Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tóin (50+)

 
feáin
"Má chliseann bun feáin agus tóin Mhac Dabhach" = an drioball (fc. dorchaigh: dorchú)
 
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
 
Go dtuga Dia ciall duit! Badh gearr le dhul do phúcán ar na fairrgí coimhightheacha atá as seo go Meriocá. Aon-liagán amháin aca(b) siúd, a's beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin puill í, mar d'fheicfeá sliogán (Fairrgí coimhigheacha = fairrgí cithbhéalta, nó an tseiscinn mhór. Bíonn fairrgí scréachta mar sin go h-iondamhail, i bhfad ó chladach).
+
coirt
Dhá leagtá méisín sháile faoi'n teas, d'imtheochadh a' t-uisce in a ghail a's d'fhanfadh cairt shalainn ar thóin na méise.
TUILLEADH (2) ▼
Tá cairt eicínt ar a thóin seo. Shílfeá gur céir í, a's ní h-eadh, 'na dheidh sin.
Níor mhór dhuit an 'cetil' (kettle) sin a scalladh amach le airgead luachra mar tá a thóin uileag faoi chairt.
 
Is tú a chuir an chóisir triufasaí chugam! Triufasaí go tóin iad.
+
baile
Sa tóin thiar de'n bhaile atá comhnuidhe air.
TUILLEADH (1) ▼
Muise ní baile mór é, ná píosa ar thóin baile móir = níl fairsinge a' bith ann.
 
D'eirigh cuaibhtheach a chuir an bád timcheall, a's marach chomh maith a's bhí muid ar ar maidí, bhí muid ar thóin puill.
+
beo 2
A Thighearna nach diabhlaidhe beag a' tsuím atá in a bheo ná 'na mharbh ag an ngasúr sin, a dhul a' marcuigheacht ar a' mbromach, a's gan fhios aige, nach tosuighe a' gabhail dá tóin in áirde a dhéanfadh sí, a's é a chaith(eamh) anuas.
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfeadh sé gur theangmhuigh mé le beo na coise, nó ní thosóchad sé ag gabhail dá tóin in áirde mar sin.
 
Déarfá go bhfuil chuile dhuine go tóin acu, roinnt bheag adhartaí — simplidhe — thar mar bheadh daoine eile. 'Bhfeiceann tú Seán sin ann? Shílfeá gur naoidheanán a' cainnt é.
 
buail
Tá sé fánach agad aon-bhreac do do bhualadh, comhuain's 'bheidheas do chuid baoití chomh stráiceamhail, maoilscríobach a's tá siad. Breagh nach gcuireann tú an dubhán 'sna péiste siar go tóin, fharrus iad a bheith ar sliobarna mar sin le na dubháin.
 
buille
D'airigh sé an buille iomradha uirre isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léar dhó go raibh duine ar bith sa gcurrach ach é fhéin. Chaithfead sé nar dhuine saoghalta a bhí thiar aigeán a tóin.
+
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
TUILLEADH (4) ▼
Sé'n buinne béil an chéad chuid de'n chliabh a thosóchas tú. Ar a bhéal faoi a dhéanfas tú é, a's tá'n buinne béil, thuas ag fiacail a' chléibh. Sí'n tóin an chuid deire a dhéanfas tú.
B'fhurast aithinte gur sa tóin a chlisfeadh sé. An oidhche a raibh sé dhá dhéanamh, bhí sé deireannach air, a's dheamhan mórán duthracht' a chaith sé leis a' mbuinne tónach, ach rith air chomh maoilscríobach a's d'fhéad sé.
Má's leat tóin a chuir ann, níor mhiste dhuit buinne tónach a chuir air freisin.
Chuirfinn na buinní air ceart go leor, a's tá mé indon tóin a chuir ann, ach chinnfeadh na táiseachaí orm.
 
Tá buinneán mór de chrann fuinnseoige a' fás ag tóin na binne aige. Ceapaim gur mór a' fascadh dhó é, mara bhfuagruigheann sé an iomarca gála.
 
burla
Tá búrla eicínt thíos ar thóin a' chómhra, marab é a bheadh ann.
 
ainm
Chuir sé 'ainm ar dhaoine a bheith ag a' damhsa, nach raibh ní ba goire dhó, ná tóin thiar Chonamara = dubhairt sé go raibh daoine ag a' damhsa, a bhí igceann thiar Chonamara, nuair a bhí an damhsa ar siubhal.
 
aire
Aire dhaoib! Cloisim troimpléasc eicínt ag tóin a' tighe.
 
amach
Fear aniar amach as tóin Chonamara, a d'innis dhom é.
+
amuigh
Tá a thóin amuigh le olc = an-olc air.
TUILLEADH (3) ▼
Bíodh a thóin amuigh, má thogruigheann sé = bíodh olc nó stuaic air, má's breagh leis é.
Tá a thóin seo thíos amuigh aríst, agus gan fhios cé'n fáth
Níl aon-lá dhá n-eirigheann uirre sin, nach hé a tóin atá amuigh. Tá sí ro-stuacach ar fad.
 
