Dubh
—aidiacht; do-bhriathar
1.
dath: malrait geal, gan aon-tsolus, dorcha, feó, seargadh.
a.
+–
Oíche dhubh í
Is maith dubh an oíche í
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an oíche aréir an-dubh go deó agus níl tada le reic ag an oíche anocht féin, tá sí sách dubh
Pruchóg dhubh (dhorcha) de theach é = gan aon-tsolas ann; é an-phlúchta
Tá an uain (uaimh) sin dubh. Ní mór duit solas le dhul isteach innte
+–
Caora dhubh (bó dhubh, fear dubh, bean dhubh, bréidín dubh, fiach dubh, olann dhubh, éadach dubh, bróga dubha, móin dhubh, feamainn dubh, arán dubh, an fiabhras dubh, agus rl.)
Diabhail dhubha uiliog iad (cártaí) = dubh atá siad fré chéile
TUILLEADH (2) ▼
Más geal nó dubh anois í caithfidh tú a tabhairt leat ó rinne tú an margadh
Bíonn go leór giorriachaí san gcíb dhubh sin = cineál cíbe ar eascaíochaí boga agus dath dubh uirre
+–
Dath dubh atá air = éadach agus eile
Cuirfidh mé dath dubh ort le mbuailfidh mé ort mara n-eirí tú as
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága sé dath dubh air leis an lascadh a thug sé dhó
Tá dath dubh air leis an bhfuacht
Tá sé dubh thar duine eile (snuadh, gné chraicinn, gruaig agus rl.)
Tá sí buille dubh, ach níl sí ro-dhubh. Is mó an slacht ar dhuine a bheith roinnt dubh
+–
Tá sé chomh dubh leis an sméir (leis an ngual, leis an bhfiach, le clúmhach an fhéir, leis an bhfiach dubh, leis an áirne, le pic, leis an bpúca, leis an bpota, le diabhal as ifreann, le anam tincéara agus rl.)
Tá gruaig uirre cho dubh leis an sméir
TUILLEADH (6) ▼
Tá súile aige chomh dubh le áirne
Tá an oíche cho dubh leis an bpúca (leis an bpic, leis an bpota, le anam tincéara)
Tá sé cho dubh le diabhal as Ifreann (duine)
Tá sé cho dubh leis an daol.
Ní duibhe an daol fhéin ná é
Is duibhe an fhéasóig atá air ná an daol fhéin
+–
Tá sé thíos san dúmhach dubh (ainm garraí. fc. dúmhach)
Cuir na beithigh soir ar na Caoráin Dubha (ainm áite. Cnocáin Riastacha atá ann)
TUILLEADH (1) ▼
An Charraig Dhubh, Poll na Carraige Duibhe (áiteacha san gcladach. Tá feamainn dubh ar an gcarraig)
+–
An Gadaí Dubh Ó Dúbháin (duine atá an-tréan i scéalta)
Pádraig Dubh (forainm duine)
TUILLEADH (3) ▼
"Sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh" (líne as rann)
Má fhaghann pus dubh (cut) greim uirre is gearr é a saol (éan)
Gabha dubh é = gabha ceártan
b.
+–
Tá crúba (cosa, lámha agus rl.) dubha agad = salach, brocach
Tá do chosa an-dubh: is mór an náire dhuit é nach mbuailfeá baslach orra
TUILLEADH (4) ▼
Tá do léine cho dubh leis an bpota = salach, brocach
Tá sé cho dubh le scuabadóir; tá sé cho dubh leis an "sweep"
Bhí léine ar a chraiceann cho dubh leis an "sweep"
Tá sé dubh ag an scúabadóireacht (ag an ngual agus rl.)
+–
Tháinic cois dhubh isteach (leasainm)
Cá raibh tú a chois dhubh (leasainm an pháiste a mbeadh cosa salacha air)
TUILLEADH (2) ▼
Céard a bhí smut dubh sin a dhéanamh ann (ainm fonóideach ar dhuine a mbeadh éadan salach aige, nó a bheadh dubh le féasóig)
Scread mhaidne air an pus dubh! (fear)
c.
+–
Tá an áit dubh le daoine = an áit faoi dhaoine ar fad; mathshlua mór ann
Bhí an bóthar dubh le daoine ag dul soir ann
TUILLEADH (4) ▼
Tá an baile sin thoir dubh le "gaeilgeóirí." Ní réiteódh cearc a h-ál ann leó.
