púicín (11)
+
Tá tú ag cur dalladh púicín air = éadach an phúicín
TUILLEADH (6) ▼
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó = ciméar, artha an dul amú
Ní raibh aonduine ar an bhfeadhain aca sin nachar chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buadhannaidheacht eicínt aca, agus níorbh í an bhreaghcha í
Cé'n sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breagh a dtaobhuigheann tú iad
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannuigh sé an bhudóig sin. Níl aon-fhear faoi'n mbogha bán a thiubharfadh deich bpunt uirre ach é féin
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léar dó fúithe le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Má's léar, tá faitíos orm nach léar d'aonduine eile é, ar chaoi ar bith
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá leiginn duit ach ní leigfidh. Fagh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharmsa
→
deo
Go deó nó go bhfanaidh sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan annsin
→
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
→
dúid
"Codladh, codladh púicín; siúd é an sionnach ag teacht faoi'n doras agus gearrfaidh sé (bainfidh sé) an ceann ó'n dúid dhíot" (deirtear le cearca é nuair a bheidís ag grágghail nó corr-mhéineamhail ar an bhfarra 'san oíche) (fc. codladh púicín)
→
dúradán
Cé'n fáth a bhfuil an púicín siúd ar an tsúil ag C. Mh. Mh. … Bhí sé ag briseadh cloch. Bhuail sceabhadh de chloich ins an tsúil é agus chuaidh dubhradán beag isteach innte. Bhí sí tinn aige agus leig sé do 'chuile dhuine a dhul dhá laimhseáil. Dheamhan easna dhi nar at, agus dubhairt an dochtúr leis dá bhfágadh sé mórán achair eile í, go mbeadh sé gan súil. Caithfidh sé an clúdach sin a choinneál uirre go ceann fada