Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainm briathartha
1.
a.
·
Sin dó a d'éirigh dhó. Tá sé as a chomharthaíocht ar fad
Níl dó tine leath chomh dona le dó uisce. Cneasaíonn an dó tine gan aon stró mar is dó glan é, ach is drochlot é an dó eile. Bíonn an oiread léarsachaí (léasrachaí) agus puchóideachaí ina dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon rath le teanga an tsionnaigh ar dhó. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. 'Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
·
Ortha an dó — ortha adeirtear le dó a leigheas. Is iomaí leagan uirthi: "Labhrás Aspal, Mícheál Ardaingeal, Muire agus Dia, baintear an ghangaid amach as sin" (as an dó)
b.
+
Shílfeá go bhfuil dó gréine ort — dó ón ngréin
Mo léan dóite, 'sé nach bhfuil an dó gréine air. Ach d'éireodh dhó. Ní fhaca sé siúd an áit amuigh le ráithe
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an faisean atá acu uileag anois; iad a bheith faoi dhó gréine ó bhonn go baithis. Deir siad gur cúnamh mór don tsláinte é. Titeann an seanchraiceann díobh, agus ansin cuimlíonn siad ola dhóibh féin a thugas dath buí orthu. An t-athchraiceann a theagas orthu ina dhiaidh, tá an-teacht aniar ann ar fhuacht an gheimhridh. Dheamhan a fhios agam beirthe é, ach de réir mar a chloisim ag caint an dream seo eile
Níl dó gréine ná spuaic láí air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon amharc a fháil ar an ngréin le leathbhliain, mura bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láí …
D'éirigh dó gréineach anseo dhom an bhliain cheana, agus tá scoilteachaí ann ó shin. Théis an moladh a bhíos ag daoine ar neart gréine, diabhal a gceapfainn féin go bhfuil an iomarca di go maith
Seo é mo mhaicín bán gan scríb chaorach, dó gréine ná gearradh láí — gan marach ar bith (bean adúirt ag moladh a mic)
+
Tá dó gréine ar an bhfata seo — fataí a bhíos leis sa gcréafóig, agus a ndónn an ghrian iad, nó nach mbíonn orthu ach clúdú fánach sa gcréafóig. Bíonn blas orthu le n-ithe
Diabhal dó gréine ann i mbliana ná cuid de dhó gréine, mar nach raibh aon ghrian ann
TUILLEADH (3) ▼
Hé brí cén cur a thabharfainn orthu ar an gcnocán céanna ariamh, bheidís faoi dhó gréine orm de mo bhuíochas. Scáineann an chréafóig ann ar bhealach eicínt. Tá a chomharthaíocht lena chois
Fataí dó gréineacha (fataí dó gréine) a bhí ag an gceann céanna chuile lá ariamh mar nach ligfeadh a chuid antláis dó caitheamh leo agus a bhfódú agus a lánú mar is ceart
Ní bheidís dó gréineach againn i mbliana, murach an ceann a lánaigh iad. Bhain sé an lán ceart go leor, arae nuair a casadh ann mé seachtain ina dhiaidh sin, bhí na clascannaí faoi chréafóig mharbh uileag. Dheamhan a fhios agamsa ar lánaigh sé chor ar bith iad ach gur bhain sé an lán. Má lánaigh níor chuir sé orthu ach daithín. Tá a shliocht orthu: dheamhan thiomanta ceann acu nach fata dó gréine é
2.
·
Tá dó croí orm — cineál dó nó seirfean a bhíos sa gcliabhrach, fc. Foclóir an Duinnínigh: dóghadh
Bíonn dó croí air i gcónaí, agus is olc é an dó croí sin má sheadaíonn sé duine

Féach freisin

do 1

in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Ó dúirt agus gur dhúirt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear lena fhocal
TUILLEADH (7) ▼
D'fhéadfá a rá gur maith a chuaigh an imirce dhó (ní athraíonn d'fhéadfá pearsa. Leagan ríchoitianta i gcaint é) — is fíor gur srl.; deirimse leat srl.; abair gur maith srl.
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios dúinne é. Diúltaímid dhó
Bhuailfí tuí srathaire air deirimse leat, murach gur thug Dia dhó a bheith imithe
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siúl, nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
+
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
 
