Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cailleadh (75)

+
abair
Deir tú leis an gcúin a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhi é sin a rádh, lá agus gur leig sí 'un báis le amhgar í
TUILLEADH (1) ▼
Is caillte an aimsir í, deirimse leat
 
daba
Má tá sé indon an daba sin (feoil) a choinneál leis féin i gcomhnaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon-bhuille maitheasa agus fuigheall na bhfuigheall aige mar atá sé
 
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
 
Sin gaothtaireacht creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois cho daingean istigh ins an talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre len a chur as seilbh, má's féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh agus amuigh aca cailleadh leis an dlí
 
Dhá dtugthá saidhbhreas Sheoirse dhom, ní dhéanfainn mo bhealach anois ó'n mbóthar go dtí an teach, mara mbeinn ag sméaracht le claidhe. Níl cailleadh ar bith ins an ló orm, ach is dallarán mé de shiubhal oíche
 
danra
Bhí an saoghal sáthach dan(d)ra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirre agus gan aice ach na cupla garrdha sin len a dtógáil. Shaothruigh sí an saoghal go maith an créatúr, ach tá na scurachaí anois ionchongantach agus diabhal a n-aireochaidh sí é feasta
 
Is beag duine a chonnaic mé cho daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéanaidh Dia grásta uirre. Chuaigh mé síos gur chuir mé in a shuí é go bhfaghainn braon fuisce len a leagan amach. Ní raibh cúntanás ar bith ann dhá bhfaca tú in aonduine ariamh, mara faoin a chur in a shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shoin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bhéas mé ar an saol
+
Cailleadh triúr orm i mbéal a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é ach caithfidh an deachma (an dul amú freisin) a chuid féin a fháil = cailleadh triúr páistí air, ach ní fhéadfaidís ar fad a bheith saoghlach. Caithfidh duine eicínt imeacht
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfeiceann tú an péire breagh muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain indiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buidheachas le Dia bhí siad ag eirghe linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saoghal a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcomhnuí
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
+
déan 1
An té a ghnío(nn)s uabhar is dual dó cailleadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-chaora ag gabhail linn nach ndearna cnuimhe anuiridh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na h-anachain é
 
Déanta na fírinne ní dhíolfaidh mé iad go sásuighidh mé mé fhéin go maith. Tá an iomarca caillte agam leo, len a leigean uaim ar bheagán
 
Dheamhan cailleadh ar bith a bhí ar an tseachtain seo. Deá sheachtain a bhí innte
+
É a chailleadh chois an chlaidhe: ní bheidh de dheireadh aige ach é. Tá Dia in a fhabhar nachar cailleadh cheana é
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleághadh eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráidhte gurb é an teach nua a rinne é. D'athruigh siad amach aríst i sean-scioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon-duine aca ó shoin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóiridh Dia orainn, ar scáth beirt
Bhí an laogh suas le uair idir chnámha agus é cínnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daor-bhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht annsin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luighe agus eirghe. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
Sílim go n-athruigheann sé lóistín 'chuile sheachtain mórán. An lóistín faoi dheireadh a raibh sé, is beag nachar cailleadh ann é leis an ocras
 
deis
Is caillte an deis atá mar sin air ag imeacht ar thrí cosa. B'fhéidir dhá mbeireadh sib air agus breathnú ar an gcrúib go mbeadh a fhios agaibh céard atá ag goilleamhaint air
 
Ní fheicfeá deoruidhe ar an mbóthar sin de shiubhal oíche. Is beag an bualadh atá chor ar bith air. Tháinig mé cheana ó Gh. go S. Fh. taca an naoi a chlog ins an oíche, agus níor casadh an deoruidhe dhom ar an bhfad sin. Is caillte an bóthar é
 
Is diachta dhó a dhul ag coireamhaint uirre siúd agus gurb í an cleite is fearr in a sciathán í. Marach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus len a theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon-chuimne ar an arán a h-ithtear arsa tusa
 
diaidh
Cailleadh óg í agus áilín ar aon-chéill in a diaidh
 
díle 1
Tá sé sin caillte ó'n Díle. 'Sé mo ghéar-chuimhne-sa P. a dhearbhráthair a fheiceál beo agus sílim go raibh seisean básuighthe le fada na mblianta roimhe.
+
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
TUILLEADH (1) ▼
Tá an díleághadh ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreagh air. Bhí bó bhainne tachttha ins an gcró roimhe, maidin. Ní fhanann laogh ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéadna orra. Thug sé leath-cholapa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr-garbh oíche roimh an aonach anuiridh, len a cur siar lá'r na bháireach. Dheamhan pighinn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfuigheadh sé uirre. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte ins an iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claidhe na h-iothlann agus thuit brúisc uirre féin dó (de). Thug sé fear cnámh aice, agus dheasuigh sé í, ach ní raibh aon-bhiseach ag teacht uirre in a dheidh sin. Mharbhuigh sé ins an deire í
 
