→
frigh
fríde (24)
+
→
frigh
Is lú ná frigh máthair an droch-ábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain = is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé indon bás a thabhairt do dhuine agus rl.
TUILLEADH (12) ▼
Níor dhúirt sé focal ná smid thairis sin anois, ach 'ar ndú, ní lú fríde ná máthair an droch-ábhair
Níor tháinig ceó na fríde orra (fataí) = a dhath fhéin (blas na fríde, oiread na fríde, dath na fríde)
Níl oiread na fríde ann = é an-bheag
Níl dath na fríde orm = a dhath fhéin
Níl blas na fríde fágha
Coinnigh isteach dubh na fríde (dubh na hiongan) (fc. dubh)
Níl faic na fríde air = tada
Níl faic na fríde aige = cianóg ruadh
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain = fionna feanna
Níl luach na fríde de mhaith ionad = níl maith ar bith leat
Níor tháinig méid na fríde air le deich mbliana = méid ar bith
Níl fad na fríde i bhfeac na láighe seo
→
deis
Cé'n deis atá tastáil uait. Fagh siséal agus déan snuigheachan beag annsin air. Déanfaidh oiread na fríde é. Is beag nach bhfuil sé ag breith mar atá sé
→
diaidh
Cuireadh an churrach isteach indiaidh a leathtaoibhe ar an gcarraig, agus dheamhan ar h-ionntuigheadh í th'éise sin. Marar h-ionntuigheadh bhí an tseamair Mhuire aca. Dhá dteigheadh sí oiread na fríde eile isteach bhí lá soir déanta orra
→
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
→
dubh 2
An bhfuil dubh na h-iongan de thobac agad; an bhfuil dubh na fríde de thobac agud = oiread na fríde; ruainnín beag bídeach
TUILLEADH (4) ▼
Siúcra. Níl oiread agus dubh na fríde ag gabhail linn, nó níl a fhios cén uair a bhéas. Níl sé ag lucht na siopaí más fíor dóib fhéin na laethanta seo.
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Dá mbeadh dubh na fríde eile ann, bheadh a dhóthain faid ann, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil. Nach shin é anois an aimiléis!
Ba bhlasta an bheatha a bheadh annsin dhá dteigheadh dubh na fríde d'im thríd. Ach ní bhíonn aon-bhail air d'uireasa an ime.
→
dubh 3
Ní bhíonn orra ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — idtús bliana. Ní mórán le go dtiúrfá faoi deara chor ar bith é. Ach cairíonn sé amach, agus dubhaíonn siad (fataí) i leabaidh a chéile, agus ní bhíonn siad inithte chor ar bith indeireadh bliana
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst