Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

croí (50+)

+
Bhí faitíos mo chroí orm go n-ionnsóchthá é
TUILLEADH (2) ▼
Tá faitíos a chroí air anois go dtiúrfaí uain d'aonduine eile air fhéin
Marar thug sé sin aon-ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó, nach bhfuighe sé bean ar bith
 
Sé T. an té is measa liom ar an bhfeáin aca. Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scruball inte ná é
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
 
fear
Fearfaidh mise do chumaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! = cúiteóidh mé do chumaoin leat; ní hé amháin go gcúiteóidh mé do chumaoin leat, ach cuirfidh mé in a cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
 
fios
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil aon phínn airgid agamsa ach an oiread agus atá sé agad fhéin = you realize full well yourself
+
fliuch 1
Ní dheachaidh aon-fhliuchadh fuisce ar mo chroí (ar mo bhéal) le deich mbliana = braon ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
Ní dheachaidh an oiread sin óil de fhliuchadh ar mo chroí cheana le bliain mhór fhada
"Dhá mhéad a cuid bua (bó), ní raibh fliuchadh ar a croí (de bhainne) Ach puisín go suaimhneach ag cumhdach an tí" (As "Na Ba Ciara agus Bána")
Níl an oiread bainne againn anois agus a d'fhliuchfadh do chroí (do bhéal)
 
fliuch 2
Sláinte an bhradáin: croí tirm agus gob fliuch
 
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
 
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneóidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
 
Sé croí na féile é a mhic ó! Níor rug aon-fhear ar scilling i gcaitheamh an tsaoil ariamh is frasaí a chaithfeadh í ná é
 
Bhí cuid agus maoin aige, ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aice. Ro-mhór a bhí sé.
 
fág i
Ní fhágfadh sé siúd súil in do cheann a dheárthair mo chroí
+
fág
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
 
Ara a dheárthair mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair play". Ara ag magadh faoi a bhí muid
 
féar
Mara dtogruighe tú a gceannacht (gamhna) fág do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirm dom fhéin iad = tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach annseo, nó go ndéanfaidh mé fearasbar bantáiste orra
+
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
TUILLEADH (1) ▼
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúig Uladh fós. Tá cuasnóig aca annsin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar Debhelera iad a scagadh amach as choichín. M'anam go dtiúrfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.
 
Is beag aice sin fiainise bhréige a thabhairt (a dhéanamh), ní dhá roinnt léithe é. Bheadh sí sin ag mionnú nó go gcuireadh sí poll ar bhalla na cúirte a dheárthair mo chroí. Nach bhfuil a fhios agam go maith é
 
A dheárthair mo chroí thú, tá foghairt in a shúile siúd i gcomhnaí = scéin, coinneal
+
fonn
Tá fonn a chroí air a bheith ag cipiléaracht leis mar sin
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn fonn a chroí air a theacht annseo = an-fhonn
Tá fonn a gcroí orra a bheith imithe as
+
féith 1
Ní raibh féith de mo chroí air; ní raibh féith in mo chroí air; ní raibh féith de mo chroí leis = níor chuimhnigh mo chroí air; ní raibh súil ar bith agam leis
TUILLEADH (7) ▼
Is fhearr dhom na lachain a chur isteach anois, nó ní bheadh féith de mo chroí leis aríst = ní chuimhneóinn a dhéanamh aríst
Is fíor dhuit é. Dúirt sé go dtiocfadh sé aniar anocht, agus muid a bheith roimhe ag ceann an bhóithrín. Ní raibh féith de mo chroí air. Dheamhan é muis.
Tá tú ceart! Baineadh dhá chloich as aimsir chur an choirce. Caithfear a gcur ann aríst. Is maith liom gur mheabhruigh tú dhom anois é. Ní raibh féith in mo chroí air
Is againn a bhéas an sagart i mbliana. Sea a mh'anam. Tá sé réidh san leathbhaile thiar. Dheamhan féith in mo chroí a chuimhneódh air, ná cuid de chuimhniú marach gur dhúirt tú é. Agus é thar am tosaí ag téisclim faoin a chomhair!
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó, nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár agus chuinneóg = ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
Níl aon-mhaith dhuit aon-mhilleán a thabhairt dom anois. Dheamhan féith de mo chroí a chuimhnigh ar a dhul ann go raibh an áit dúinte. Sin é an chaoi a mbímse i gcomhnaí. Bhí an oiread rudaí le fáil agam fhéin, agus nachar chuimhnigh mé ar a leath ach oiread. Nuair a bhí mé leath bealaigh aníos, sin é an uair a bhí mé ag eirí bréan díom féin
Do theachtaireacht! Dheamhan féith dhá chroí siúd a bhí ar do theachtaireacht. B'fhearr leis ag dradaireacht le mná óga go mór
+
Tá guirín ar mo chroí le mí-fhonn a dhul ag comhnaí san S.
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí mise ag gáire ní ó mo chroí é. Ba deacair dhom, agus mo chroí cho dubh le gual ceártan. Daimhsíthear port le fonn, agus port le mí-fhonn 'ar ndú'
 
" … go n-acluighe aithrí an sean-chroí cruadh, faillíoch, fuar atá in mo lár … " (As Aithrí an tSeóigigh)
+
Tá croí mór fairsing aige = é fial flaithiúil
TUILLEADH (2) ▼
Níl croí cho fairsing aice agus a bhí ag a máthair
"D'eirigh Peaits Sheáin Mhóir, fear an chroí mhóir fhairsing; Tugaighí rud don chráin agus codlóidh sí go maidin" (As amhrán)
 
Tá an fhairsingeacht san gcroí aice, agus is dual di sin = féile, eineach
 
Dhá bhfaghadh sé uachtaí na hairí, ní fhairsingeódh a chroí = ní ghabhfadh sé chun rabairne, nó chun buige shíne
 
Tá na cladaigh sin thíos anois cho gealta le croí do bhoise. Ní bhfuightheá bord feamainne istigh ar an roinn se'aghainne anois, dhá gcaitheá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh in a sraith aníos go dtí bun na dúrlinne, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá fúinín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag tiacht ar an gcladach agus atá ar an saol
 
fuath
Dheamhan fios fuath ná fionnóige agamsa a dheárthair mo chroí thú, cé a ghoid do chuid rópaí. Duine eicínt atá ag iarraidh thú a shaghdadh. Cén ghnatha a bheadh agamsa de do chuid rópaí. Tá mo dhóthain aca agam fhéin ar scáth a ndéanaim leó
+
fuil 1
Cuirfidh mé fuil do chroí ar do bhois (ar do chac freisin) = maroidh mé thú
TUILLEADH (2) ▼
Fainic! Leig de do chuid priocadóireacht liomsa. Chuirfinnse fuil do chroí ar do bhois ar ionntú an tsoip
Leig dhó siúd. Tá sé achmainneach. Is beag an araoid a chuirfeá air nuair a chuirfeadh sé fuil do chroí ar do bhois