Tá an t-uainín sin in a dílleachtín. Rugadh ar an sneachta mór é, agus tugadh isteach é agus cuireadh le teine é. Ní thiubharfá deich triuf air agus diabhal mé gur shrian sé as in a dheidh sin agus gur bé atá cruadhchúiseach anois. Ach cailleadh an mháthair.
 
Cailleadh a chuid beitheach ar fad díobháil breathnú in a ndiaidh
+
dioc
Chuaidh sé suas ar ball agus máilín aniar faoin a bhrághaid agus gioc air. Gheobhthar caillte chois an chlaidhe thuas ins an ngarrdha sin thuas é lá eicínt. Ní mian leis gan a bheith ag mianadóireacht leis ann, in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Má chaitheann sé coicís eile faoi'n ropadh gaoithe adtuaidh údaidh is caillte an ghioc a bhéas air. Is caillte an ghioc atá cheana air, arsa tusa scáth seachtaine. Má sheasann an bóthar go dtí na P. Th., anuas ar na maidí a thiocfas sé go siúráilte. Is fuar an dithreabhach é ag déanamh bóthair
 
Tá sé caillte le díocas go dteighidh sé ag spealadóireacht, ach dar príosta níl aon-ghaisce ar an spealadóireacht muis. Is obair chruadh go leor í
+
Tá an dialúnach de laogh sin thoir indáil le caillte. Mara ndéanaidh sib teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé in a ghuróir thoir annsin i lúibinn an chlaidhe, agus 'chuile dheoir de'n bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoi'n gclaidhe eile ar fascadh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí uainín meirbh annseo againn an bhliain cheana — dialúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a' (ar) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chluig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta sceinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-réithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith marach gur báthadh é i gcaochpholl annsin thuas ar an easca anuiridh
 
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sáthach diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhuigh sí iad ó cailleadh an inghean. Dubhairt sí gur fhága siad annsin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
 
dlúth 2
Go dlúth in a dhiaidh sin cailleadh é = fuair sé bás gan mórán achair in a dheidh sin
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos ins an aspuicil. Go bhfóiridh Dia orainn is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtiubharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céadna lá'r na bháireach. 'Sé a mh'anam scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoghail. Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orainn is mór an díol-truaighe duine ar bith atá fágtha istigh annsiúd
 
Is doicheallach an stiúir a bheadh uirre siúd ins an leabaidh maidin sheaca. Nach hí an séacla caillte í. Ní phósfainn í go díreach glan nó go bpósainn an bhornóg mhór sin thiar ag P., agus is fada a bheinn ag cuimhniú air sin
+
dóigh 1
Tá sí caillte le cás agus náire faoi'n deis atá ar an athair ag imeacht — in a dhóigh mhagaidh ag an tír. Deir tú leis a tháinic abhaile as G. an oíche faoi dheireadh agus cóiste cínn faoi, agus é ag rádh le 'chuile dhuine dhá raibh ag castáil leis go raibh inghean Lord C. len a phósadh, ach nach bpósfadh sé í mara dtugadh a h-athair an teach mór di. Sin é an "óinseach" agad
TUILLEADH (1) ▼
Ní abróchadh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rádh uiliog, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theangaidh féin — ná cailleadh ar bith
 
dóigh 2
Tá sé cho dóigh dó a bheith caillte len a bheith beo. Níor tháinic scéal ná scuan uaidh leis an tsíorruidheacht
 
Má sheasann an sneachta seo cupla lá eile, nó an biadhú seo féin, ní bheidh éan 'sa gcomhaireamh ceann. Tá sé dhá gcriogadh dóláimh. Tháinic cheithre cinn de dhruideachaí isteach ar an urlár indiu, agus ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a cailleadh iad
 
domhan
Cailleadh é in áit eicínt 'san domhan
 
domlas
Bhí capall agamsa annseo uair: ceannfhinn a bhí uirre. Cailleadh í leis an domblas mór. B'fhada a [bhí] sí idir-chamánaí agus gan fios ar theacht nó imeacht di. Ach níor dhubhairt an luighe fada bréag ariamh. D'imigh sí ins an deireadh
 
donas 1
Ní raibh sé ach cheithre lá pósta nuair a cailleadh a mháthair, agus b'éigin dó a theacht abhaile aríst. Is cóir adeir siad nach raibh an sonas ariamh gan an donas a bheith in a orlaí thríd. Is amhlaidh a bhí sé ariamh san saol
 
dorú
Cailleadh an dorugha agus an dubháin ort! (fc. caill, cailleadh)
 
drad
Níl cúl-fhiacail ag gábhail le mo dhrad uachtair, agus tá dhá chlárfhiacail caillte agam 'san drad íochtair
 
