Abhaile
1.
go dtí, nó a' déanamh ar a' teach, ar an árus, nó ar an áit chomhnuidhe.
+–
Is deas a' tráth teacht abhaile é, anois.
Tabhair dhá shiubhal abhaile é = brostuigh abhaile.
TUILLEADH (4) ▼
Tá'n t-aistear abhaile romhainn fós.
Ní tada é an t-aistear a' teacht, le h-ais an aistir abhaile.
Ní shrianfa mé abhaile go deo leis an ocras.
Bhí mé a' déanamh abhaile dhom fhéin, 'san am ar tháinic sé suas liom, a's tabhair seanchuidhe air (i.e. cainnteoir)
+–
'Marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' (leath-fhocal).
D'iomchuir sé siar mé, a's thug sé cead dom bóthar, a's bonnaidheachaí a bhualadh aniar ar ais. 'Marcuidheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile'.
TUILLEADH (6) ▼
Ba tútach a' rud dó thú a thabhairt síos, mara raibh sé de rún aige thú a thabhairt aníos aríst. 'Marcuidheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' mar adeir a' ceann eile.
Ná raibh ann marar imthigh an bus ingan-fhios dom, a's b'éigin dom é 'shiubhal aníos. Sin é an marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' agad.
Níor airigh mé an 'bicycle' imthighthe go dtáinic mé amach, a's dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dheanamh, ach é shiubhal. Dar príosta sin é 'an marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile'.
Bhí cainnt ar mharcuigheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile, ach mise ab éigin é a dheanamh indiu.
Is deas a' chaoi orm é anois, marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile.
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an 'bicycle' árduighthe uaidh, ag S., a's b'éigean dó siubhal aníos, aindeoin gur gearr a bhí le dhul aige. 'Marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' a bhí ann.
2.
+–
Cuirfe mise abhaile an méid sin aige aríst = dhá gcloisfeá cainnt indiaidh dhuine, go gcasfá leis aríst í, nó go dtiubharfá len' innseacht dhó, ar bhealach eicínt, gur chuala tú í.
Ná bac leis! Cuirfe mise na bréaga abhaile aríst chuige.
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfa an méid sin cainnte abhaile (ch)uige feicfe tú fhéin air.
Níl agamsa ach a' méid sin a innseacht do P. Bh., a's feicfe tú fhéin air, gur gearr go dteighe an méid adubhairt sí abhaile chuige.
3.
+–
Dar a shon go maslóchadh sé mise. Níor thug sé abhaile leis é ná aon-duine dhá dhreám = ní bhfuair sé ann fhéin mise a mhaslú; b'fhearr mise ná é fhéin; is fhearr an mianach daoine a dtáinic mise uatha(b) ná é fhéin; níor thug mé (sé etc.) ó bhruinn liom é; níor pháirt de cháilidheacht mo (a, etc) mhuinntire é (pé'r bith cé'n rud áithrid atá i gceist).
Níl mé bradach, a's níor thug mé an bhradghail abhaile liom. = níl sí de dhlúth ná d'inneach ionnam; bheinn a' dul in aghaidh dúthchais dhá mbeinn bradach.
TUILLEADH (8) ▼
Is furas aithne! Thug a' dream sin a' bhrocamas abhaile leo(b).
Níor thug mise na bréaga abhaile liom chor a' bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
D'eile céard a dhéanfadh mac a' chuit ach luch a mharbhú. Nar thug sé sin an chneamhaireacht abhaile leis!
InDomhnach ní iongantas mór é sin a fheiceál ag ól. Nach hé an t-ól a thug sé abhaile leis i dtaobh athar a's máthar.
Níor thug mise an tsailigheacht abhaile liom, chor a' bith, ní hé sin 'fhearacht agadsa é, nar facthas léine ghlan ar do chraiceann ó'n lá'r rugadh thú
Míle buidheachas le Dia, níor thug mise an béasa sin abhaile liom chor a' bith. Mianach glan daoine a bhí 'mo mhuinntir-sa, igcomhnuidhe ariamh.