Tá an pháirc dubh le beithigh aige. Dar fia tá luach airgid aige má dhíolann sé iad siúd uilig, ach ní dhíolfaidh
Beannacht Dé dhuit! Ní raibh áit suí ná seasta ann, agus bhí an tsráid dubh le daoine taobh amuigh ag iarraidh a dhul isteach agus gan iad ag fáil cead
Marach an cogadh, bheadh an tráigh sin dubh le muintir na G. chuile Dhomhnach. Theagaidís amach ina gcuid "mótars" ann thar a chéile, ach níl aon-ghoir aca é sin a dhéanamh anois. Earradh ghann iad na "mótars" ar an saol seo
2.
+–
Tá go leor maidí dubha san bportach sin = cineál adhmaid ar nós giúsaí a bhíos sna portaí
Tá cosa dubha ann = cineál feamainne (fc. cosa)
TUILLEADH (7) ▼
Seo í an mhí dhubh den bhliain = céad mhí na bliana; an dubhluachair
Is geal leis an bhfiach dubh a éinín fhéin
Sioc dubh a bhí ann = cuisne
Sin mullaí dubha = (i) cineál turnapaí (2) cineál éanachaí cladaigh. (iii) cineál luibhe i bhféar (fc. mullach)
Tá tóineannaí dubha ar an aer = cineál néalta (Fc. tóin)
Déanfaidh an t-éadach grándubh má fhágann tú annsin é (fc. grán)
Tá go leor sméara dubha ann = sméara
·
Tá sé dubh-ghorm (dathannaí eile le dubh: dubh-ghlas, dub-buí, dubh-dhearg, dubh-rua, dubh-dhóite (dath dubh mar a bheadh rud dóite ann), dubh-dhonn, dubh-chrón agus rl.)
3.
brónach, buartha, dóite agus rl.
a.
+–
Tá mo chroí cho dubh (brónach) le gual (le gual ceártan)
Bhí a croí cho dubh leis an ngual ó'n lá a bhfuair a mac bás
TUILLEADH (2) ▼
Tá mo chroí in a ghual dubh in mo lár. Is fada liom go gcuire Dia fios orm
Bhí a chroí in a ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta
+–
Go dtuga Dia leis a leath mar tá mo chroí dubh aca = bean ag ceasacht ámhailleacht agus míádh páistí
Eirigh as. Tá mo chroí dubh agad = tá cantal nó brón orm de do bharr; tá guirín ar mo chroí agad
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an dochar dhom croí dubh féin a bheith agam ag éisteacht libse ó mhaidin go faoithin
Sin é a d'fhága croí dubh agamsa. Ní raibh mé ar mo chóir féin ó shoin, ná ní bhéad nó go dteighe mé idtalamh
b.
·
Tá lionndubh (leanndubh) air = brón, dólás
4.
a.
+–
Ní fhaca mé é dubh bán ná dubh buí; ní fhaca mé é dubh buí ná bán = ní fhaca mé é duth ná dath; chor ar bith; beag ná mór
Níl a fhios againn dubh bán ná dubh buí céard is cor dó ar an aimsir seo. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhá chaitheamh is dóigh.
TUILLEADH (4) ▼
Do chroí bruithte ag an diabhal le caint a bheith ort. Cá bhfios domsa dubh buí na bán céard adeirigh de do chaipín! Sí an frae í
Ní hé a bhí ann dubh bán ná dubh buí. Dá mbadh é, labhaireódh sé. Nach mé nach n-aithneódh é go deimhin! D'aithneóinn a straois i gcac bó!
Ní raibh mo phlé-sa leis dubh bán na dubh buí, ach ní shaorfainn an dream eile nach mb'fhéidir nach ndéanfaidís é, má chuimnigh siad air. Tá siad sách míádhasach le rud ar bith a dhéanamh — an dream céanna
Ní éileóinn air é dubh buí na bán marach go raibh mo cheann féin buailte suas, agus go gcaithfinn a dhul siar ar uain nó ar éigin
+–
Cinnfidh sé dubh agus dubh ort a dhéanamh = críochnuithe; amach agus amach
Chinn sé dubh agus dubh orm aon-cheart a bhaint di, th'éis gur fhéach mé chuile chaoi léithe. Ach bhí sí an-dána den domhan
TUILLEADH (4) ▼
D'fhéach sé mé dubh agus dubh gaoth a thabhairt di (cloch a ardú). Agus ba é mo chloch neart a cur go dtí mo ghlúine 'th'éis gur chuir seisean go dtín a lár í. Ach tá an spreacadh mór ann bail ó Dhia air!
Ba é a chloch neart dubh agus dubh an garraí a chur dhá lá. Is cuímneach liomsa go maith nachar fhága mé féin aon-fhód istigh ar a chorp nachar chuir mé lá amháin. Bíodh a fhios agad go mba saoraí mór mise tamall!
Chinnfeadh sé dubh agus dubh orm an t-asal a sháinniú marach gasúir T. S. Chuaigh siad roimhe dhom nó go bhfuair mé greim air, ach tá buairín anois air nach gcorróidh sé. Dar Diagaí ní chorróidh!
Chinnfeadh sé dubh agus dubh orra an Ghearmáin a bhualadh marach Meiriocá! Breá an scéal atá agud! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon-chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriocá. Ach is suarach an t-íonadh sin. Cuid den mhuic an drioball
+–
Cinnfidh sé dubh agus daite ort an oiread móna a bheith agad agus a chuirfeas go móin nua thú. Tuilleadh ghéar don diabhal agad! Ro-shanntach atá tú ag an airgead. Ní raibh aon-mhaith ann ach a díol as éadan = cinnfidh sé amach agus amach ort agus rl. (is treise é na "cinnfidh sé dubh agus dubh ort")
Chinn sé dubh agus daite ar J. B. an scurach sin ag T. P. a leagan i (/ə/ : do?) chor charaíocht. M'anamsa ó'n diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé len a athair mara ndéanadh
TUILLEADH (2) ▼
Féachfaidh sé dubh agus daite thú breith ar an traen anois, ó thárla nachar thóig an bus thú. Tá siad sin féin (na busannaí) ballséiriúil go leór scaithtí. Diabhal bréag nach bhfuil
b.
+–
Níor tháinig sé duth ná dath = chor ar bith; beag ná mór; dubh bán ná dubh buí
Níl sé le feiceál duth ná dath ar an saol seo hébrí cá mbíonn sé sáite
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan a bhfaca mé duth ná dath dhe. Chaithfeadh sé gur imithe atá sé
Níor leag mé láimh air duth ná dath. Ach is geárr air sin bréag a chur orm
Dhá mba mise thusa ní chuirfinn araoid air duth ná dath ach cead an bhealaigh a thabhairt dó. Is mór an sásamh leis araoid a chur air. Tarraingeóidh sé slí chainte air, agus sin é a bhfuil uaidh
Dheamhan mo chos a chuaigh ann duth ná dath. 'Ar ndú' bhí a ndóthain ann dem uireasa, go leigidh Dia slán na daoine
Ní bheannaím dhó duth ná dath. Dhá bhféadadh duine beannú dhó ach gan mór ná beag thairis sin a dhéanamh leis, bheadh an scéal ceart, ach do dhúshlán déan sin. Má bhíonn sé ag beannú dhuit chor ar bith, ní mian leis gan a bheith in a dhá chuid déag leat, ach is gearr idir a ghol agus a gháire.
Níor tháinic sé abhaile duth ná dath ó a chuaigh sé ann. Dheamhan a chos siúd a thaobhós an baile níos mó
+–
Níl mé ag fáil mámh duth ná dath. Dheamhan a bhaladh le uair
Níl lá duth ná dath ag teacht (tirm) anois. Níor facthas a leithide d'aimsir ó cruthaíodh an chéad-fhear
TUILLEADH (4) ▼
Níl ceap duth ná dath san teach seo anois th'éis go raibh dhá cheap ann tá bliain ó shoin. Ach ní bheadh fad méire istigh faoi chaolachaí an tí nach mbeadh scuabtha ag na creachadóirí sin síos
Níl píopa duth ná dath agam ó a bhris mé an seandúidín cailce indé … Tuitim as póca mo bháscóta 'deile! Tá mé in anchaoi ceart críochnuithe
Ní raibh fód duth ná dath aige (de thalamh) nó gur thug an deárthair garraí annsin thiar dhó le teann truaighe. Anois is mó talamh é ná aonduine istigh ar an mbaile. Ní fheicimse dream ar bith is mó a mbíonn an t-ádh orra ná poilitéaraí. Feacha an ceann seo thíos …
Níl láidhe duth ná dath ag gabhail linn. An sean-cheann a bhí ann briseadh ar an bportach í.
Dubh in iontrálacha eile (50+)
+
Tá dubh-fhaitíos air go gcuirfí san bpríosún é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an dubh-fhaitíos air ag dul isteach
→
fara
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
→
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
→
froigisí
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
→
fág gan
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fágtha
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
→
fáideog
Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht. Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
→
fáinne
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
→
carcair
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giumhasaighe, a's maidí dubha suas annsin fadó, ach ní fheicfeá ceann a' bith anois.
