Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

croí (100+)

 
abair
'Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroí,' mar adúirt an té adúirt é
 
Tá mo chroí istigh dhá rá liom nach ceart dom a bheith ag dul in éindí léithe: nach bhfuil mé ach dhá cur amú
 
Sa gcaoldroim a airím é. Ní bheadh gair agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith nach mbéarfadh an phian orm isteach faoin gcroí. Deir siad sin gur arraing é, ach measaim nach ea
+
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ón scoil é — tháinig an-ríméad air
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig dhá chroí dhom nuair a chuala mé ag caint thú — lúcháire
Sin é féin, fear an dá chroí — slíomadóir; bhréagfadh sé thú agus d'imreodh sé ort
Seachnaíodh duine an té a bhfuil an dá chroí aige. Liomsa is leatsa agus liomsa aríst, mar adeir an ceann eile
Ná tabhair aon aird ar fhear an dá chroí. Cuirfidh sé an chluain ort agus fágfaidh sé ansin thú
+
daigh
Ara tá an oiread banráin aici anocht agus nach bhféadfadh duine fanacht ina gaire chor ar bith. Tá an daigh ghoile sin léithe aríst; agus deir sí féin go bhfuil coiliceam agus altraid chroí agus chuile anó uirthi ina aice sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
Dó croí (fc. )
 
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agat a dhuine chroí. 'Sé an chóir a bhfuil an government seo ag daighniú. Tá siad ag ligean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maíochtáil leofa
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
 
Go dtuga Dia ciall duit a mhic ó mo chroí. Leath na nÉireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios acu Domhnach thar dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orthu
 
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroí. Ar ndóigh más peaca é bheith buí, nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
 
Théis an aois atá aige, is maith gasta a dhamhsódh sé sin a phort dhá bhfaigheadh sé aon ugach. Ar ndóigh bhí dhá chroí aige sin
 
de
Ní thabharfainn an oiread dhá chroí dhó agus go n-inseoinn dó é
+
deacair 1
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroí
TUILLEADH (4) ▼
Cuirim léan agus deacair orthu, ó liath go leanbh, amuigh agus sa mbaile. Ba gheal an croí a bheadh agamsa anocht meireach an bhratainn bhradach sin
Cuirim léan agus deacair ar J. F., ar a chuid agus ar a mhaoin. Is iomaí bliain a bhfuil croí dubh agamsa i ngeall air fhéin agus ar a chuid mínóis
Cuirim léan fada agus deacair air, mar sin é féin a d'fhága an croí dubh agamsa an lá ar bháigh sé m'fhear
Cuirim brón agus deacair uirthi agus ná raibh scread linbh choíchin ina teach, mar 'sí a d'fhága an éalang ar mo chroí-se
+
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
TUILLEADH (2) ▼
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a beith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
+
Tá dea-chroí aige
TUILLEADH (2) ▼
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
Is mór is fiú an dea-chroí a bheith ag duine, hé brí céard is cor dó thairis sin.
 
Más dea-dhíolaí féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhoireann muc amach chuile bhliain agus níl seachtain ag éirí ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillmheach aici. Tá sí in ann a dhul Gaillimh ar sheascach na gcearc féin, agus gan ubh ná eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroí, ní áirím a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan sna siopaí
+
Ab in é a chonaic mé ag dealú leis suas an t-ard. Bailíodh leis anois. Ní fearr timpeall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith mura mbeadh sé te nó trom, bheadh sé ardaithe leis aige. Tá sé sin buille luathlámhach a mhic ó mo chroí
TUILLEADH (2) ▼
Ní miste dhúinn é ó dhealaigh siad leo. Bhí faitíos mo chroí orm an fhad is a bhí siad istigh, agus a raibh de shíomálachaí acu, go dtarraingeoidís achrann istigh faoi chaolachaí an tí againn. An bhfaca tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
Is mé a bheadh buíoch dá mbeidís dealaithe uaim. Is mór an tseanmóir iad chuile ré solais. Mura mbeidh chuile shórt ar a mian acu, bíonn siad ag clamhsán agus ag casaoid, agus tá a fhios ag mo chroí go mb'fhearr do dhuine uaidh iad
+
déan 1
Croí dhuit! Déanfaidh tú fós é — duine a stopfadh in amhrán; duine nach mbeadh amhrán nó obair eicínt ag teacht leis, ach a bheadh ag neartú ar a mhaidí ina dhiaidh sin lena déanamh
TUILLEADH (1) ▼
Rinne a chroí gual dubh ina lár
+
Ní raibh le déanamh leis ach fuil a chroí a chur ar a chac, an bithiúnach bradach
TUILLEADH (1) ▼
D'ionsaigh mé go binn é, agus má d'ionsaigh féin, ba é a dhéanamh leis é. Tá a fhios ag mo chroí nach bhféadfainn stuaim a choinneáil ar an bhfoighid agus an sclaibéireacht a chonaic mé air fhéin. Chuirfeadh sé tonn taoscach ar mhadadh, chuirfeadh sin
+
Tae mo chreach! Fuair mé deannóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Murach leisce a fhágáil acu, agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thabharfainn an oiread dá gcroí dóibh agus go mbeadh sé de shásamh acu orm — na cneámhairí bradacha!
TUILLEADH (1) ▼
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
Tá sí i muinín a croí agus a cruite ag iarraidh déanamh suas leis an bpóilí rua atá ansin thiar, agus gan é sin ach ag baint a ghaisneas aisti, agus ag magadh fúithi ina dhiaidh sin. Tá óinseoigíní ar an saol fós!
 
