Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

caill (50+)

+
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé caillte le faitíos rómhatsa
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
 
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá ag baint earasbár dá chéile = is measa gach lá dhá dteagann ná aon-lá roimhe sin
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo b'fhearr do dhuine fanacht chois na teine, agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon-cheó ariamh de bharr breac aimsir mar seo
 
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
 
Fan istigh fhad's bhéas sé ag fearúint mur sin. Beidh tú cailltí má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
+
Sén feithideach is caillte é a chruthaigh Dia = dreóláinín dona; éagbhás; bás ar sliobarna; péisteánach nachar mhian leis scaradh le pínn ar bith airgid
TUILLEADH (1) ▼
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
 
fios
Cailleadh an laogh air, adeir tú. Bhí a fhios sin aige nuair a chuir sé ann é
 
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
 
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
Ara is beag é a dhicheall an frídeóirín bocht caillte. 'Ar ndó' ní meáchan atá sé siúd indon a thógáil. Ceó ar bith ach go dtiúrfadh sé do bhéilí chugad san ngarraí. Sin é an méid.
+
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideóige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirre sin fhéin ach nach raibh aon-deóir ola mhór againn le cur uirre. Sin é a d'fhága in ar mbambairne muid
TUILLEADH (1) ▼
Fág san diabhal annsin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suímínteacht leis an bpionnta sin annsin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige. Bheitheá caillte ag fanacht leis
+
féar
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
TUILLEADH (1) ▼
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirm duit fhéin i gcomhnaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bhéas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agad. Tá píopaí in a n-ór anois
 
An bhfaca tú aonduine cho mór-fhoclach léithe ó a rugadh thú? "Cailleadh sé bhudóig bhreá ar Sheán anuiridh le ceathrú ghorm". Cén uair a bhí sé bhudóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó indáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
Dheamhan de chailleadh orm, slán a' caidéiseach. Sa meadh chéadna i gcomhnuidhe
 
Sé'n ciseadóir is fhearr sa tír anois é, ó cailleadh T. Ch. ach is beag an ghoir a bhí aige ar sin a' deanamh ciseáin.
 
Th'éis a' méid sin, ghlan leis as New York, a's chuaidh sé amach i gceann eicínt de na státaí coimhightheacha atá in iargcúil Mheriocá, a's níor fritheadh scéal ná scuan uaidh tí (ní) ba mhó. 'Chuile sheans gur cailleadh ann amuigh é.
 
Tá sí cruadh coinneálach caillte = idteannta a bheith cruadh coinneálach di, bíonn an béal bocht uirre, a's is minic í a' clamhsán faoi'n a dhonacht a's atá an saoghal a's a slighe féin.
 
Ní thagann sé chomh coitchiannta, tigh Mh. Bh. a's a thagadh, ó cailleadh an mháthair.
 
Tá sé corradh ar (corra?) fiche bliadhain caillte = tá sé tuille a's fiche bliadhain caillte; barr ar fiche bliadhain; fiche bliadhain a's bliadhanta corra
+
Caillte ar a' mbóthar a gheobhthar é, oidhche eicínt. Ní hé 'mhalrait de chosamhlacht atá air, a's chomh dúlaidhe a's atá sé ins an ól.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise, má tá sé folláin, go bhfuil sé fhéin a's a chosamhlacht in aghaidh a chéile. Dheamhan a' bhfaca tú ariamh aon-duine is caillte snuadh ná é.
 
Bhuail a' codladh céadtach mé, a's dhá mbeadh mo chailleadh go deo leis, chinnfeadh sé orm fanacht in mo dhúiseacht.
 
baile
Bhí mé 'mo bhambairne; ó chaill mé mo chuid airgid. Bhuail ocras mé, ach ní rabh fhios agham, cá dtiubhrainn m'aghaidh. 'Fear gan airgead i mbaile mór, is olc a' lón dó goile géar' — is olc sin'.
+
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
TUILLEADH (1) ▼
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (i.e. le dochtúr a dheanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é 'chaitheamh sa bhfairrge ná é 'chailleadh leis, mar amudha a chuaidh 'chuile phighinn dhi.
 
beart
Cailleadh bean bhocht inGaillimh an lá faoi dheire, a's d'fhága sí ionann's míle punt 'na diaidh. Meastú cé'n chaoi ar chruinnigh sí é, ach ag iarratas ar dhaoine, 'léar (de réir) mar gheobhadh sí leithphighinn a's pighinn uatha(b). Shílfeá gur fada go ndéanfadh leithphighinneachaí a's pighneachaí míle punt ach 'tomsuigheann brobh beart' in a dheidh sin.
+
crinn
Déarfainn má thagann cruadhtan mór a' bith an geimhreadh seo, go dtiubharfa sé cnáimh le crinneadh dhuit é 'shárú. Tá leath-chailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorrócha an fuacht seo leat (as greann).
TUILLEADH (1) ▼
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
 
Bím plúchtaí ar fad, amanntaí, nuair a bhuailea(nn)s an racht mé, a's tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, a's bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh a' bith a bhío(nn)s aríst orm, nuair a fhaghaim réidh an achair.
 
Tuige ar fhan tú amuigh do do chailleadh fhéin faoi'n gcramhar caca sin, a's neart breithe agad ar a' rud sin a dhéanamh lá eicínt eile.
 
Ní sa gcainnt a chaill sé sin é ar chuma ar bith. Tá'n oiread cainnte aige, a's a chuirfeadh dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile.
 
Tá rud eicínt thríd an arán seo, maran thríd a' bplúr a bhí siad. Is geall le cuilíní coirce iad ach go bhfuil siad dorcha. Ag iarraidh na daoine a chailleadh leis a' bplúr sin atá siad?
+
D'fhan sé sin beo th'éis an áil ar fad a chailleadh. Bhí sé cuisneach thar a' gcuid eile.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail a' tinneas céadna ar cailleadh an chuid eile leis, an coileaichín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sáthach cuisneach le na chuir (chur) dhó.
+
beo 1
Má's leat breith beo air, níl noiméad moille le deanamh agad. Tá sé ar a chailleadh ó mhaidin indiu.
TUILLEADH (3) ▼
Má chailltear tú aon-uair amháin, leágha na bhFíonn ní dhéanfadh beo aríst thú.
Rugadh a' páiste, beo, beithidheach, ach níor mhair sé ach cupla uair. Cailleadh a' mháthair ar a' bpuínnte.
Bhí chuile phighinn beo dhá raibh aige tugtha uaidh aige. Cailleadh é, a's gan luach a bhéilí aige.
 
biorach 2
Is ait na cártaí atá mé 'chailleadh le biorachaí fánacha.
 
bocht 1
Chreidim gur cailleadh Neidín bocht.
 
bocht 2
Tá an náire caillte aige, a's ó theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain ('un dreabhláis atá i gceist annseo).
 
Ní féidir nach ndearna sé ach a' méid sin brabach, a's ar chaill sé fhéin leo(b) ó cheannuigh sé iad (gamhna)
 
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Annsin shín sí siar ó chluais go rioball a's cailleadh í. Badh é an feall é, arae ba bhreagh, feiceálach a' bhó í, a's an-bhó bhainne.
 
Fainic a' bhfuil figheadóir a' bith 'sna bólaí sin anois ó cailleadh L. G. = sílim nach bhfuil figheadóir a' bith 'sa gceanntar sin anois, ó cailleadh L. G.