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cródhearg agus níl sé dubhdhearg féin fós
+
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ón scoil é — tháinig an-ríméad air
TUILLEADH (2) ▼
Tá dó is pínn agam (2s. 1d) (dó is dhá phínn … leathchoróin … dó is aon phínn déag)
Thug mé dó is dhá fhichead air (£2 2s) (trí is dá fhichead, deich is dá fhichead, dó dhéag is dá fhichead, … seacht déag is dá fhichead srl.)
+
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
TUILLEADH (1) ▼
Daidhce air nó dhó (dhe) anois, caithfidh sé imeacht. Tá a (ár) ndóthain againn cheana, slán a bheas siad, agus gan a dhul ag beathú bromaire atá in ann a chuid féin a shaothrú
 
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
Cén sórt daigéad de shagart é sin atá thíos ann anois. Níl aon phointe den ló dhá gcasfadh sé leat nach mbíonn sé séidte, ach ar ndóigh is beag an dochar dhó sin, agus na gríscíní feola atá air
+
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
TUILLEADH (12) ▼
M'anam muise an té a mbuailfidh an daigh sin é (buinneach), nach foláir dó siúl a bheith aige
Tháinig dó (daigh) bhoilg ar an T. agus b'éigean éirí as an gcéilí agus gan é nach (ach) uair ar siúl. Ní hé a (ár) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (daigh bhoilg — pian bhoilg)
Bhí dó bhoilg orm ar feadh an lae inné. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tí léithe, mar ní fhéadfainn cónaí a dhéanamh in áit ar bith
Is olc í an dó bhoilg sin. Chaith sí an tsíoraíocht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreá uaithi anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siúl an bhóthair ionat
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
Tá dó (daigh: /dəi/, /dɛ̄/, //) ghoile ag dul dom — pian isteach faoin gcliabhrach nó i mbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mura mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feiliúint dó, nó mura bhféadann sé aon cheo a dhéanamh thrína cholainn. Cineál indigestion é
Tá an dó ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon lá ó tháinig an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta a aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
Dó croí (fc. )
 
Daighean a ligfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chur taobh amuigh de dhoras
 
'Sé Baile an Daighin é má cheannaíonn sé clog eile. Nach bhfuil an teach aige treanach ar tigh F. cheana le cloig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine, cén chóir chaite a chuirfeas sé ar a chuid airgid
+
dáil
Ba cheart dó a bheith i ndáil le ar fáil anois. Is fadó inniu a d'imigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé i ndáil le ar a ghlúine dhó
Tháinig sé i ndáil le ina imní uirthi nuair nach raibh ag teacht dó
+
dáimh
Is dual dáimhe dhó a bheith mar sin; is dual dáimhe agus muintire dhó a bheith mar sin — ní ón ngaoith a thug sé é; fáisceadh as sin é
TUILLEADH (1) ▼
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith drochmhúinte. Ar ndóigh dhá dtéadh sé le Clainn Mhac Chonfhaola, ní bheadh léamh ná inseacht scéil air
 
'Sé a labhair go daingean. Bhí a fhios agam ar an bpointe nach dtiocfadh aon athrú intinne dó ón gcaoi ar labhair sé
 
Tá mé chomh daingnithe istigh sa sé pínne sin, agus nach gcuirfidh do cheann fine as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bacáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom chuile thrip
 
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (10) ▼
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riascaigh údan. Dheamhan fata a thabharfas sé go brách dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na hÉireann air. Abraíodh fear na bhfataí a rogha rud. Cén scil atá aige sin ann ach an oiread liomsa, a leathoiread sin féin! (níl aige ann)
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
B'fhearr dhó a dhul síos ansin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Contae an Chláir (Árainn srl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réiteach agus ag rómhar seanchlochair ansin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise lena luiseag
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
+
dalba
Nach dalba an cheird atá oraibh? Breá nach ligfeadh sibh dó uair eicínt agus gan a bheith ag siocadh leis i gcónaí i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
+
dall 3
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shin. Deir siad nach léir dó an bhánshoilse féin
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé dallta ag an deatach sin. Osclaidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
Níl an oiread coirce ar thóin an chomhra seo anois agus a dhallfadh do shúil hé brí céard a rinne sibh leis. Ach rinne sibh plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
Ní ligfeadh sé uaidh mé nó go ndalladh sé mé murach gur imigh mé i ngan fhios dhó
+
Chuir sé an dallach dubh ort. Breá ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choíchin. Ag tabhairt scilling do shomachán nach raibh aithne ná eolas agat air, ar chuntar go dtabharfadh sé cigarettes agat. Bhí baol air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg — gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfaighfí toitíní, agus mheall sé scilling ón bhfear
TUILLEADH (4) ▼
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrá" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindí léithe chuile oíche eile den tseachtain. Ní cheal muise nár hinsíodh dó sách minic cén aisiléireacht atá uirthi …
Go bhféacha Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéana sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé chomh saor sin agat: coróin is punt. Deir siad gur thug fear as M. hocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céanna … fuair muis. Tugadh sé buíochas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
+
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó — ciméar, ortha an dul amú
TUILLEADH (1) ▼
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
 
Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici
+
Má ligeann tú dóibh, feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in athbhliain. 'Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
+
Tá an duine bocht ina dhallarán. Ní léir dhó an bhánshoilse — tada leis
TUILLEADH (1) ▼
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
+
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
 
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shula mbeidh réidh dhó
 
Nár dhamáisteach an cleas dó cead scoir a thabhairt dhá chuid gamhna mar sin agus a fhiosacht dó go ngabhfaidís i mbradaíl. Ach ba chuma leis
+
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mé gur buaileadh P. go damanta Oíche Fhéil Stiofáin. Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Is fada é dhá thuaradh sin dhó féin
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
+
"Ach féacha gur damnaíodh leanbh na chúig mblian, a athair agus a mháthair agus é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith ag loscadh na mionnaí mór agus ag maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (6) ▼
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
Damnú síoraí ar an bpoitín céanna! D'ól mé scaird inné dhó, agus go deimhin má d'ól féin, ní bláth ná biseach a chuir sé orm. Dar leat, tá roth na glintíochta istigh in mo cheann ó mhaidin aige
Damnú síoraí air, an dailtíneach bradach, is tú adúirt lomlán an chirt leis. Nach sonnta an mhaise dhó é! Dheamhan aithne air nach duine é atá i riocht gníomh eicínt a dhéanamh!
Tá sé damnaithe le seachtain ag daitheachaí. Sílim nár chorraigh sé amach chor ar bith. Tá an chúlfhiacail siúd aige splanctha aríst! Loirg an diabhail dó nach dtéann isteach agus a tarraingt agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
Lig dhó fhéineacht ar fad agus ná tarraing ort chor ar bith é! Má thugann sé aghaidh a bhéil orainn damnóidh sé muid. Tá ruibh na cainte ceart air anocht
+
dán
Ní ligfidh mise do bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as chuile chúilín chomh uain is a sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choíchin. Tá sé sách luath ag duine pósadh ach a mbailí sé na deich mbliana fichead
TUILLEADH (12) ▼
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Níl aon mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talúna. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá in ann é sin a dhéanamh fiafraím díot
Chreidim go raibh sé i ndán dó a bheith mar sin. Murach go raibh, ní fhéadfadh an saol an oiread tónáiste a thabhairt do dhuine ar bith agus a thug sé dhó. Ach níl aige, ná ag aon duine eile, ach géilliúint dhá chrois
Mura bhfuil sé i ndán dó críochnaithe a bheith ina bhráthair, níl a fhios agam céard adéarfainn leis. Tá sé ró-aerach ar fad
Sin é an bás a bhí i ndán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar atá sé i ndán ag Dia dhó, agus léar mar a chuirfeas Dia fios air
Dhá mbeadh sí ag dul faoi is thairis chuile mhionóid, ba é an cás céanna dhó é nuair nach raibh sí i ndán dó. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom is tú a bheas agam"?
Níl i ndán éirí dó — ní éireoidh sé; gheobhaidh sé bás as an tinneas atá air
Dhá mbeadh i ndán éirí dhó, d'éireodh sé (banbh). Ní raibh sé ag dul dom sin é é
Bhí muid leis scaitheamh anuraidh agus bhuail an slaghdán an bheirt againn. Chuaigh muid leis aríst i mbliana agus ná raibh ann mura dtáinig an sneachta. Níl i ndán déanta dhó chreidim (claí)
Níl i ndán báis dhó agus a liachtaí uair agus a chuaigh an ola air
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chur fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle air sin. Níl i ndán comhairle dhó; ach oibríodh sé leis. Comhairleoidh an saol ar ball é