→
ceasúil
Feoil an-cheasamhail í an mhuicfheoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mara bhfaghainn ruainne dubh, ní bhacfainn chor a' bith léithe.
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
→
cora
Is mío-thapamhail an áit í an charra sin le theacht innte 'san oidhche. Fhobair gur bascadh mé oidhche cheana innte. Bhí an oidhche chomh dubh leis a' daol, a's gan fhios agam, cá 'gcuirfinn mo chois, ach a' sméarthacht liom.
Ní mó ná dhá mbeadh Céadtach ar a' saoghal anois, go mbeadh sé indon deasú leis siúd. Tá sé dubh-láidir.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shoin. Cneamhaire eicínt a d'árduigh leis í a's a d'ith í. 'D'eile!
+
→
bealach
Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
TUILLEADH (2) ▼
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oidhche nuair a bheidheas muid ann.
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
→
bealaigh
Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
+
→
coraice
Tiubharfa coruice dhubh na bliadhna a sháith le déanamh dhó = ní shárócha sé dubh-luachair na bliadhna.
TUILLEADH (17) ▼
Ní anois a theastóchadh farae ar bith uatha(b) ach amach i gcoruice dhuibh na bliadhna, nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar a' talamh.
Ní sháinneochadh duine 'bith aon-chaora anois — i gcoruice dhuibh na bliadhna thall. Cead scuir a bhí a thabhairt dóib. Ar ndú (dar ndóigh) ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh, a's chomh lom a's tá 'chuile áit.
Shílfeá gurab é coruice dhubh na bliadhna atá agaibh ann leis a' ngliúrach {{(gleorach) de theine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh, nach fuacht atá 'san aimsir!
Is measa é ná coruice dhubh an gheimhridh le fearthainn a's gairbhshion. Nach a' séideadh báistighe atá sé le coigcigthis i mbéal a chéile!
Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin? Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
Gearrógaí dubha na Nodlag, coruice dhubh na bliadhna, laetheantaí na Riabhaighe, Gairbhshion na gCuach, a's gaoth ruadh na Féile Sin Seáin — sin iad a chuirea(nn)s cruit ar an sean-eallach. 'Siad, agus ar a' duine fhéin go minic.
InDomhnach bhí an lá indiu chomh dona le aon-lá a tháinic ar choruice dhuibh na bliadhna. Bhí barr sneachta ar a' mbáist(igh) a chaith sé taca am 'dinnéir.
'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
Is deas í 'ur gceird gan bhréig, dhár gcrupadh fhéin suas chois claidhtheachaí faoi ghaoith a's faoi dheallradh, a's a' fanacht annsin i gcaitheamh na h-oidhche. Cé'n bhrigh ach an uair atá ann — coruice dhubh na bliadhna. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí mheodhain a' tSamhraidh, ní áirmhighim anois.
Geimhreadh! Is beag a' bhrigh é fós go dteaga (dtaga) coruice dhubh na bliadhna.
Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós. Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coruice dhubh na bliadhna, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. 'Mí na bhFaoillí a mharbhuighea(nn)s na caoirigh'. Badh mhinic adeireadh M. Th. fadó é, 'ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na h-uaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air, ach a dteaga coruice dhubh na bliadhna. Déanfa sí sin a chreach.
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit in a mhoirt ag a' mbáistigh, ach chreidim gurab é nádúr na h-Uaire é. D'eile cé'n chaoi 'mbeadh sí ar choruice dhubh na bliadhna.
Rugadh uainín dhom annseo an bhliadhain cheana, ar choruice dhubh na bliadhna. Badh é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh, aon-dithreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd 'na dheidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
+
→
crinn
Chuirfead sé sin an dubh in a gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá a' cumadóireacht é, a's dheamhan aithne air nach hé cnámh chrínnte na fírinne a bheadh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an choimhlinnt chomh géar orainn, a's currach na bhF. dhá'r gcreinneadh, a's gur bhuail faitchíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais, sa gcóir, go ndéanfad sí puca dubh a's dubh dhínn.
→
cromnasc
Má's fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agad. 'Beatha do dhuine a thoil', a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na h-iongan ormsa aríst, gheobha mé rud in' omós, feicfe tú fhéin air.
→
crígh
Dheamhan crích ná tom ar a' mbaile nar casadh orainn! Is ait a chruthuigh muid a's ar mbealach a dheanamh chor ar bith, a's chomh dubh a's bhí an oidhche.
+
→
críoch
Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo. Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé in a chomhnuidhe ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann).
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéadna).
→
cuach
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo, a's cuirfe duine 'bith dallach dubh orra(b)!