Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

croí (40)

+
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ó'n scoil é = tháinig an-riméad air
TUILLEADH (4) ▼
Tháinic dhá chroí dhom nuair a chuala mé ag caint thú = luthgháire
Sin é féin fear an dá chroí = slíomadóir; bhréagfadh sé thú agus d'imreódh sé ort
Seachnaíodh duine an té a bhfuil an dá chroí aige. Liomsa agus leatsa agus liomsa aríst, mar adeir an ceánn eile
Ná tabhair aon-áird ar fhear an dá chroí. Cuirfidh sé an chluain ort agus fágfaidh sé annsin thú.
 
de
Ní thiúrfainn an oiread dhá chroí dhó agus go n-innseóinn dó é
 
Tá deá chroí aige
 
déan 1
Croí dhuit! Déanfaidh tú fós é = duine a stopfadh in amhrán; duine nach mbeadh amhrán nó obair eicínt ag teacht leis, ach a bheadh ag neartú ar a mhaidí in a dhiaidh sin len a déanamh
 
Ní raibh le déanamh leis ach fuil a chroí a chur ar a chac, an bithiúnach bradach
 
Siúd í atá indon an deilín cainnte a chur amach dá croí. Caint a mbeidh craiceann ceart uirre. Má tá easba uirre ní easba fios a labhara é. Ní dhá changailt ná dhá cho changailt a bhíos sí
 
diabhal 2
Dar mo chroí ó'n diabhal agus go ndéanfaidh mé conra dhíot!
+
do 1
Tháinic croí dhom nuair a chonnaic mé thú = tháinig gliondar orm
TUILLEADH (3) ▼
Tháinic dhá chroí di, nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht
Croí dhuit a mhic ó! Nár laga Dia thú! = déarfaí é le duine a bheadh ag gabhail fhuinn nó a leithide
Croí dhuit! Faoi do chois é! Ná raibh tú tinn!
 
dona
Tá an fuisce go dona ag (do) an gcroí
 
donas 1
Ní sonas é sin chor ar bith ach donas. An té a bhfeicfidh tú rith sonais mar sin air, is minic nach mbíonn ann ach teasbánadh. Bíonn sé indiaidh an airgid, agus tugann Dia dhó é, ach cén mhaith do dhuine an t-airgead, mara bhfuil grádh Dé in a chroí. Is mó an donas go mór é
 
droch-
Droch-chroí a rinne dhó é = a bheith go h-olc, éadmhar agus rl.
+
dubh 1
Tá mo chroí cho dubh (brónach) le gual (le gual ceártan)
TUILLEADH (8) ▼
Bhí a croí cho dubh leis an ngual ó'n lá a bhfuair a mac bás
Tá mo chroí in a ghual dubh in mo lár. Is fada liom go gcuire Dia fios orm
Bhí a chroí in a ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta
Go dtuga Dia leis a leath mar tá mo chroí dubh aca = bean ag ceasacht ámhailleacht agus míádh páistí
Eirigh as. Tá mo chroí dubh agad = tá cantal nó brón orm de do bharr; tá guirín ar mo chroí agad
Is beag an dochar dhom croí dubh féin a bheith agam ag éisteacht libse ó mhaidin go faoithin
Sin é a d'fhága croí dubh agamsa. Ní raibh mé ar mo chóir féin ó shoin, ná ní bhéad nó go dteighe mé idtalamh
Do chroí bruithte ag an diabhal le caint a bheith ort. Cá bhfios domsa dubh buí na bán céard adeirigh de do chaipín! Sí an frae í
+
dubh 3
Céard a dhubh do léine? Tá a fhios ag mo chroí dhá bhfaighteá léine ghlan chuile lá go mbeadh sí dubh aríst trathnóna
TUILLEADH (3) ▼
Sin í an iarraidh a dhubh mo chroí ar fad: bás Nóra = a chuir duifean air; a bhreódh mo chroí; a scal é agus rl.
Ní raibh sí leath cho mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh
Dubhóidh an scéal sin a chroí ach a gcluinidh sé é, ach m'anam gur beag sin againn mar gur beag é a thruaighe féin d'aonduine
 
dubh- 5
Tháinic dubh-olc (dubh-fhearg, dubh-spadhar agus rl.) air nuair a rinne mé an méid sin a shamhlú leis. A dheárthair mo chroí ba é an droch-pheata é
+
"Nuair a tháinic sé ar an mbáinseóigín, bhí sé ag spaisteóireacht síos agus suas, agus ní fhaca sé duine ar bith ann. Is gearr go bhfaca sé dúachan na gcéadta ag déanamh air. 'Mo chrá croí nár fhagha mé mara h-olc an job a rinne mé nar leig liom an triúr eile,' a deir sé" (as sean-scéal — "An Ridire Gaisce" — ó Sheán Ó Laidhe Cuilleán, an Cheathramha Rua) = meall nó toirt a bhí san an-mhéid. Laoch eile a bhí ag teacht
TUILLEADH (1) ▼
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do laogh annsin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothrom, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúachan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. "Aeroplanes" Mheiriocá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann
+
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoin a bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deó ar an gcogadh céanna: is iomdha buachaill maith le fán aige
TUILLEADH (4) ▼
Tá brón agus duifean ar mo chroí chuile lá ó d'imigh mo mhaicín uaim a thóig mé go bog agus go múirneach. Tá mé réidh leis anois. Ní fheicfidh mé aon-amharc air le mo ló aríst
Duine gan chroí nach gcuirfeadh rud mar sin duifean air. Is beag an dochar dhuit a bheith leath-chaillte a bhean bhocht.
Tá duifean croí orm ó d'imigh Máirín uaim. Ba mheasa liom í na gealacán mo shúl. B'fhurasta di sin a díol d'fhear a fháil san áit a raibh sí agus gan a dhul thar tír amach mar sin, an áit nach bhféadfaidh duine ná daonnaí a dhul ag breathnú uirre ar a h-anshógh ná ar a crúóig. Ach sin é an bealach atá le aos óg anois.
Níl call duit cumha ná duifean croí a bheith ort in a dhiaidh. Tá sé sin bail ó Dhia air indon a bhealach féin a dhéanamh. Agus tiocfaidh sé abhaile ar ball le cúnamh Dé, agus cuirfidh sé maoil ar an gcómhra le airgead
 
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í cho creínnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh innte le leath-ráithe = níl foinín féir innte