'Sí an chabhghail a thug an ceann céadna abhaile léithe. Níor fhéad a máthair a béal a choinneál ar a chéile ariamh, gan fuadach a chuir faoi chuile scéal a chloisfeadh sí.
Ní fheadfa tú a rádh chor a' bith go dtáinic a' bhoichteanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh, ach ag iarraidh a bheith 'cur stuaim ar a' nganntan. Ach is leitheadaighe a labhr(ochth)á anois a fhlaisceach, ná'n té a chleacht fuighleach.
·
Níor thug tú abhaile leat, go bhféadfá aon-cheo a chasadh liomsa. Dream gnaoidheamhail, amuigh a's imbaile, iad mo mhuinntear-sa, ní hé sin do lucht na bhfaochan, a's na mine buidhe é.
InDomhnach níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon-cheo a chaitheamh in mo bhéal-sa. Ba mhinic a bhain mé an t-ocras díot fhéin, a's de'n bhrothtuinn chlainne atá agad.
4.
·
Sé'n rud is lugha, dóibh é 'chuir abhaile go gnaoidheamhail, a's ar fhága sé acab = is cumaoin dóib sochruide mhaith a chuir air, a's ar fhága sé de mhaoin in a dhiaidh.
Sin é cúrsaí an tsaoghail. Níl aon-séanadh ar a' mbás, go bhfoire Dia orainn! Tiocfamuid uilig abhaile lá eicínt, má's fada gearr é.
·
Tá sé a' tarraingt abhaile = duine a mbeadh déanta le na bhás.
Is gearr é shaol anois, an duine bocht. Tá sé a' tarraingt abhaile.
Abhaile in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
TUILLEADH (3) ▼
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
Tháinig sé abhaile faitíos cogaidh
Teigheadh muid abhaile faitíos sneachta
+
→
fearacht
Ní dhéanfaidh sé fearacht an deárthar ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile cho luath agus a íocfar a chuid airgid leis
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
→
fios
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana cho maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid aca
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
→
freagair
Níor tháinig sé abhaile ariamh fhéin gan an buidéal a bheith ag freagairt in a phóca. An bhfeiceann tú é?
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
+
→
fág
Fág seo abhaile = teara abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an sean-riadaire sin abhaile as Meiriocá chuige. Más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é (thuit airgead an tsean-riadaire air)
→
fáideog
Fág san diabhal annsin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suímínteacht leis an bpionnta sin annsin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige. Bheitheá caillte ag fanacht leis
+
→
fáinne
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
TUILLEADH (2) ▼
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
Tá sé in am a dhul abhaile. Feacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé th'éis an ceathair a chlog
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
→
fíóg
D'imigh sé as go mór ó a tháinig sé abhaile. Tá sé cho caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. In a leabaidh sin, níor fhan sciolltar ar bith air
→
fóir
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thuiteann aon-fhód asta é a chur faoin a ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, 'ar ndó'. Nuair a bhí rud aige ní thiúrfadh sé aire dó
→
cabaíl
Is furasta 'aithinte go dtug sí an chabghail abhaile léithe. Dheamhan ceo amháin dá gcloisfe sí, nach mbeidh scithleigthe amach aice ar a' bpuinnte aríst.
+
→
cadhail
'Séard a b'fhearr dhuit a dhéanamh leis a' mionudhas móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt, a's í 'thabhairt abhaile 'sna cléibh nó i málaí.
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr dhuit a bhfuil de scriocháin (screacháin, creacháin) ar 'chuile iomaire, a chaidhleadh suas le chéile in a gcárnáinín, a's iad a thabhairt abhaile trathnóna igcléibh an asail.
Fuair sé garbh indiu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh, go dtáinic sé abhaile.
