droch-ghadaí (1)
                    →
                    droch- 
                  
                  
                    Droch-ghadaí = (i) fear nach mbeadh aon-ghaisce air ag gadaíocht; a dhéanfadh an ghadaíocht cho maoilscríobach agus go mbraithfí ar an toirt é.  (ii) droch-dhuine, "diabhal", bithiúnach, fealladóir etc.  Tá ciall a (ii) coitianta.  Ní h-ionann béim do "dhroch" in (i) agus (ii).  Is mó béim a bhíos ar "dhroch" in (i) ná in (ii) cé nach mbíonn an tsain-bhéim air annsin féin, ach bíonn barróg na teangan níos fuide air.  D'aithneóchthá an dá chéill thar a chéile mar sin.  Is amhla freisin é i gcás: droch-chneámhaire = cneamhaire nach mbeadh a cheird aige, agus droch-chneamhaire = dearg-chneámhaire, droch-dhruncaera agus a leithidí eile