Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

focail (14)

+
focal
Níl modh focail ar bith ag M. = tá sé droch-mheasúil neamúch in a chuid cainte
TUILLEADH (10) ▼
Ab é S? Tá sé cho neamúch len a bhfaca tú go hiomaí. Níl modh focail ar bith ann
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
Bhain sciorradh focail dom = bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rádh, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Sin sciorradh focail. Seán Thomáis ab áil liom a rádh agus ní hé Seán Chitín
Meastú nachar bhain sciorradh focail dom, agus nachar dhúirt mé dhá ghamhain i leabaidh dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
Fhobair an sciorradh focail sin achrainn a tharraint muis. Ba bheag ab aite leis é
Sén sciorradh focail a chuir amú mé. Shíl mé gur tigh J. a chuaigh tú in áit tigh Mh. Tuigim anois thú. Tigh Mh. a shíl tú a rádh
D'eirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rádh, níor mhinic sin
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Bhain sciorradh focail dom, agus thug mé an leas-ainm air = níor chuimhnigh mé orm fhéin, gur thug mé a leas-ainm air.
 
dochar
Thóig sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneochaidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'eirigh dhuit. Má's leat an dochar a bhaint as anois, níl agad ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile, agus an chaint cheart a chaitheamh a dhú (dó) nae (nó) trí de chuarta i riocht agus go dtiocfaidh sí isteach ins na cluasa go maith aige
 
Ghlaoidh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile th'éise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an dárna pionta. Shín sé anall chugam féin é. "Déirce dhá chuid féin do'n amadán" arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi