Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

focail (14)

+
focal
Níl modh focail ar bith ag M. — tá sé drochmheasúil neamúch ina chuid cainte
TUILLEADH (10) ▼
Ab é S? Tá sé chomh neamúch lena bhfaca tú go hiomaí. Níl modh focail ar bith ann
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
Bhain sciorradh focail dom — bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rá, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Sin sciorradh focail. Seán Thomáis ab áil liom a rá agus ní hé Seán Chitín
Meas tú nár bhain sciorradh focail dom agus nár dhúirt mé dhá ghamhain i leaba dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
Fhóbair an sciorradh focail sin achrainn a tharraingt muis. Ba bheag ab aite leis é
'Sé an sciorradh focail a chuir amú mé. Shíl mé gur tigh J. a chuaigh tú in áit tigh Mh. Tuigim anois thú. Tigh Mh. a shíl tú a rá
D'éirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rá, níor mhinic sin
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Bhain sciorradh focail dom agus thug mé an leasainm air — níor chuimhnigh mé orm fhéin gur thug mé a leasainm air.
 
dochar
Thóg sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneoidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'éirigh dhuit. Más leat an dochar a bhaint as anois, níl agat ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile agus an chaint cheart a chaitheamh a dhó nó a trí de chuarta i riocht is go dtiocfaidh sí isteach sna cluasa go maith aige
 
Ghlaoigh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile théise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an darna pionta. Shín sé anall chugam féin é. 'Déirce dhá chuid féin don amadán,' arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi