADH (1) ▼
Rinneamar 'chuile mhíle nídh leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
+
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
TUILLEADH (6) ▼
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talmhana frén a chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh árduighthe as iad. Ba mhór an réidhteach ar a gcuid talmhana é. Ach ní leigfidís miaróg (méaróg) amach as aon-gharrdha ag gabhail leo, tá siad cho dan(d)ra sin. = scanruighthe, tuatach, géar, dórainneach
Mura mbeinn idteannta ceart níorbh ait liom a dhul ag brughadh air chor ar bich (bith). Tá sé an-chorr-mhéineamhail de'n tsaoghal. Dá n-éilighinnse anois a dhul insan gcasán sin aige, tá sé cho danagra sin agus go mb'fhéidir go mbadh é mo choinneál as a dhéanfadh sé. Dhion (dhein = rinne — Achréidh) sé cheana liom é annsin thiar
Nach hé a bhí dan(d)ra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garranntaí breaca annsin thuas anuiridh, agus muid ag fiadhach ann. Cé'n bhrígh ach gan tada ionnta ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí Francuighthe freisin an uair nar fhága muid d'aon-léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd