Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dathaigh (13)

 
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
 
Bheadh S. sin ar siúl go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach in ann na cártaí a dhathú. Murach go bhfuil, ní bheadh bua imeartha aige mar atá.
 
Ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach é a dhathú ina chuid fola
 
Flainín geal a bhí ann i dtosach, ach dhathaigh sí é, agus tá sé ina dheargán anois. Sin é a ghnídís uileag fadó leis an bhflainín thart anseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirithe acu. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na seanmhná fós é; (n)ach a n-imí an líne seo, is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athraigh an saol le scór blianta féin
 
Ní deirgeadas ceart é sin atá ina ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith chomh lasta sin, murach go bhfuil sí dhá dathú féin
 
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dris
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh chomh cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ón am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daite é. Faltanas ar bith dhá mbíodh acu do Mh. S. ormsa a d'ídídís é, i ngeall go mba mé ba mhinicí a chastaí ina mbealach
+
dubh 1
Cinnfidh sé dubh is daite ort an oiread móna a bheith agat agus a chuirfeas go móin nua thú. Tuilleadh ghéar den diabhal agat! Róshantach atá tú ag an airgead. Ní raibh aon mhaith ann ach a díol as éadan — cinnfidh sé amach is amach ort srl. (is treise é ná cinnfidh sé dubh is dubh ort)
TUILLEADH (3) ▼
Chinn sé dubh is daite ar J. B. an scorach sin ag T. P. a leagan a (/ə/: do?) chorchoraíocht. M'anamsa ón diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé lena athair mura ndéanadh
Féachfaidh sé dubh is daite thú breith ar an traein anois ó tharla nár thóg an bus thú. Tá siad sin féin (na busannaí) ballséiriúil go leor scaití. Diabhal bréag nach bhfuil
Chinnfeadh sé dubh is daite orainn a theacht abhaile murach gur stán an lá. Bhí farraigí an-scréachanta sa sunda. Ach tá sé seanbhreá anois (fc. freisin dath, dathaigh)
 
dubh 3
Bhí sé liath gairid ó shin, ach shílfeá go bhfuil sé ag dubhú (a chuid gruaige) aríst, muran daite aige atá sí
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)