Tá potaí na mballach níos leithne sa mbearrach, a's níos áirgeamhla idir béal an bhearraigh a's tóin an phota, arae ní mór do'n bhallach bealach níos leithne ná an gliomach le dhul síos (l. 14. Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora).
 
Má tá'n anachain orra(b), imtheocha siad go tóin (túin adeirtear) = má tá'n bás orra, caillfidhear uilig iad.
 
anam
Le h-anam do mhairbh a mhaicín chroidhe, ná cuir aon-cheist ar aon-duine de'n dream sin. Isteach ar thóin a' phríosúin a chuirfidís thú.
 
D'árduigh Micil a' capall leis faoi na thóin.
 
fogha
Níor tháinig aon-fhear ariamh dá hiarraidh sin, nach raibh fogha agus easba bainte aice as. Bheadh sé ro-mhór nó ro-bheag; bheadh claon-fhéachaint ann, nó mannt, nó bheadh locht eicínt aice air i gcomhnaí. Bhí a shliocht uirre: fágadh annsiúd ar a tóin í gan fear ar bith. Tá sí in a cailleachín anois
 
furú
Diabhal mé gur aréir ag an dó dhéag a chlog a bhí an forú ar fad air. Shílfeá go mba lá earraigh aige é! 'Ar ndú' is cóir adeir siad gur trathnóna a níos an tóin an tochras
 
Is duit is fusa a bheith fáltasach agus bráigill a bheith ort. Dhá saothruíodh do cheithre cnámha fhéin é, b'fhéidir gurbh fhurasta breith ar thóin ort ach an oiread linn fhéin
 
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta aithinte dhá mbá rud ar fónamh é, nach dhomsa a thiúrfadh sé é
 
istigh
Tá teas an aithinne in a thóin. Ní túisce istigh ná amuigh é = tá sé an-luaithneach ar fad.
 
Chuir sé táirne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ó'n oíche sin amach níor leig N. aon-lucht cuart isteach. Bhí sé in a bhuthae aca. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
 
feadh
Thug muid leigean hocht bhféadh déag don chailleach. Níorbh fhuláir di sin go mbuailfeadh sí tóin (fc. cailleach).
 
fiach 2
Síleann an fiach dubh nach bhfuil éan ar bith cho breá len a éan féin = is geal leis an bhfiach dubh a éan fhéin {{(a ghearrcach fhéin); síleann gach máthair gur ar thóin a páiste féin a eiríos an ghrian; falaíonn grádh gráin; más áin linn rud nó duine, ní léar duinn a lochta ná éalann ar bith dhá bhfuil air}}
+
folach 2
Bíonn sí ag imeacht annsin in a hóinseachín agus cóitín beag uirre nach bhfuil falach a tóna ann
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sí amach agam í, agus dheamhan a raibh falach tóin na gloine inte. "Crois Críost orainn", adeirim féin, "ní féidir go bhfuil leathghloine fuisce san teirgéis sin?" Cén bhrí ach mo cheithre boinn a íoc uirre = níor fhaluigh an méid fuisce a cuireadh amach dó tóin na gloine
Ná cuir aon-deóir ann anois. Falach tóin na gloine ar éigin. Is annamh a ólaim tada
Dhá bhfeictheá an strionncáinín bainne a bhí ag an mbó: falach tóin an cheaintín. Sin é an méid
 
Chuir sé foradh as leis an máistir: in áit ar bhuail sé an mac. An mac ar fad. Shílfeá gurb air a thóin a eiríos an ghrian aige
+
Ní shníomhfadh gadrachaí rois chor ar bith. Ní féidir fuinneamh a chur ionta. Sin "nonsense" gadrachaí rois. Níl a leithidí ann. Scéal agus a thóin leis é (gur shníomh fear gadrachaí rois)
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mise fuinneamh in do thóin le cic!
 
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáisceadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath agus a ndeacha an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
 
feire
Tá an tóin ag tuitim dhe, mar tá an feire caite. Is deacair feire a chur i mbairille. Duine deaslámhach a dhéanfadh é. Tá ceird air sin