dubh
—aidiacht, dobhriathar
1.
dath: malrait geal, gan aon tsolas, dorcha, feo, seargadh.
a.
+–
Oíche dhubh í
Is maith dubh an oíche í
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an oíche aréir an-dubh go deo agus níl tada le reic ag an oíche anocht féin, tá sí sách dubh
Prochóg dhubh (dhorcha) de theach é — gan aon tsolas ann; é an-phlúchta
Tá an uain (uaimh) sin dubh. Ní mór duit solas le dhul isteach inti
+–
Caora dhubh (bó dhubh, fear dubh, bean dhubh, bréidín dubh, fiach dubh, olann dhubh, éadach dubh, bróga dubha, móin dhubh, feamainn dubh, arán dubh, an fiabhras dubh, srl.)
Diabhail dhubha uileag iad (cártaí) — dubh atá siad fré chéile
TUILLEADH (2) ▼
Más geal nó dubh anois í caithfidh tú a tabhairt leat ó rinne tú an margadh
Bíonn go leor giorriachaí sa gcíb dhubh sin — cineál cíbe ar eascaíochaí boga agus dath dubh uirthi
+–
Dath dubh atá air — éadach agus eile
Cuirfidh mé dath dubh ort le mbuailfidh mé ort mura n-éirí tú as
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága sé dath dubh air leis an lascadh a thug sé dhó
Tá dath dubh air leis an bhfuacht
Tá sé dubh thar duine eile (snua, gné chraicinn, gruaig srl.)
Tá sí buille dubh, ach níl sí ródhubh. Is mó an slacht ar dhuine a bheith roinnt dubh
+–
Tá sé chomh dubh leis an sméir (leis an ngual, leis an bhfiach, le clúmhach an fhéir, leis an bhfiach dubh, leis an airne, le pic, leis an bpúca, leis an bpota, le diabhal as ifreann, le anam tincéara srl.)
Tá gruaig uirthi chomh dubh leis an sméir
TUILLEADH (6) ▼
Tá súile aige chomh dubh le airne
Tá an oíche chomh dubh leis an bpúca (leis an bpic, leis an bpota, le anam tincéara)
Tá sé chomh dubh le diabhal as ifreann (duine)
Tá sé chomh dubh leis an daol.
Ní duibhe an daol fhéin ná é
Is duibhe an fhéasóig atá air ná an daol fhéin
+–
Tá sé thíos sa Dumhach Dubh (ainm garraí, fc. dumhach)
Cuir na beithígh soir ar na Caoráin Dubha (ainm áite. Cnocáin riastacha atá ann)
TUILLEADH (1) ▼
An Charraig Dhubh, Poll na Carraige Duibhe (áiteacha sa gcladach. Tá feamainn dubh ar an gcarraig)
+–
An Gadaí Dubh Ó Dúbháin (duine atá an-tréan i scéalta)
Pádraig Dubh (forainm duine)
TUILLEADH (3) ▼
"'Sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh" (líne as rann)
Má fhaigheann pus dubh (cat) greim uirthi is gearr é a saol (éan)
Gabha dubh é — gabha ceártan
b.
+–
Tá crúba (cosa, lámha srl.) dubha agat — salach, brocach
Tá do chosa an-dubh: is mór an náire dhuit é nach mbuailfeá boslach orthu
TUILLEADH (4) ▼
Tá do léine chomh dubh leis an bpota — salach, brocach
Tá sé chomh dubh le scuabadóir; tá sé chomh dubh leis an sweep
Bhí léine ar a chraiceann chomh dubh leis an sweep
Tá sé dubh ag an scuabadóireacht (ag an ngual srl.)
+–
Tháinig cois dhubh isteach (leasainm)
Cá raibh tú a chois dhubh (leasainm an pháiste a mbeadh cosa salacha air)
TUILLEADH (2) ▼
Céard a bhí smut dubh sin a dhéanamh ann (ainm fonóideach ar dhuine a mbeadh éadan salach aige, nó a bheadh dubh le féasóig)
Scread mhaidne air an pus dubh! (fear)
c.
+–
Tá an áit dubh le daoine — an áit faoi dhaoine ar fad; mathshlua mór ann
Bhí an bóthar dubh le daoine ag dul soir ann
TUILLEADH (4) ▼
Tá an baile sin thoir dubh le Gaeilgeoirí. Ní réiteodh cearc a hál ann leo.
Tá an pháirc dubh le beithígh aige. Dar fia tá luach airgid aige má dhíolann sé iad siúd uilig, ach ní dhíolfaidh
Beannacht Dé dhuit! Ní raibh áit suí ná seasta ann, agus bhí an tsráid dubh le daoine taobh amuigh ag iarraidh a dhul isteach agus gan iad ag fáil cead
Murach an cogadh, bheadh an trá sin dubh le muintir na Gaillimhe chuile Dhomhnach. Theagaidís amach ina gcuid mótars ann thar a chéile, ach níl aon ghair acu é sin a dhéanamh anois. Earra ghann iad na mótars ar an saol seo
2.
