→
abair
má (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
Ní mhillfidh tú tada má shiúileann tú soir an ceann-fhearainn. Tá réiteach fada fairsing agad ann.
+
→
faiteach
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindigh leat
+
→
faitíos
Tá faitíos a bhriseadh air, má theigheann sé ag obair cho moch sin
TUILLEADH (5) ▼
Má theigheann faitíos air — agus is furasta sin a chur air — ní labhaireóidh sé níos mó
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitios orm dó = is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon-mhaith; go mbásóidh sé
Is mór m'fhaitíos go n-aimhseóidh sé thú má chasann tú leis
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
+
→
faoisc
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad sách faoscha má tá an cúr bán orra. Caith aníos iad
Séard atá agad a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uiliog as. Níl ag an iasc sin ach faoscadh beag. Ólfaidh sib an abhainn má bhruitheann sib ar aghaidh féin é
+
Má bhíonn earasbár slat agad th'éis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
TUILLEADH (3) ▼
Níl earasbár ar bith aige ormsa. Má tá an oiread talúna chor ar bith aige liom
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
Fearasbar cantail a chuirfeas sé air má chloiseann sé é sin
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
+
→
fearacht
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
TUILLEADH (4) ▼
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
Má tá tusa fuar, sin é a fhearacht agamsa freisin é. Tá mé fhéin seacáilte
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
+
→
fear
Má fhaghann sé céad punt anois, beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, th'éis nach bhfuil obair ar bith aige = beidh sé ag dul chun sochair dó
TUILLEADH (2) ▼
Má fhaghann siad an uachta sin fearfaidh sí orra fhéin, agus ar chlann a gcloinne. Is diabhlaí go héag an slam é! Chúig mhíle punt
Má phósann tú ní aireóidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orra go mbíonn siad ionchúntach. Ní aireóidh tú go mbeidh siad indon cuid den obair a bhaint dhíot
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
→
fearúint
Fan istigh fhad's bhéas sé ag fearúint mur sin. Beidh tú cailltí má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
+
→
feasach
Má tháinig sé an bealach seo ní feasach mise é. = níl a fhios agamsa é
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh, ach ní feasach mé air má tá = níl a fhios agamsa é
→
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
M'anam gur cinniúint uirre siúd é, má leigean sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh sí chor ar bith. Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
+
→
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
TUILLEADH (1) ▼
+
→
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (2) ▼
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
+
→
fios
Má bhí fios aige go raibh siad le teacht nach beag 'e luadh a bheadh aige caintiú air
TUILLEADH (4) ▼
Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
Má dheireann tú sin leis beidh a fhios agad é = beidh scéal agad air; gheobhaidh tú garbh é
Má chuireann tú aon-araoid air sin beidh a fhios agad é. Tiúrfaidh sé siúd faoi na foraí dhuit é
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) annseo ag an teach, má bhíonn aon-cheann san siopa amáireach
+
→
fliuch 2
Tá gob sách fliuch air, má tháinig sé in aghaidh na báistí sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ar an bportach inniu agus má bhí fhéin is fuar fliuch an áit sin
Seachain an leagfá méirín fhliuch air. Má leagann, sin é a bhuac. Gabhfaidh sé go dtí na póilíos ar an bpuinnte le "summon"sachaí a tharraint
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
+
→
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (1) ▼
Ná hinnis do scéal d'aonduine. Má innsíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Feacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá