Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainm briathartha
1.
a.
·
Sin dó a d'éirigh dhó. Tá sé as a chomharthaíocht ar fad
Níl dó tine leath chomh dona le dó uisce. Cneasaíonn an dó tine gan aon stró mar is dó glan é, ach is drochlot é an dó eile. Bíonn an oiread léarsachaí (léasrachaí) agus puchóideachaí ina dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon rath le teanga an tsionnaigh ar dhó. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. 'Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
·
Ortha an dó — ortha adeirtear le dó a leigheas. Is iomaí leagan uirthi: "Labhrás Aspal, Mícheál Ardaingeal, Muire agus Dia, baintear an ghangaid amach as sin" (as an dó)
b.
+
Shílfeá go bhfuil dó gréine ort — dó ón ngréin
Mo léan dóite, 'sé nach bhfuil an dó gréine air. Ach d'éireodh dhó. Ní fhaca sé siúd an áit amuigh le ráithe
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an faisean atá acu uileag anois; iad a bheith faoi dhó gréine ó bhonn go baithis. Deir siad gur cúnamh mór don tsláinte é. Titeann an seanchraiceann díobh, agus ansin cuimlíonn siad ola dhóibh féin a thugas dath buí orthu. An t-athchraiceann a theagas orthu ina dhiaidh, tá an-teacht aniar ann ar fhuacht an gheimhridh. Dheamhan a fhios agam beirthe é, ach de réir mar a chloisim ag caint an dream seo eile
Níl dó gréine ná spuaic láí air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon amharc a fháil ar an ngréin le leathbhliain, mura bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láí …
D'éirigh dó gréineach anseo dhom an bhliain cheana, agus tá scoilteachaí ann ó shin. Théis an moladh a bhíos ag daoine ar neart gréine, diabhal a gceapfainn féin go bhfuil an iomarca di go maith
Seo é mo mhaicín bán gan scríb chaorach, dó gréine ná gearradh láí — gan marach ar bith (bean adúirt ag moladh a mic)
+
Tá dó gréine ar an bhfata seo — fataí a bhíos leis sa gcréafóig, agus a ndónn an ghrian iad, nó nach mbíonn orthu ach clúdú fánach sa gcréafóig. Bíonn blas orthu le n-ithe
Diabhal dó gréine ann i mbliana ná cuid de dhó gréine, mar nach raibh aon ghrian ann
TUILLEADH (3) ▼
Hé brí cén cur a thabharfainn orthu ar an gcnocán céanna ariamh, bheidís faoi dhó gréine orm de mo bhuíochas. Scáineann an chréafóig ann ar bhealach eicínt. Tá a chomharthaíocht lena chois
Fataí dó gréineacha (fataí dó gréine) a bhí ag an gceann céanna chuile lá ariamh mar nach ligfeadh a chuid antláis dó caitheamh leo agus a bhfódú agus a lánú mar is ceart
Ní bheidís dó gréineach againn i mbliana, murach an ceann a lánaigh iad. Bhain sé an lán ceart go leor, arae nuair a casadh ann mé seachtain ina dhiaidh sin, bhí na clascannaí faoi chréafóig mharbh uileag. Dheamhan a fhios agamsa ar lánaigh sé chor ar bith iad ach gur bhain sé an lán. Má lánaigh níor chuir sé orthu ach daithín. Tá a shliocht orthu: dheamhan thiomanta ceann acu nach fata dó gréine é
2.
·
Tá dó croí orm — cineál dó nó seirfean a bhíos sa gcliabhrach, fc. Foclóir an Duinnínigh, dóghadh
Bíonn dó croí air i gcónaí, agus is olc é an dó croí sin má sheadaíonn sé duine

Féach freisin

do 1

in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
TUILLEADH (6) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitíos orm dó — is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon mhaith; go mbásóidh sé
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Murar thug sé sin aon ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó nach bhfaighidh sé bean ar bith
 
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
 
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
+
Ní fhéadfá gan dó bhoilg a bheith ort agus an feadhnach fuisce a d'ól tú inné.
TUILLEADH (1) ▼
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
+
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (8) ▼
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deoir a fheicfeas aon duine go deo dhó (dhe) sin
Níor chuí dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) — b'fhearr gan a dhéanamh
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
 
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
 
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomaí rud a d'fhéadfaí a dhéanamh i ngan fhios domsa
+
Níl ar an ngamhain siúd ach feimín beag driobaill. Thit sé dhó (dhe) hé brí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag an drioball atá air. Feimín beag. Tá sé bearrtha ag an gcuid eile dhó
 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt ansiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó i gcruth is go mbeidh ceann le fána ag an uisce
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
 
Ba bheag a bhí le déanamh agat ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtabharfadh sé fhéin deoir do Dhia shúlach
+
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirthi agus fios aige go mba feamainn scine í
TUILLEADH (6) ▼
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. Ar ndóigh ní mise a bhain dó. Téirigh ar a thuairisc más breá leat
Ní bhfuair fios a ainme nó a shloinne; d'fhiafraigh sé fios m'ainme dhom, ach níor thug mé aon fhios dó air (faoi)
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nár inis tú bolg bréaga dhó?
Ná tabhair fios faoi thada dhó sin. An iomarca fios atá aige cheana
Taca an dó a chlog a tháinig fios ormsa
 
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (5) ▼
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin i chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bheas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
+
focal
Níor chuala mé focal ná smid dhó (dhe) go dtí sin
TUILLEADH (3) ▼
Thug sí corrfhocal dhó; bhí sí ag coinneáil corrfhocal leis — í ag glaschaint nó ag sciolladh air; mar a bheadh seisean ag tabhairt milleáin di agus ise ag tabhairt corrghob dó
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur iontú an fhocail ar thada. Inseoidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh