Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

crinneadh (30)

+
crinn
Is beag an dochar dá chuid beitheadhach gan bior-eanga a bheith thuas ar a' gcraiceann, ag iarraidh [bheith] a' crinneadh na mbreaclach sin, a's gan solamar ná súighteán orra(b).
TUILLEADH (23) ▼
Ar an - - a crinneadh a cnámha = bó a goideadh a's a h-itheadh in áit áithrid roimhe seo.
Tá sé mar bheadh madadh ann anois a' crinneadh cnáimh, slán a' tsamhail ag a' madadh é!
Caithigidh anuas na cnámha a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir chuige, a's má tá aon-sciolltar orra(b), tugaigidh cead dó iad a chrinneadh. Má tá is sciolltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasbha.
Tá sé a' cnádadh a's a' crinneadh cois' a' phíopa, nó go bhfuil sí ionann's caithte isteach go cloigeann aige anois.
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
Deirimse leat gur thug sé cnámh le crinneadh do Sh. Mh. a bheith réidh in am. A's ní bheadh marach a bhfuair sé de chongnamh.
Dar príosta tá cnáimh le crinneadh aghad a's an baile a dhéanamh ó ló.
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, a's é 'scothadh ar a 'mbicycle', dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfad sé é? Is dual dó a bheith cruadh fíreamhail.
Gheobha sí cnáimh le crinneadh 'passáil', a's a laghad áirde a's a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinic a' bhliadhain.
Dar mo choinsias má chuireann sé mórán araoide ar Sheán, gheobha sé cnáimh le crinneadh uaidh.
Déarfainn má thagann cruadhtan mór a' bith an geimhreadh seo, go dtiubharfa sé cnáimh le crinneadh dhuit é 'shárú. Tá leath-chailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorrócha an fuacht seo leat (as greann).
Mise a bhí casadh (na mbord) a's eisean a' cur isteach na claise, a's dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneál leis.
Má tá indán's go racha sé a' dréim le S. gheobha sé cnáimh le crinneadh uaidh, feicfe tú fhéin air.
Mara bhfuair sé cnáimh le crinneadh indiu ó'n gcarracháinín beag, ní bhfaighe sé aríst go bráth é.
Dar mo leabhar gheobha sé cnámh le crinneadh a dhul isteach 'san 'election' seo.
Tá na báid a' crinneadh a chéile = tá siad a' coimhlinnt a's [gan] tosach ag ceachtar acu ar an gceann eile; iad a bheith bonn-ar-aon 'sna geallta.
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
Is fada a chaith an dá bhád a' crinneadh a chéile, ach scoth bád Chonamara an ceann eile 'na dheidh sin. Dheamhan fhios agham a scothfadh muise, marach gur thug siad fairrge de'n bhalasta, nuair a thosuigh sé a' teacht gann ar a' ngaoith.
Bhí an dá phúcán tosuigh a' crinneadh a chéile, chomh uain's mhair flaim a' bith as aer, ach nuair a chuaidh sé ar lagar críochnuighthe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon-gheallta ó tháinic cuimne dhom, a chinnfeadh orra(b).
Marach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin a's currachthóirí na T. B. a' crinneadh a chéile, dheamhan fhios agam, cé'n chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhá'r mbuille muid.
Dhá mbeadh indán's go bhfáisceadh sibse, tuille seoil ar a' mbád se'agaibh fhéin, a's an dá bhád a' crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
Tá'n bheirt a' crinneadh a chéile leis an gcloich-phuis.
Is fada a chaith an dá chapall a' crinneadh a chéile, ach rug an capall donn a' geall sa deire.
 
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúig Uladh fós. Tá cuasnóig aca annsin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar Debhelera iad a scagadh amach as choichín. M'anam go dtiúrfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.
 
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
 
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu, go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. "Caithfidh 'chuile cheann tí san bpobal deich bpunt a chur ann", adeir sé. "Agus tiúrfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoib"
 
diabhal 1
De'n diabhal mé nach bhfuil a fhios agam muis. Dhá dteigheadh an bheirt le chéile thiúrfadh J. cnáimh le crinneadh dhó
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomallú ar bith air. An-áirdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
Tá sé sa dualgas aige a bheith ar an gceird sin (is dual dó). Ní fhaca mé a athair riamh nach ag crinneadh rud eicínt idir a fhiacla a bheadh sé i gcomhnaí