Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
abhaile
1.
go dtí, nó ag déanamh ar an teach, ar an áras, nó ar an áit chónaí.
+
Is deas an tráth teacht abhaile é anois.
Tabhair dhá shiúl abhaile é — brostaigh abhaile.
TUILLEADH (4) ▼
Tá an t-aistear abhaile romhainn fós.
Ní tada é an t-aistear ag teacht le hais an aistir abhaile.
Ní shrianfaidh mé abhaile go deo leis an ocras.
Bhí mé ag déanamh abhaile dhom fhéin san am ar tháinig sé suas liom, agus tabhair seanchaí air (.i. cainteoir)
+
'Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile' (leathfhocal)
D'iompair sé siar mé agus thug sé cead dom bóthar agus bonnaíochaí a bhualadh aniar ar ais. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
TUILLEADH (6) ▼
Ba tútach an rud dó thú a thabhairt síos mura raibh sé de rún aige thú a thabhairt aníos aríst. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile, mar adeir an ceann eile.
Ná raibh ann murar imigh an bus i ngan fhios dom, agus b'éigean dom é a shiúl aníos. Sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile' agat.
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
Bhí caint ar mharcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile, ach mise ab éigean é a dhéanamh inniu.
Is deas an chaoi orm é anois, marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
2.
+
Cuirfidh mise abhaile an méid sin aige aríst — dhá gcloisfeá caint i ndiaidh dhuine go gcasfá leis aríst í, nó go dtabharfá le n-inseacht dhó, ar bhealach eicínt, gur chuala tú í.
Ná bac leis! Cuirfidh mise na bréaga abhaile aríst chuige.
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfaidh an méid sin cainte abhaile chuige, feicfidh tú fhéin air.
Níl agamsa ach an méid sin a inseacht do P. Bh., agus feicfidh tú fhéin air, gur gearr go dté an méid adúirt sí abhaile chuige.
3.
+
Dar a shon go maslódh sé mise. Níor thug sé abhaile leis é ná aon duine dhá dhream — ní bhfuair sé ann fhéin mise a mhaslú; b'fhearr mise ná é fhéin; is fhearr an mianach daoine a dtáinig mise uathub ná é fhéin; níor thug mé (sé srl.) ó bhroinn liom é; níor pháirt de cháilíocht mo (a, srl.) mhuintire é (pé ar bith cén rud áirid atá i gceist)
Níl mé bradach, agus níor thug mé an bhradaíl abhaile liom — níl sí de dhlúth ná d'inneach ionam; bheinn ag dul in aghaidh dúchais dhá mbeinn bradach.
TUILLEADH (8) ▼
Is furas aithne! Thug an dream sin an bhrocamas abhaile leob.
Níor thug mise na bréaga abhaile liom chor ar bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
Deile céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. Nár thug sé sin an chneámhaireacht abhaile leis!
I nDomhnach, ní iontas mór é sin a fheiceáil ag ól. Nach é an t-ól a thug sé abhaile leis i dtaobh athar is máthar.
Níor thug mise an tsailíocht abhaile liom chor ar bith, ní hé sin a fhearacht agatsa é, nár facthas léine ghlan ar do chraiceann ón lá ar rugadh thú
Míle buíochas le Dia, níor thug mise an béasa sin abhaile liom chor ar bith. Mianach glan daoine a bhí i mo mhuintirse i gcónaí ariamh.
'Sí an chabhaíl a thug an ceann céanna abhaile léithe. Níor fhéad a máthair a béal a choinneáil ar a chéile ariamh gan fuadach a chur faoi chuile scéal a chloisfeadh sí.
Ní fheadfaidh tú a rá chor ar bith go dtáinig an bhochtanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh ach ag iarraidh a bheith ag cur stuaim ar an nganntan. Ach is leitheadaí a labhrófá anois a fhlaisceach, ná an té a chleacht fuílleach.
·
Níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chasadh liomsa. Dream gnaíúil, amuigh is i mbaile, iad mo mhuintearsa, ní hé sin do lucht na bhfaochan agus na mine buí é.
I nDomhnach níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chaitheamh in mo bhéalsa. Ba mhinic a bhain mé an t-ocras díot fhéin, agus den bhratainn chlainne atá agat.
4.
·
'Sé an rud is lú dóibh é a chur abhaile go gnaíúil, agus ar fhága sé acub — is comaoin dóibh sochraide mhaith a chur air, agus ar fhága sé de mhaoin ina dhiaidh.
Sin é cúrsaí an tsaoil. Níl aon séanadh ar an mbás, go bhfóire Dia orainn! Tiocfaidh muid uilig abhaile lá eicínt, más fada gearr é.
·
Tá sé ag tarraingt abhaile — duine a mbeadh déanta lena bhás
Is gearr é a shaol anois, an duine bocht. Tá sé ag tarraingt abhaile.