Is cuma dhó céard a dhéanfas a shaoghal anois, agus cho dramhsach caillte agus atá sé. Má tá airgead aige, baineadh siar as é, dhá shaothrú
 
draoi
Cheannuigh sé an draoi beithidheach anuiridh agus gan aon-áit aige len a dtógáil, ach thiar ins na diomallachaí achrannacha sin thiar nó gur bascadh agus gur cailleadh iad. Cé'n ghna atá ag duine a dhul ag bualadh faoi stoc, mara bhfuil deis a dtógál' aige.
 
dreach
Is caillte an dreach atá ar Ch. siúd: an-chaillte go deo. Meastú an bhfuil sé siúd as a shláinte. Tá an bheirt eile ar chaoi ar bith
+
dream
Céard a bheadh dream beag caillte mar sin acmhuinneach ar a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Dream caillte uiliog atá annseo anois. Ná samhluigh ceol ná damhsa leo
 
Ní dreoighteacht féin atá air, ach tá sé in a chreathnach. Tá a fhios agadsa é a T. Bhí tú ag gearradh na gcriosannaí ar na dornáin indiu. An bhfuil a fhios agad céard adubhairt fear an "Thrasher" faoi nuair a bhí sé buailte aige. Níorbh fhiú dhuit cailleadh leis len a bhualadh, adeir sé
 
dris
Diabhal cailleadh ar bith ar an bhfear ach maidir léithe féin dris fhireann í. Ní bhainfeadh Éire bheag ná Éire mhór aon-cheart di … Tá sí spleádhach go leor mar sin ag dul an bóthar, ach féach léithe é go bhfeicidh tú. Sin é an uair a gheobhas tú le léigheamh é.
 
Cheannuigh mé péire banbh annseo anuiridh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breagha. Ach an uair a bhí siad tóigthe ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor eirigh aon-mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. An uair nach n-eirigheann siad leat bhí sé cho maith ag duine leigean asta ar fad. Is mór an carghaos péire breagh muc a fheiceál ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógál (dtógáil)
+
droim
Bhí an-chaitheamh in diaidh an bhaile aige go dtí an lá a ndeachaidh sé idtalamh. Chuaidh mise ag breathnú air seachtain shul a fuair sé bás. Ní raibh de leath-rann aige ach an baile. "Is caillte an rud do shúile a dhúnadh i dtír bhradach na deataighe seo" adeireadh sé. "Níor bhás liom mo bhás, dhá bhfaghainn leithead mo dhroma de thalamh glas na h-Éireann". Ní bhfuair, an duine bocht
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a mhuirnín nach bhfuil siad againn, ní ag ceasacht ar Dhia é, le bearradh droma, ná bearradh bradach ná aon-bhearradh eile a thabhairt orra. Cailleadh dhá uascán bhreagha orainn anuiridh le cnuimhe, agus trí cinn an bhliain roimhe sin, agus dubhairt muid linn féin annsin ó thárla nach raibh siad ag eirghe linn nachar bhfiú duinn a bheith dhá (dhár) meath féin leo, agus leig muid uainn ar fad iad
Sin braoim ar chuma ar bith a deirigh de dhruim caca. Marach gurb eadh ní fhéadfadh sé a bheith cho bréan agus atá sé. Tá tú tolgtha a dhiabhail, nó d'ith tú rud caillte eicínt. Níl a fhios agam nach ndeachaidh tú ag comórtas le na madraí faoi shean-chapall an tincéara a cailleadh annsin thíos arú (arbhú) indé. Oscluighidh a bhfuil de dhoirse ar an teach nó bréanfaidh sé muid
+
Tá an fíonnach druimneach (dromannach) ar fad sceithte aige anois, agus gan tada caillte aige faoi'n mbolg ná ins na taobhannaí. (asal)
TUILLEADH (1) ▼
Tá an galra cleiteach ar an gcirc sin. An bhfeiceann tú na cleiteadhachaí druimneach uiliog caillte aice. Mise imbannaí go gcaithfeadh sé a theacht uirre
+
druid 1
Is diabhlaí an tsíorraidheacht atá 'sa druid féin, nuair nach bhfuil sí caillte fós. 'Sí an saighdiúr is fhearr uiliog aca í (de na h-éanachaí). Cheithre lá atá sí indon maireachtáil 'sa sneachta, adeir siad. M'anam go bhfuil sí tugtha go maith indiu muis. Ach mar sin féin, ar an dá luath agus a bhfuighidh sí fáfall ar bith, beidh sí ag tiomsacht aríst
TUILLEADH (2) ▼
Níl éan ar bith inchinnte ar an druideach in a dheidh sin. Tá na lonta agus na sucáin caillte, ach tá an druid indon é a bharraidheacht. Má bhaineann sé lá eile as an sneachta féachfaidh sé í freisin. Níl an oiread tapa innte indiu agus a bhí indé
Chuala mé ariamh é nach hé lá an tsneachta a chailltear an druid, ach tá siad caillte ina srathradhachaí amach annsin indiu
 