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach th'éis cupla uair do mo chaidhleadh le báisti(gh), ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinic aith-deal aige.
→
caidhfte
Tá sé 'na chaidhfte thíos ag binn Sh. G. ó mhaidin gan a dhul anonn ná anall as. Is leis an áit údaidh go trathnóna é, mara mbagruighe duine eicínt air a dhul abhaile.
+
→
cailm
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air, an bealach a dhéanamh abhaile.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-chailm orainne é 'shrianadh abhaile th'éis a' méid sin fhéin de roisín. Ach níor shúgh salmhain imbéal buláin ag a' bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad a' fuasaoid ocrais.
→
carcair
Dheamhan deichneabhar fear indon a' charcair siúd a thabhairt abhaile. Caithfear í 'scoilteadh 'san áit a bhfuil sí, a's í iomchur ina cuideannaí.
→
carraera
Gairm na gcoileach! Beannacht Dé dhuit, bhí carraeraí ag (d)ul soir, sul ar tháinic an cúpla abhaile = bhí sé in a dheire oidhche. Carraeraí a bheadh ag dul 'na bhaile mhóir le móin nó a samhail, a's a mbeadh coisméig mhaith rómpa, corruigheann siad faoi dheire oidhche, i riocht's nach mbeadh maith an mhargaidh thart rómpa.
Bhuail néal chodlata sa gcarr é, a's dheamhan duine ar bith a bhí ann leis a' gcapall a chinnireacht, a's cead aice a thoidheacht abhaile uaithe fhéin.
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
→
clóic
Shíl mé, a's a raibh ólta aige, nach ndéanfadh sé abhaile choidhchin é, ach mo choinsias, is beag a' chlóic a bhí air 'na dheidh sin = stró.
Marach a' bhfuil de choimhightheas aca(b) leis a' madadh, b'fhurasta iad (na caoirigh) a sháinniú, ach tá scéin ionnta(b) anois, aige. Bagair air, a's cuir abhaile é.
→
corradh
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
Bhuail a' t-ocras céadtach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Árd Bh. an T. M., a's shíl mé dheamhan a' baile a d'fheicfinn go bráth. Marach leisce é 'dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaghainn roisín bidh a dhúinfeadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
→
cíble
Tháinic sé in a chíbleadh bháistighe orainn ag Á. Dh. l. a's ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báidhte ar a theacht abhaile dhúinn.
→
cóineas
Is mór an cóimhneas do na daoine margadh muc a bheith annsin thoir anois, seachas do lá a bheith diom(b)aluighthe ag gabhail ar aonach go Gaillimh. A's in a cheann sin, mara dtaithnighe leat féadfa tú a dtabhairt abhaile aríst.
+
→
baile
Nach éasca leat a theacht abhaile! Deirimse leat nach h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir, a's é fhágáil.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhfainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air, le greim le n'ithe a thabhairt dom, ach 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
→
bannaí 1
Cáit: Níor tháinic Seán abhaile fós. Máire: Ó muise imbannaidhe! (nó "ó muise imbannaí nar tháinic")
+
→
bealach
Níor casadh mac na sceiche liom ar bóthar ná ar bealach go dtáinic mé abhaile aríst.
TUILLEADH (4) ▼
Ar a' dá luath a's a dtiubharfaidhear cead a' bhealaigh dhuit ó'n scoil indiu, teara abhaile ar a' bpuínnte boise, go dteighe tú a' gort-ghlanadh fataí, annsin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná dean aon-fhánuidheacht ar a' mbealach.
Sin é soir a' bealach aghad, a's imthigh, go bhfeiceamuid cá'ide go dteaga tú abhaile aríst!
Níl ann, ach go raibh mé a' goid a' bhealaigh liom abhaile, arae bhí mé tuirseach sáruighthe de bharr mo lae.
Bhí mé a' déanamh an bhealaigh liom abhaile aréir, nuair a scoth sé mé, a's dheamhan oiread a's beannú dhom a rinne sé.