Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dath (50+)

+
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
+
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
 
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
 
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? 'Sí atá friochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhthís uirthi a theacht isteach anseo. Dheamhan é muis
 
fág
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé ansin é inné. Ach cár fhága tú ábhailleacht ghasúir ar ndóigh? Tá an clampar orthu. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le chuile shórt
 
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
 
cailm
D'ól sé sé ghailleog as cosa i dtaca agus dheamhan a dhath cailm a chuir siad air — d'ól sé sé ghloine poitín go dlúth i ndiaidh a chéile agus níor chuir siad lá mairge air ina dhiaidh sin.
 
ceal 1
Cheal cleachtadh atá dhá dhéanamh sin dhuit. Dheamhan a dhath stró a bheas ort ach a mbeidh tú déanta ar an obair — ach a dtaga tú i gcleachtadh na hoibre, ní bheidh mairg ar bith ort.
 
Fuadaíodh amach sa teiscinn choimhthíoch é, 'siar ó Árainn, agus níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ó shin.
 
I nDomhnach, tá siad dhá hardú leob anois i ngan fhios ais i gcomhfhios. Maidir le go bhfuil suim acub duine dhá bhfeiceáil, dheamhan a dhath, ach an oiread is dá mba leob fhéin í. Múinfidh sin mise aríst gan mo chuid móna a chur amach ann.
 
Nach diabhaltaí an aois atá sé a fháil! Tá sé corradh ar dheich mbliana is cheithre fichid anois, agus dheamhan a dhath mairg fós air, cé is moite dhá amharc.
 
Bhí an toirneach chéatach ann, agus bhainfeá deilgne amach le chaon scail. Agus má ba ea fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach ag borradh leis.
+
Is beag capall ar bith a d'fheicfeá ar a dath. Sórt céileog í.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta a aithinte iad — péire céileogaí a bhí iontub. Dá gcastaí leat iad, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dóibh ar a ndath.
 
A dhiabhail álainn, má bhíonn tú i bhfad ar an sníomh sin leis an gcathaoir is gearr gur ina círéabachaí a bheas sí agat. Ach dheamhan an miste leat. Ní chuirfidh sé a dhath mairge ort.
 
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
 
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
+
bannaí 1
Dheamhan a dhath a rinneadh air ach é a chur faoi bhannaí (bannaí a chur air)
TUILLEADH (1) ▼
Is díth céillí an mhaise dhuit é má ghlac tú bannaí béil ar scéal den tsórt sin. Níl a dhath maitheasa ann gan scríbhinn a bheith tarraingthe air
+
Ní fhéadfar a dhath a dhéanamh ar na gasúir mura dté siad 'na scoile féin — in áit nach bhfuil bóthar ná bealach faoina gcois — ach an criathrach báite.
TUILLEADH (3) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith ag saibhseáil mar sin leis. Scaoil bealach leis.
Ní chuirfeadh sé é féin as a bhealach a dhath leis an tine a thógáil de do chois.
Má bhí tú as bealach thú fhéin, céard a fhéadfas tú a dhéanamh air. Níl a dhath maitheasa dhuit ag dhul chun dlí leis.
 
Tá sé ina chaidhfte i gcónaí ar an teallach againn, agus ní bheadh a dhath bealaíochta, ná beadaíochta ann i ngan fhios dó!
 
Níl sí ach ag cnádadh léithe. Dheamhan a dhath lasair ag teacht uirthi ach a bhfuil sa mbéalóig seo — tine a bheadh ag dó léithe go righin, ar bheagán teasa ná lasrach.
 
Dhá ba aon duine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imeodh sé i ndiaidh a chinn roimhe agus dheamhan a chos a thaobhódh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
+
beo 1
Mura lige tú de do chuid gáirsiúlachta ní fhágfaidh mé a dhath dhíot beo (ní fhágfaidh mé aon cheo beo dhíot srl.).
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a dhath mairge uirthi. 'Sí atá beo beithíoch fós.
 
binse
Dheamhan a n-aireofá a dhath an tsleádóireacht dhá mbeadh binse tirim agat. Ach is sraimlí an saothar a bheith coraíocht le binse fliuch
+
bocht 1
Bhí dath gach bó ar sliabh acub tamall, ach ní mórán le beo bocht iad anois.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a dhath ariamh a d'éirigh dhom ach gur sheas mé ar chloich ghéir agus rinne sí sileadh. Ach i nDomhnach, is bocht an chois anois í.
 
Dheamhan a dhath éirime istigh i gcloigeann an bhodhránaigh sin, agus mura bhfuil fhéin, ba dual dó a bheith amhlaidh.
 
Dhá mbeifeá ar an mbollaireacht sin anois go dtitfeadh an teanga asat, is aon mhaith amháin duit é. Dheamhan a dhath tortha a gheobhas tú!
 
Tá riascannaí dubha istigh i lár an choca, muran rófhliuch a bhí an féar nuair a rinneadh é agus ghur bhreoigh sé. Ach pé acu sin é, dheamhan a dhath loicht ag na beithígh air.
 
Níl a dhath (pioc srl.) aiféala orm go ndeachaigh mé go Meiriceá. Is mó go mór an t-aiféala a bheadh orm dhá bhfanainn as.
 
Théis ar buaileadh de bháistigh air ó rinneadh é (caisleán), dheamhan a dhath fhéin den mhoirtéal ar bogadh fós ann. Is diabhaltaí an bua a bhí ag na saoir fadó ag déanamh moirtéil.
 
Dheamhan a dhath ariamh a rinne sé ach snaidhm den bhuailteán a thabhairt aniar ó mhaol na gualann dhó, agus é a shíneadh mín marbh san easair.
 
D'fhan mé ann go raibh an charraig ionann is folcaithe ach ba aon mhaith amháin dom é, ní raibh a dhath bualadh ar an iasc.
 
Drochghual é sin. Níl a dhath buanadais ann. Is maith an dícheall do dhuine é a choinneáil caite ar an tine
 
buil
Ní buil le Tom a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, agus dheamhan mé nach bhfuil sin le tógáil air, ná ar dhuine ar bith eile a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtaine.
 
buinne 1
Níl a dhath maitheasa dhuit tairní a chur inti. Éireoidh sí aríst. Níor mór stuáil nó buinne a chur isteach faoin tosach lena choinneáil fáiscthe síos.
 
Dheamhan a dhath ariamh a d'éirigh dhó ach gur sheas sé ar chlochín ghéir ansin amuigh agus d'at a chois go raibh sí ina búistiún.
+
ainm
Ní bheadh a dhath scrupaill aige siúd sagart an pharóiste a bhaint as a ainm.
TUILLEADH (1) ▼
In ainm is a bheith ag fáil bháis atá sé ó tháinig cuimhne dhom, agus ní fheiceann muid a dhath clóice fós air.
 
Bhí pian ghártha orm, agus ainneoin sin (.i. thar éis sin), ní dhearna mé a dhath éagaoineadh.
+
aird 2
Dheamhan a dhath airde a thug mise air.
TUILLEADH (2) ▼
Níor thug mé a dhath airde ariamh (aird ar bith) ar a chuid gaotaireachta, ach an oiread agus dá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile.
Ní bhfaighidh tú a dhath airde uaidh siúd.