Chaith mise trí bliana in aon áit amháin i Londain, agus ní mó ná déanta ar an áit a bhí mé ina dhiaidh sin. Tá Londain san an-mhéid a mhic ó mo chroí
 
deara
Ná bac le rud ar bith a chur faoi ndeara dhó siúd. Nach bhfuil mo chroí dubh aige ag tuineadh leis, ach is aon mhaith amháin dom é. Tá an tsiléig go smior sa leiciméara sin
+
dearna
Leag sé na hocht bpunt isteach i gcroí mo dhearnan. 'Tá tú as a Mh.,' adeirim féin. 'Chuirfinn geall gurb é an ceannaí cluaise — Bh. — a cheannaigh é,' adeir sé. 'Bíodh sé agat,' adeir Bh.
TUILLEADH (3) ▼
Tá meanmnaí i gcroí mo dhearnan (i gcroí mo bhoise). Go meanmnaí Dia dea-scéala chugainn!
Dhá mbeadh sé agam anois i gcroí mo dhearnan mar a bhí sé an uair sin, ní scarfainn leis. Dheamhan deich bpunt a gheobhas mé aríst i mbliana ar an mbullán sin. Tá beithígh tite an-mhór
Cá ndeachaigh an sé pínne sin? Bhí sé agam anois i gcroí mo dhearnan. An rud nach ngoidtear faightear é
 
Tabhair cead a chinn dó a dheartháir mo chroí!
 
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
 
deilbh 1
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
 
Ní dhearna mé aon déileáil ariamh ag L. Ó. C. ach déileáil fhánach. Is mó go fada a rinne mé sa teach ar a aghaidh. Ach b'fhearr liom ina dhiaidh sin a dhul go dtí L. Ó. C. agus teastaíodh rud uaim, ná ag an gceann eile. Tá croí mór ag an gC., rud nach bhfuil ag an bhfear eile, agus nach raibh ariamh
 
Siúd í atá in ann an deilín cainte a chur amach dá croí. Caint a mbeidh craiceann ceart uirthi. Má tá easpa uirthi, ní easpa fios a labhartha é. Ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíos sí
 
A dheirfiúr ó mo chroí thú!
 
deis
Nach dona an deis a chuir an bromaire sin thoir ar a shaol. Féacha anois é, agus gan a dhubh ná a dhath aige ach ag rómhar sa bpóicín siúd ó thuaidh den teach. Scread chasta air nach n-imeodh go Sasana nó in áit eicínt agus gan a bheith ag loiceadóireacht ansiúd, ag cur goirín ar chroí an athar chuile uair dhá mbreathnaíonn sé air agus ar chaill sé leis
 
Deiseal! Gairim agus coisricim thú! Seo cuir aniar é. Is maith í an bhoiseoig sa dromán. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé go raibh tú tachta. Múinfidh sin thú gan an oiread sin uafáis a bheith aríst ort in éadan do bhéilí
 
Tá a fhios ag mo chroí gur deacair chuile dheisiú a dhéanamh le aghaidh an earraigh féin
 
Tá sé thar a bheith deisiúil a mhic ó. Nach bhfuil dath gach bó ar cnoc aige. Tá agus airgead tirim. Agus ní chaithfeadh sé sciúrtóig ina dhiaidh sin le teann crás croí, dá mbeadh sé in éindí leat as seo go Breatain
 
deo
Go deo sibh le chéile. Sibh atá in ann é a chur amach dhá gcroí (de bhur gcroí)
 
deoch 1
Sin é an chaoi. Bíonn gairm roimh an bhfear mór i gcónaí: an té atá thuas óltar deoch air, a mhic ó mo chroí
 
deoir
Ar an dá luath is ar chuala sé an scéal, dheamhan deoir a d'fhan ann le briseadh croí
 
diabhal 2
Dar mo chroí ón diabhal agus go ndéanfaidh mé cónra dhíot!
 
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroí ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sibh duine. Ag cur an tí béal in airde ag iarraidh beatha chuile ré solais. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfaighfear í nó cé a shaothrós í
+
diaidh
Ara a dheartháir mo chroí thú, is beag nár ghiorraigh sé liom. Dheamhan a leithéid de ruaig a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil mé i ndiaidh a chéile chor ar bith aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh an oiread caitheamh i ndiaidh aon duine dhár thóg mé ariamh agam agus a bhí agam i ndiaidh Sheáin. Chuir sé duifean ar mo chroí an lá ar fhága sé an teach amach
 
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream
 
Ar an dá luath is a dtáinig sé i láthair, d'ordaigh sé chuile dhuine ar an bhfeadhain acu a dhícheannadh. Sin é an puicéara a raibh an droch-chroí aige
 
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé díchúis air. Tá fíor-dhroch-chroí aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaol mar is mór leis chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
+
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
+
díol 2
"Ní díol trua thú choíchin go mbuailtear ort coigealach mná; A dhéanfas gual dubh naoi n-uaire de do chroí ina lár" (An Draighneán Donn)
TUILLEADH (1) ▼
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
 
Níl aon mhéid ann — bráicín beag ceann tuí, ach tá sé an-díonmhar, an-teolaí. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroí breathnú isteach air: brat nua tuí sheagail air agus í curtha go slachtmhar; eidheann ar na ballaí; flowers agus crainnte beaga spíonán agus úlla i chuile áit taobh amuigh; drisiúr breá ordnáilte le feiceáil isteach ann, agus seanfhear agus péire spéacláirí air ag léamh páipéar nuaíochta i gcathaoir thuí ag an doras. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na hóige le mo shaol," mar adeir an t-amhrán
 
díth
Tuige a ndearna sé é? Tuige ar ndóigh? Cár fhága tú an díth céille a mhic ó mo chroí?
 
Ní chuirfeadh aon bhean beo a mbeadh grá Dé ina croí an díthreabhachín de ghasúr siúd amach ag an scoil lá mar seo. Dar brí an leabhair, cruachúiseach go leor féin nárbh fholáir dóibh a bheith lena gcur ann inniu. Chonaic mé beirt bhromairí atá ag M. Mh. ansin thiar ag dul soir agus bualadh fiacal orthu leis an bhfuacht théis an aois atá acu, agus chomh mór láidir agus atá siad. Ní uair scoile í do ghasúir laga
 
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
 
Is diúltach an leagan éadain atá ag an mbean sin aige. Cuireann sí aghaidh uirthi féin amantaí a d'iontódh sochraide. Tá a fhios ag mo chroí nach mórán éadála do dhuine a bheith ag breathnú ar an stiúir siúd ó mhaidin go faoithin, agus ó oíche go maidin
+
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. Chuile uair dhá n-ithim iad, cuireann siad múisiam eicínt orm. Airím chomh trom ar mo chroí iad. Agus tá an-tóir go deo agam orthu. Is cosúil nach bhfeileann siad dom ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Hector ceart í sin. Maidir le goid a dheartháir mo chroí thú, ghoidfeadh sí an ubh ón gcorr agus an chorr ina diaidh. Ach thiocfá ón ngoid féin murach an teanga atá aici. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaímid di agus do chuile dhuine dhá cineál
 