+–
Tá go leor maidí dubha sa bportach sin — cineál adhmaid ar nós giúsaí a bhíos sna portaigh
Tá cosa dubha ann — cineál feamainne (fc. cos)
TUILLEADH (7) ▼
Seo í an mhí dhubh den bhliain — céad mhí na bliana; an dubhluachair
Is geal leis an bhfiach dubh a éinín fhéin
Sioc dubh a bhí ann — cuisne
Sin mullaí dubha — (i) cineál tornapaí (ii) cineál éanachaí cladaigh (iii) cineál luibhe i bhféar (fc. mullach)
Tá tóineannaí dubha ar an aer — cineál néalta (fc. tóin)
Déanfaidh an t-éadach grán dubh má fhágann tú ansin é (fc. grán)
Tá go leor sméara dubha ann — sméara
·
Tá sé dubhghorm (dathannaí eile le dubh: dubhghlas, dubh-buí, dubhdhearg, dubhrua, dubhdhóite (dath dubh mar a bheadh rud dóite ann), dubhdhonn, dubhchrón srl.)
3.
brónach, buartha, dóite srl.
a.
+–
Tá mo chroí chomh dubh (brónach) le gual (le gual ceártan)
Bhí a croí chomh dubh leis an ngual ón lá a bhfuair a mac bás
TUILLEADH (2) ▼
Tá mo chroí ina ghual dubh in mo lár. Is fada liom go gcuire Dia fios orm
Bhí a chroí ina ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta
+–
Go dtuga Dia leis a leath mar tá mo chroí dubh acu — bean ag ceasacht ábhailleacht agus mí-ádh páistí
Éirigh as. Tá mo chroí dubh agat — tá cantal nó brón orm de do bharr; tá goirín ar mo chroí agat
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an dochar dhom croí dubh féin a bheith agam ag éisteacht libhse ó mhaidin go faoithin
Sin é a d'fhága croí dubh agamsa. Ní raibh mé ar mo chóir féin ó shin, ná ní bhéad nó go dté mé i dtalamh
b.
·
Tá leanndubh air — brón, dólás
4.
a.
+–
Ní fhaca mé é dubh bán ná dubh buí; ní fhaca mé é dubh buí ná bán — ní fhaca mé é dubh ná dath; chor ar bith; beag ná mór
Níl a fhios againn dubh bán ná dubh buí céard is cor dó ar an aimsir seo. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhá chaitheamh is dóigh
TUILLEADH (4) ▼
Do chroí bruite ag an diabhal le caint a bheith ort. Cá bhfios domsa dubh buí na bán céard a d'éirigh de do chaipín! 'Sí an frae í
Ní hé a bhí ann dubh bán ná dubh buí. Dá mba é, labhródh sé. Nach mé nach n-aithneodh é go deimhin! D'aithneoinn a straois i gcac bó!
Ní raibh mo phlése leis dubh bán na dubh buí, ach ní shaorfainn an dream eile nach mb'fhéidir nach ndéanfaidís é má chuimhnigh siad air. Tá siad sách mí-ásach le rud ar bith a dhéanamh — an dream céanna
Ní éileoinn air é dubh buí na bán murach go raibh mo cheann féin buailte suas agus go gcaithfinn a dhul siar ar uain nó ar éigean
+–
Cinnfidh sé dubh is dubh ort a dhéanamh — críochnaithe; amach is amach
Chinn sé dubh is dubh orm aon cheart a bhaint di, théis gur fhéach mé chuile chaoi léithe. Ach bhí sí an-dána den domhan
TUILLEADH (4) ▼
D'fhéach sé mé dubh is dubh gaoth a thabhairt di (cloch a ardú). Agus ba é mo chlochneart a cur go dtí mo ghlúine 'théis gur chuir seisean go dtí n-a lár í. Ach tá an spreacadh mór ann bail ó Dhia air!
Ba é a chlochneart dubh is dubh an garraí a chur dhá lá. Is cuimhneach liomsa go maith nár fhága mé féin aon fhód istigh ar a chorp nár chuir mé lá amháin. Bíodh a fhios agat go mba saothraí mór mise tamall!
Chinnfeadh sé dubh is dubh orm an t-asal a sháinniú murach gasúir T. S. Chuaigh siad roimhe dhom nó go bhfuair mé greim air, ach tá buairthín anois air nach gcorróidh sé. Dar diagaí ní chorróidh!
