Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

pruchóg (5)

+
Níor fhága mé poll ná pruchóg ann gan tóruigheacht = chuartuigh mé chuile chúinne, chuile pholl agus rl.
TUILLEADH (2) ▼
Tá pruchóg agam — poll lán d'uibheachaí
Níl aige ach pruchóg de theach — teaichín beag, suarach gan chuma gan chaoi.
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin
 
dubh 1
Pruchóg dhubh (dhorcha) de theach é = gan aon-tsolas ann; é an-phlúchta