Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

scáineadh (4)

 
Tá fás maith feamuinne duibh' le íochtar, ach tá sí scáinte aníos imbéal na trágha = fásann an fheamuinn tiugh (tiubh amanntaí) síos ibhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamuinn de réir mar tharrnóchas tú aníos ar an tráigh nó níos goire do'n talamh.
 
Is gearr go dteastuighidh deasú ó'n mballa sin. Tá sé ag scáineadh.
 
Bíonn dranndal an gháire ar an ógánach sin i gcomhnuí. Ba chóra dhó go mór muise a dhul ag magadh faoi'n athair. Dheamhan údar gáire ins an tír go dtí é, agus a "mhusteaisín" bheag scáinte mar bheadh ribeadhachaí luchan ann, agus béilín mar bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaghas sé amadán len éisteacht leis ag baint fogha agus easbaidh as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-innseochainnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon-araoid orm, ach ní chuirfidh.
 
dual 2
Níor mhór dó dual na druinne de bháisteach a dhéanamh anois, shul a bheadh díol na ndaoine ann. Tá 'chuile shórt spalptha. Níl aon-bhord ag gabhail liom annsiúd suas nach bhfuil scáinte