→
fearg
feirge (17)
Dheamhan cheo dhá chuid feirge a leig sé amach liom fhéin ariamh, pé brí caoi a raibh sé le daoine eile.
+
→
fearg
Tháinig cuthach feirge air ar an toirt
TUILLEADH (7) ▼
Bhuail daol feirge é
Bhí rún aige a dhul ag íoc (ag ídiú) a chuid feirge ormsa, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh
Bhí sé ag íoc a chuid feirge ar an asal nuair nach raibh tada eile aige
Ná tarraing a chuid feirge sin ort fhéin, mar ní éadáil mhór ar bith a chuid feirge
Tuar feirge foighid Dé (fc. foighid)
As corp feirge (le teann, le neart feirge etc) a rinne sé é
Chuaigh sé 'un feirge liom ar scáth an méid sin araoid' a chur air
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia gheobhadh sé faoi na foraí é, marach mise a bheith ann le eadarascán a dhéanamh
+
→
foighid
Tuar feirge foighid Dé = mar a bhfoillsighe Dia rud, is amhlaidh is measa é, mar sin comhartha gur measa a bhéas an díoltas amach annseo
TUILLEADH (1) ▼
Is íontas é nach n-agródh Dia orra é, agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
Sin é anois deireadh a chuid feirge (a chuid macnais, suaimnis, uilc, meanmna, bróid, uabhair, reatha, móiréise, neirt, anála, spreacadh, sonais, séin, lághaidheachta, bóithreoireachta, fonnadóireachta, feadghala, scréachghala, síonghala, cuartaidheachta, deireadh a shaoghail agus a mhaitheasa, deireadh a chuid gáirí, a chuid caoineacháin, a chuid bróin, a chuid taighd, a chuid foighde, a chuid laetheantaí maithe, a cuid rístidheachta, a chuid díomhaontais; a chuid bochtaineachta agus rl.)
Cé'n sórt sdodaireacht' í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaoim (snaidhm) ar a theanga, le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cé'n t-údar feirge a bhí aige!
Má thosuigheann sé ag dul 'un feirge, chomhairleochainn duit gan fanacht in a ghoire, arae tá anam duine air in a chuid uilc