Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gnotha (4)

 
déan 1
M'anam nach ndéanfadh sé gnatha (gnotha) do dhuine a gharrdha a fhágáil annsin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí de'n tsórt sin. Breagh nach mbíonn siad aca Dé Domhnaigh?
 
Níl gnaoithe (gnotha) ag duine ar bith a dhul thar a dhicheall. Má theigheann, beidh a shéala air. Sin é an chaoi ar bhain P. S. stangadh as féin
 
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís cho saghdtha sin ag án a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnotha 'chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléarachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sáthach diomdhach dó ar aon-chor
 
Cá mbeitheá ag tabhairt an bhuinneacháinín dhreamhailte sin, agus gan fhios nach h-iad na bodachaí móra seo suas a shiubhailfeadh air. Níl gnotha ar bith aige sin ar bhainis. Níl aon-áit feilteach dhó sin ach an áit a bhfuil sé: áit a bhfuil cathaoireacha boga, agus clúmhach faoi agus thairis, agus bratachaí faoi a chosa, agus gan puth ar bith ag teacht air. Ní cheapfainn go seasfadh sé ibhfad ar an gcruadhtan