Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

crinneadh (46)

+
crinn
Is beag an dochar dá chuid beathach gan bior eanga a bheith thuas ar an gcraiceann, ag iarraidh bheith ag crinneadh na mbreaclach sin agus gan solamar ná súiteán orthub.
TUILLEADH (28) ▼
Ar an — - a crinneadh a cnámha — bó a goideadh agus a hitheadh in áit áirid roimhe seo.
Tá sé mar a bheadh madadh ann anois ag crinneadh cnáimh, slán an tsamhail ag an madadh é!
Caithigí anuas na cnámha a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir chuige, agus má tá aon scioltar orthub, tugaigí cead dó iad a chrinneadh. Má tá is scioltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasa.
Tá sé ag cnádadh agus ag crinneadh cois an phíopa nó go bhfuil sí ionann is caite isteach go cloigeann aige anois.
Is gránna an faisean atá agat ag crinneadh tráithníní.
Foighid ort a mhic ó. Dar mo choinsias tabharfaidh sé siúd cnáimh le crinneadh dhuit. Feiceamuist faigh an ceann is fhearr air! — tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhuit an ceann is fhearr a fháil air lena fhéachaint ag troid, ag coraíocht, ag gabháil fhoinn nó pé ar bith rud a bheadh i gceist.
Dar brí an leabhair, thug sé cnámh le crinneadh dhom é a iompar chor ar bith as a dheireadh, théis go sílfeá gur suarach an maingín é. Seacht scíth ab éigean dom a ligean leis ó bhéal an bhóthair go dtí seo. Is trom cearc i bhfad, adeir siad.
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
Deirimse leat gur thug sé cnámh le crinneadh do Sh. Mh. a bheith réidh in am. Agus ní bheadh murach a bhfuair sé de chúnamh.
Dar príosta, tá cnáimh le crinneadh agat agus an baile a dhéanamh ó ló.
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, agus é a scoitheadh ar an mbicycle, dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfadh sé é? Is dual dó a bheith crua fíriúil.
Gheobhaidh sí cnáimh le crinneadh passáil agus a laghad airde agus a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinig an bhliain.
Dar mo choinsias, má chuireann sé mórán araoide ar Sheán gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh.
Déarfainn má thagann cruatan mór ar bith an geimhreadh seo go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a shárú. Tá leathchailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorróidh an fuacht seo leat (as greann)
Mise a bhí casadh (na mbord) agus eisean ag cur isteach na claise, agus dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneáil leis.
Má tá i ndán is go rachaidh sé ag dréim le S., gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh, feicfidh tú fhéin air.
Mura bhfuair sé cnáimh le crinneadh inniu ón gcarracháinín beag, ní bhfaighidh sé aríst go brách é.
Dar mo leabhar gheobhaidh sé cnámh le crinneadh a dhul isteach san election seo.
Tá na báid ag crinneadh a chéile — tá siad ag coimhlint agus gan tosach ag ceachtar acu ar an gceann eile; iad a bheith bonn ar aon sna geallta.
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
Is fada a chaith an dá bhád ag crinneadh a chéile, ach scoith bád Chonamara an ceann eile ina dhiaidh sin. Dheamhan a fhios agam a scoithfeadh muise, murach gur thug siad farraige don bhalasta nuair a thosaigh sé ag teacht gann ar an ngaoith.
Bhí an dá phúcán tosaigh ag crinneadh a chéile chomhuain is a mhair fleaim ar bith as aer, ach nuair a chuaigh sé ar lagar críochnaithe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon gheallta ó tháinig cuimhne dhom a chinnfeadh orthub.
Is olc a chruthaigh sibhse nuair a bhí sibh fhéin agus bád R. ag crinneadh a chéile ar an mbord amach nár shnámh sibh amach os a gcionn agus iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaí.
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
Murach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin agus curachóirí na T. B. ag crinneadh a chéile, dheamhan a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhár mbuille muid.
Dhá mbeadh i ndán is go bhfáisceadh sibhse tuilleadh seoil ar an mbád s'agaibh fhéin, agus an dá bhád ag crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
Tá an bheirt ag crinneadh a chéile leis an gcloich phuis.
Is fada a chaith an dá chapall ag crinneadh a chéile ach rug an capall donn an geall sa deireadh.
 
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúige Uladh fós. Tá cuasnóig acu ansin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar de Valera iad a scagadh amach as choíchin. M'anam go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.
 
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
 
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. 'Caithfidh chuile cheann tí sa bpobal deich bpunt a chur ann,' adeir sé. 'Agus tabharfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoibh'
 
dealg
Ó tá an dealg sáite acu inti anois, níl aon rún acu an Gearmánach a ligean uathu gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcat aríst, ní bheidh aon smeámh ann. Is mór an feall muis. Murach a raibh ina aghaidh thabharfadh sé siúd cnáimh le crinneadh dóibh. D'fhága sé cnead iontu mar a bhí sé
 
deis
An fhad is a bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis, bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le crinneadh don scarthóir, ach chomh luath agus a d'athraigh siad, agus a mb'éigean dom tosaí in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcamhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise — ag baint an bhinse i riocht is go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lú umhlachta)
 
diabhal 1
Den diabhal mé nach bhfuil a fhios agam muis. Dhá dtéadh an bheirt le chéile thabharfadh J. cnáimh le crinneadh dhó
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
donán
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cat a bheas ag crinneadh a chnámha ar aon chor — éinín beag
 
droim
Bhí M. Ó M. i mbád oíche. Oíche mhór a bhí inti agus fuair sé cnáimh le crinneadh na haobha a thabhairt leis. Deir an dream a chonaic é go raibh sé liath de dhroim na hoíche sin. Ar aon chor, is lena linn a tharlaigh sé. Tá sé chomh liath le broc le na cianta
 
Meas tú nach é reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chur orm, ach ní cheannóinn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé chomh righin sin. Tá agus sceite ar fad théis na reithí. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag crinneadh a sheanchnámha sin le fiacla fabhtacha
 
Tá sé sa dualgas aige a bheith ar an gceird sin (is dual dó). Ní fhaca mé a athair riamh nach ag crinneadh rud eicínt idir a fhiacla a bheadh sé i gcónaí
 
dubh 3
Tá an Sunda Salach ag dúchan. Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhúinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shula thiocfas an dórtadh
 
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dícheall, agus má chuireann tú chuile chnámh ag gabháil leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ortsa a ghníomh seisean a dhéanamh. Tá sé breá go leor agat a bheith ag rá nach é an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon fhear in do thír an oiread. Thabharfadh an méid sin cnámh le crinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleádóir é
 
díol 2
Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit do dhíol a bheith agat sa méid sin
 
Tá an t-asal ina dhíthreabhach. Bhí sé craptha isteach i lúbainn an chlaí ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé in ann a bhiorú leis an bhfuacht. Tabharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le crinneadh dó
 
Bhainfeá carraigín ar dhíthrá chuile rabharta ansin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crinneadh na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orthu amach ón gcré anois
 
Tá sé an-dúlaí go deo leis na feaigs. Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol trua é scaití ag imeacht ag crinneadh bunannaí fóthannáin nuair nach mbíonn aon ghail aige. An té a bheas ag obair in aice leis, sáróidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithní i mbliana thíos sa mB. Bh. agus rinne sé cosán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogall agam féin ag an dó dhéag a chlog sa ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol trua tráthnóna — eisean nó mise