Ná bac thusa lena boic mhóra sin. Níl rud ar bith nach bhfuil dlifear acu sin. Ní comórtas ar bith do dhaoine dona iad. Buailfidh piar acu sin isteach chun dinnéir leis an mbreitheamh. Ólfaidh siad dalladh fuisce. Meánn tusa an dtiocfaidh an breitheamh ina aghaidh sin sa gcúirt lá arna mhárach. 'Sé nach dtiocfaidh, agus ná creid thusa ó aon duine go dtiocfaidh. Aithníonn siad sin a nduine féin a mhic ó mo chroí thú. Is orthu nach bhfuil an mhoill
+
do 1
Tháinig croí dhom nuair a chonaic mé thú ─ tháinig gliondar orm
TUILLEADH (3) ▼
Tháinig dhá chroí di nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht
Croí dhuit a mhic ó! Nár laga Dia thú! ─ déarfaí é le duine a bheadh ag gabháil fhoinn nó a leithide
Croí dhuit! Faoi do chois é! Ná raibh tú tinn!
+
1
Tá dó croí orm — cineál dó nó seirfean a bhíos sa gcliabhrach, fc. Foclóir an Duinnínigh: dóghadh
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn dó croí air i gcónaí, agus is olc é an dó croí sin má sheadaíonn sé duine
+
Is beag an dochar di dobrón agus briseadh croí fhéin a bheith uirthi agus fear breá de mhac imeacht uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Ó tháinig an dobrón sin uirthi, níor fhan croí ná misneach aici. 'Sí a d'athraigh. Bhí dhá chroí aici sin roimhe seo
+
dochar
Dar príosta hé brí cén sochar a rinne sé do na daoine, ní fhéadfadh duine ar bith a rá go ndearna sé dochar. Chonaic muide an-tsoilíosach ariamh é — an fear croí
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios ag mo chroí nach gan dochar a dhul ag ceannacht éadaigh anois, ach caithfidh na daoine a gceannacht muran leo imeacht ina gcraiceann
+
Má tá an oiread sin doichill leis an ól aige, nach breá nach gcaithfeadh sé amach an deartháir. Dheamhan oíche dhá n-éiríonn ar a shúil nach dteagann sé abhaile agus gan cois faoi. Ach is beag dhá chuid cluanaíochta é sin. Ní in aghaidh an óil atá sé ach crás croí atá air aon phínn a chaitheamh
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhíos an píobán réidh calctha air, tá sé siúd in ann é a chur síos píobán an doichill. Murach go bhfuil, ní bheadh sé in ann an oiread de scaird a ól. Mo chroí ón diabhal, nach dtoillfeadh sé i ndabhach
 
Más leat fáilte an duine dhoicheallaigh a chur romhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cionn abhus anseo. Is maith gasta deirimse leat, adéarfas sé go dtug tú h'éitheach. Ní luar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac s'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige don fhear eile, agus is neascóid ar a chroí a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
 
dóigh 2
Ar ndóigh mo léan bogfaidh tú siar amárach. Chonách sin ort a dhuine chroí
+
dóigh 3
Tá a chroí dóite ag an bhfuisce
TUILLEADH (4) ▼
"Bím san oíche ag ól: bím sa ló in mo leaba; Bíonn mo chroí dhá dhó nuair a bhíos mo phócaí folamh"
Tá a croí dhá dhó ó d'imigh sé – tá sí leanndubhasach brónach; tá goirín ar a croí ó d'imigh sé
Feicfidh tú croí dóite aige nuair a chloisfeas sé go bhfuair tusa cuireadh agus nach bhfuair sé féin é
Dhóigh sin a chroí ar fad muis, nuair a chuala sé go ndeachaigh sí abhaile in éindí leisean, agus nach dtabharfadh sí comhaireamh na sop dó féin
 
Níl doimhneacht ar bith ann ina dhiaidh sin. Tá a fhios ag chuile dhuine céard atá ina chroí
+
Ní bheidh aon cheo de bharr na móna mura bhféada duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomódh sí uaithi féin, ach tá a fhios ag mo chroí go dtigeann an oiread doininne anois sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóidh sí
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé dhá dhéanamh sin as dóláimh (le dóláimh) anois. Má chuireann aon duine aon araoid air, 'sé an chaoi a dtosóidh sé ag dáráil (daring). Nach olc an croí atá aige. — duine a bhí ag déanamh rud as bealach go héagórach, go dúshlánach, agus le láimh láidir
 
D'fhága sin dólás ar a croí