Chinnfeadh sé dubh is dubh orthu an Ghearmáin a bhualadh murach Meiriceá! Breá an scéal atá agat! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriceá. Ach is suarach an t-ionadh sin. Cuid den mhuic an drioball
+–
Cinnfidh sé dubh is daite ort an oiread móna a bheith agat agus a chuirfeas go móin nua thú. Tuilleadh ghéar den diabhal agat! Róshantach atá tú ag an airgead. Ní raibh aon mhaith ann ach a díol as éadan — cinnfidh sé amach is amach ort srl. (is treise é ná cinnfidh sé dubh is dubh ort)
Chinn sé dubh is daite ar J. B. an scorach sin ag T. P. a leagan a (/ə/: do?) chorchoraíocht. M'anamsa ón diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé lena athair mura ndéanadh
TUILLEADH (2) ▼
Féachfaidh sé dubh is daite thú breith ar an traein anois ó tharla nár thóg an bus thú. Tá siad sin féin (na busannaí) ballséiriúil go leor scaití. Diabhal bréag nach bhfuil
b.
+–
Níor tháinig sé dubh ná dath — chor ar bith; beag ná mór; dubh bán ná dubh buí
Níl sé le feiceáil dubh ná dath ar an saol seo, hé brí cá mbíonn sé sáite
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan a bhfaca mé dubh ná dath dhe. Chaithfeadh sé gur imithe atá sé
Níor leag mé láimh air dubh ná dath. Ach is gearr air sin bréag a chur orm
Dhá mba mise thusa, ní chuirfinn araoid air dubh ná dath ach cead an bhealaigh a thabhairt dó. Is mór an sásamh leis araoid a chur air. Tarraingeoidh sé slí chainte air, agus sin é a bhfuil uaidh
Dheamhan mo chos a chuaigh ann dubh ná dath. Ar ndóigh bhí a ndóthain ann de m'uireasa, go lige Dia slán na daoine
Ní bheannaím dhó dubh ná dath. Dhá bhféadadh duine beannú dhó ach gan mór ná beag thairis sin a dhéanamh leis, bheadh an scéal ceart, ach do dhúshlán déan sin. Má bhíonn sé ag beannú dhuit chor ar bith, ní mian leis gan a bheith ina dhá chuid déag leat, ach is gearr idir a ghol agus a gháire
Níor tháinig sé abhaile dubh ná dath ó chuaigh sé ann. Dheamhan a chos siúd a thaobhós an baile níos mó
+–
Níl mé ag fáil mámh dubh ná dath. Dheamhan a bholadh le uair
Níl lá dubh ná dath ag teacht (tirim) anois. Níor facthas a leithide d'aimsir ó cruthaíodh an chéad fhear
TUILLEADH (4) ▼
Níl ceap dubh ná dath sa teach seo anois théis go raibh dhá cheap ann tá bliain ó shin. Ach ní bheadh fad méire istigh faoi chaolachaí an tí nach mbeadh scuabtha ag na creachadóirí sin síos
Níl píopa dubh ná dath agam ó bhris mé an seandúidín cailce inné … Titim as póca mo bháscóta deile! Tá mé in anchaoi ceart críochnaithe
Ní raibh fód dubh ná dath aige (de thalamh) nó gur thug an deartháir garraí ansin thiar dhó le teann trua. Anois is mó talamh é ná aon duine istigh ar an mbaile. Ní fheicimse dream ar bith is mó a mbíonn an t-ádh orthu ná pailitéaraí. Féacha an ceann seo thíos …
Níl láí dubh ná dath ag gabháil linn. An seancheann a bhí ann, briseadh ar an bportach í
dubh in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Níl aon lonta dubha ná aon chéirseachaí ag taithí anseo chor ar bith anois ó réitíodh na crígheannaí ansin siar. Dheamhan fara acu ann
→
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
→
foirm
Tá fuirseadh mór cainte aige ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mura mbeadh a fhios agat cé hé fhéin
→
froigisí
Tá na seálta froigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr le aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar chomh suntasach orthu le na seálta eile
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fágtha
Ní fhaca tú aon duine ariamh ba fágtha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche chomh dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eolas choíchin as.
→
fáideog
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
→
fáinne
Cé leis an cat dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithithe ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaighinnse ligean air, ní thabharfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
→
carcair
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giúsaí agus maidí dubha suas ansin fadó, ach ní fheicfeá ceann ar bith anois.
→
ceasúil
Feoil an-cheasúil í an mhuiceoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mura bhfaighinn ruainne dubh, ní bhacfainn chor ar bith léithe.
Fuadaíodh amach sa teiscinn choimhthíoch é, 'siar ó Árainn, agus níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ó shin.
Níl aon cheo dhá ndéanann duine as bealach, i ngan fhios ná i gcomhfhios, nach bhfuil scríofa síos ansiúd ar leabhar an chuntais, agus dúshlán aon duine dallach dubh a chur ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfaidh na bréaga, a mhic ó.
