Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dlighteanais (7)

 
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. "Seo anois a bhean chóir" adeir sé. "Íoc do chuid dlighteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Níl dlúthas ar bith agamsa le airgead". Caraid a dhéanfadh é, nach h-eadh
+
Tá caint mhór ag Sasana ar na dlighteanais atá amuigh aice ar an tír seo, ach níl caint ar bith aice gur bhain sí amach ar gcuid talmhana le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin do'n amadán. 'Seadh inDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na h-Éireann má thugann siad "na h-Annuities" di. Ach tá cuid aca ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh ins an saoghal
TUILLEADH (5) ▼
An té nach n-íocfaidh a chuid dlighteanais is cneamhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart 'chuile Dhomhnach é. Agus nar chuala tú in do chuid Teagasc Críostuidhe é: "Ar bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do 'chaoinneach". Má choinnigheann Debhalera na "h-Annuities" is le bheith in a chneamhaire dhó é. Fuair muintir na h-Éireann an talamh ar chúntar go n-íocfaidís na h-Annuities agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread ach le cuid de mhuintir na h-Éireann a thug iasacht uatha go gceann(óchth)aí an talamh. Ag scrios an mhuintir se'againn féin atá muid le na "h-annuities a choinneál. Do dhubhshlán-sa an méid sin a bhréagnú anois th'éis a bhfuil d'fhoghluim ort má's fíor dhuit féin
Ná bac thusa le fear ar bith nach bhféachfaidh len a chuid dlighteanais a íoc. Ní bhíonn a leithide sin ach ag iarraidh a bheith ag fás suas ar dhuine eicínt eile i leabaidh ghna (gno) a dhéanamh dhó fhéin. Bhí sé cho maith dhó a dhul amach in a rógaire reatha agus a dhul ag robáil ar bhóithrí leis an "trust" ("trust") a fhaghas sé a fhágáil gan íoc.
Íoc do chuid dlighteanais agus ná bí ag tuilleamaidhe le aonduine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlighe ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) ins an deire. Tá a dhonacht féin ins an dlighe i gcomhnuí
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
Bhí dlighteanais air is 'chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile ins an mullach air ins an deire agus chandáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na h-áite. Is dona an rud an iomarca a leigean suas an uair nach mbíonn slighe ag duine len a íoc