Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dathaigh (8)

 
Bheadh S. sin ar siubhal go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach indon na cártaí a dhathú. Marach go bhfuil, ní bheadh buadh imeartha aige mar atá.
 
Ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach é a dhathú in a chuid fola
 
Ní deirgeadas ceart é sin atá in a ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith cho lasta sin, marach go bhfuil sí dhá dathú féin
 
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
dubh 1
Cinnfidh sé dubh agus daite ort an oiread móna a bheith agad agus a chuirfeas go móin nua thú. Tuilleadh ghéar don diabhal agad! Ro-shanntach atá tú ag an airgead. Ní raibh aon-mhaith ann ach a díol as éadan = cinnfidh sé amach agus amach ort agus rl. (is treise é na "cinnfidh sé dubh agus dubh ort")
TUILLEADH (3) ▼
Chinn sé dubh agus daite ar J. B. an scurach sin ag T. P. a leagan i (/ə/ : do?) chor charaíocht. M'anamsa ó'n diabhal go ndearna sé puca dhe, ach ní ghabhfadh sé len a athair mara ndéanadh
Féachfaidh sé dubh agus daite thú breith ar an traen anois, ó thárla nachar thóig an bus thú. Tá siad sin féin (na busannaí) ballséiriúil go leór scaithtí. Diabhal bréag nach bhfuil
Chinnfeadh sé dubh agus daite orainn a theacht abhaile marach gur stán an lá. Bhí fairrgí an-scréachánta san Sunda. Ach tá sé sean-bhreá anois. (Fc. freisin dath, dathú)