druid 2
Tá sé siúd druidthe le airgead, agus go deimhin má atá fhéin, ní hé an fear is fhearr faoi é ach oiread. Bíonn sé caillte críochnuighthe má bhíonn air scaradh le scilling
 
dual 1
"An té a ghníos uabhar is dual dó cailleadh" (sean-fhocal) = is nádúrach is aicionta dó; "ní chaithtear an t-uabhar gan scanail an bhuadhartha"
 
'Ar ndú 'ba mhó ba gheall le lá dubhgheimhridh an lá inniu ná le lá samhraidh. Dar fia is caillte an aimsir í an tráth seo bhliain
 
Dhá n-ársuigheadh an lá suas as an dubhachan seo, b'fhéidir go mbeadh sé ionrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon-ghothadh maith air chor ar bith. Míle buidheachas le Dia nach caillte an uair í!
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
 
Bháith sé a dhúithche ag imirt chártaí. Nuair a bhí 'chuile shórt eile caillte aige chuir sé an dúithche = chuir sé a dhúithche ingeall, nó i bhfiacha nó i "mortgage"
+
dúil
Tá sé caillte le dúil ins an tae.
TUILLEADH (2) ▼
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort. É siúd éiseallach. Dhá dteagadh bean an tincéara bhuidhe sin a bhí thart an lá cheana agus breac caillte a ghléas dó, d'íosfadh sé é cho súighte agus dá mbeadh sé ar fóghnamh. Ní bhainfeá a dhúil siúd as an iasc gan ruainne beag de nimh na luchan a chur air. Dhá dteagadh sé uaidh an uair sin, b'fhéidir go gcuirfeadh sin cúl beag air
Dúil gan fághail muis dúil ins na "cigarettes", annseo. Dhá mbeadh cruadhóg ola ort dhá bhfuireasbhaidh, dheamhan tiomanta ceann a gheobhthá, na cuid de cheann. Is minic a bhí mo theanga amuigh ag imeacht ag forcabhás annsin thiar ins an mbaile caillte sin, agus gan tada agam ar a shon
 
duine
Tá na daoine caillte ag an bplúr céadna
 
Le neart dúnáruis nach n-innseochadh sé gur cailleadh an capall air. Shílfeá nar shamhaoine ar bith dhó a dhul ag ceilt rud mar sin. Is cuimhneach liom cheana an uair a bhí na "staggers" ar mhuca an bhaile go bhfuair mé caidéis eicínt dá chuid-seisean. "Níl cailleadh ar bith orra" adeir sé. An lá roimhe sin agus mé ag rómhar fataí ingarrdha M. L. a chonnaic mé é ag tabhairt siar ceann aca, agus dhá cur inGarrdha an Tighe. Ní raibh mé ach ag baint as go bhfeicfinn céard adéarfadh sé. Ach mo léan géar muise, siúd é nach leigfeadh tada leat. Ní mórán a fhéadfar a chású leis
 
Tá dubhradán de ghamhain annsin thuas aige — gamhain breac — agus níor tháinig ionga ná orlach le bliain air. 'Ar ndú, is beag an dochar dhó scáth a bhfaghann sé len ithe. Tá sé cuibhrighthe ins an ngarrdha siúd le ráithe aige agus é crínnte (creinnte) go dtí an grinneal fadó aige. 'Sé is fearr ar bith nach bhfuil caillte fadó
 
Ba bheag an aois a bhí chor ar bith aige. Má bhí sé ag dul 'un dá scór ba é a chloch neart é. Cailleadh óg go leor é an duine bocht. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé: níl a fhios cé's túisce craiceann na sean-chaorach ar an bhfraigh na craiceann na caorach óige