→
cora
Is míthapúil an áit í an chora sin le theacht inti san oíche. Fhóbair gur bascadh mé oíche cheana inti. Bhí an oíche chomh dubh leis an daol agus gan fhios agam cá gcuirfinn mo chois, ach ag sméarthacht liom.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
+
→
bealach
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oíche nuair a bheas muid ann.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na hiongan as a bhealach fhéin le fóirithint a dhéanamh ort.
→
bealaigh
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
+
→
coraice
Tabharfaidh coraice dhubh na bliana a sháith le déanamh dhó — ní sháróidh sé dubhluachair na bliana.
TUILLEADH (17) ▼
Ní anois a theastódh farae ar bith uathub ach amach i gcoraice dhuibh na bliana nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar an talamh.
Ní sháinneodh duine ar bith aon chaora anois — i gcoraice dhuibh na bliana thall. Cead scoir a bhí a thabhairt dóibh. Ar ndóigh ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh agus chomh lom agus atá chuile áit.
Shílfeá gurb é coraice dhubh na bliana atá agaibh ann leis an ngliúrach de thine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh nach fuacht atá san aimsir!
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
Cé nach bhfuil tú a thabhairt do na beithígh sheasca ach an ghabháilín fhéir sin? Is gearr le dhul orthub an teirgéis sin ar choraice dhuibh na bliana agus gan soláthar na solamar ar an talamh.
Gearrógaí dubha na Nollag, coraice dhubh na bliana, laethantaí na riabhaí, gairfean na gcuach, agus gaoth rua na Féile Sin Seáin — sin iad a chuireanns cruit ar an seaneallach. 'Siad, agus ar an duine fhéin go minic.
I nDomhnach, bhí an lá inniu chomh dona le aon lá a tháinig ar choraice dhuibh na bliana. Bhí barr sneachta ar an mbáistigh a chaith sé taca am dinnéir.
'Sí an mhí seo anois, agus cuid den mhí seo chugainn, coraice dhubh na bliana. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
Is deas í bhur gceird gan bhréig, dhár gcrapadh fhéin suas chois claíochaí faoi ghaoith agus faoi dheallradh, agus ag fanacht ansin i gcaitheamh na hoíche. Cén bhrí ach an uair atá ann — coraice dhubh na bliana. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí Mheáin an tsamhraidh, ní áirím anois.
Geimhreadh! Is beag an bhrí é fós go dteaga coraice dhubh na bliana.
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coraice dhubh na bliana, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. Mí na bhFaoillí a mharaíonns na caoirigh. Ba mhinic adeireadh M. Th. fadó é, go ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na huaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air ach a dteaga coraice dhubh na bliana. Déanfaidh sí sin a chreach.
An bhfaca tú uair chomh breá léithe ariamh ar choraice dhubh na bliana. Má tá sí buille fuar fhéin, tá sí teann tirim, agus dar príocaí, is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit ina mhoirt ag an mbáistigh, ach chreidim gurb é nádúr na haire é. Deile cén chaoi a mbeadh sí ar choraice dhubh na bliana.
Rugadh uainín dhom anseo an bhliain cheana ar choraice dhubh na bliana. Ba é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaol ariamh aon díthreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd ina dhiaidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
+
→
crinn
Chuirfeadh sé sin an dubh ina gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá ag cumadóireacht é, agus dheamhan aithne air nach é cnámh chrinnte na fírinne a bheadh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an choimhlint chomh géar orainn, agus curach na bhF. dhár gcrinneadh, agus gur bhuail faitíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais sa gcóir, go ndéanfadh sí puca dubh ais dubh dhínn.
→
cromnasc
Más fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil, a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na hiongan ormsa aríst, gheobhaidh mé rud ina ómós, feicfidh tú fhéin air.
→
crígh
Dheamhan crígh ná tom ar an mbaile nár casadh orainn! Is ait a chruthaigh muid agus ár mbealach a dhéanamh chor ar bith agus chomh dubh agus a bhí an oíche.
+
→
críoch
Crígh Fódla, Crígh Banbhan, Crígh Mhuire, Dhá Chrígh Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur 6 atá i gceist anseo. Tá neart acu ann, ar aon nós!)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ina chónaí ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann)
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéanna)
→
cuach
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo agus cuirfidh duine ar bith dallach dubh orthub!
→
boscaed
B'fhearr duit boscaeidín fataí nua a bhaint. Mura bhfuil siad isteach anois, ní bheidh siad isteach i mbliana, agus é ina Dhomhnach Chrom Dubh thall — tá sé in am ag na fataí nua a bheith in alt a mbainte feasta agus Domhnach Chrom Dubh ar fáil.