abhaile in iontrálacha eile (50+)

+
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
TUILLEADH (3) ▼
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
Tháinig sé abhaile faitíos cogaidh
Téadh muid abhaile faitíos sneachta
+
Ní dhéanfaidh sé fearacht an dearthár ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile chomh luath agus a íocfar a chuid airgid leis
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht is dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Más ea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leadrán anseo níos faide.
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
 
fiar
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
 
fios
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana chomh maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid acu
 
fliuch 2
Bhí mé fliuch báite ar a theacht abhaile dhom aréir
 
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
 
Níor tháinig sé abhaile ariamh fhéin gan an buidéal a bheith ag freagairt ina phóca. An bhfeiceann tú é?
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
+
fág
Fág seo abhaile — teara abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an seanriadaire sin abhaile as Meiriceá chuige. Más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é (thit airgead an tseanriadaire air)
 
Fág sa diabhal ansin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suimínteacht leis an bpionta sin ansin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige. Bheifeá caillte ag fanacht leis
+
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
TUILLEADH (2) ▼
Cé leis an cat dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithithe ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaighinnse ligean air, ní thabharfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
Tá sé in am a dhul abhaile. Féacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé théis an ceathair a chlog
 
Bhí sé ina fháinniú an lae ghléigil nuair a tháinig mé abhaile
 
Chuir an dreoláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnta an staicín anois é a dhul ag dréim le bullies!
 
fíóg
D'imigh sé as go mór ó tháinig sé abhaile. Tá sé chomh caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. Ina leaba sin, níor fhan scioltar ar bith air
 
fóir
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thiteann aon fhód astu é a chur faoina ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, ar ndóigh. Nuair a bhí rud aige ní thabharfadh sé aire dó
 
Is furasta a aithinte go dtug sí an chabaíl abhaile léithe. Dheamhan ceo amháin dá gcloisfidh sí nach mbeidh scilligthe amach aici ar an bpointe aríst.
+
Séard ab fhearr dhuit a dhéanamh leis an mionús móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt agus í a thabhairt abhaile sna cléibh nó i málaí.
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr dhuit a bhfuil de screacháin (creacháin) ar chuile iomaire a chaidhleadh suas le chéile ina gcarnáinín agus iad a thabhairt abhaile tráthnóna i gcléibh an asail.
Fuair sé garbh inniu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh go dtáinig sé abhaile.
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach théis cupla uair do mo chaidhleadh le báistigh, ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinig aiteall aige.
 
Tá sé ina chaidhfte thíos ag binn Sh. G. ó mhaidin gan a dhul anonn ná anall as. Is leis an áit údaí go tráthnóna é mura mbagraí duine eicínt air a dhul abhaile.
+
cailm
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air an bealach a dhéanamh abhaile.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon chailm orainne é a shrianadh abhaile théis an méid sin fhéin de raisín. Ach níor shú salúin i mbéal bulláin ag an bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad ag fuasaoid ocrais.
 
Dheamhan deichniúr fear in ann an charcair siúd a thabhairt abhaile. Caithfear í a scoilteadh san áit a bhfuil sí agus í iompar ina cuideannaí.
 
Gairm na gcoileach! Beannacht Dé dhuit, bhí carraeraí ag dul soir sular tháinig an cúpla abhaile — bhí sé ina dheireadh oíche. Carraeraí a bheadh ag dul 'na bhaile mhóir le móin nó a samhail, agus a mbeadh coisméig mhaith rompu, corraíonn siad faoi dheireadh oíche i riocht is nach mbeadh maith an mhargaidh thart rompu.
 
Bhuail néal chodlata sa gcarr é agus dheamhan duine ar bith a bhí ann leis an gcapall a chinnireacht, agus cead aici a theacht abhaile uaithi fhéin.
 
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
 
clóic
Shíl mé, agus a raibh ólta aige, nach ndéanfadh sé abhaile choíchin é, ach mo choinsias, is beag an chlóic a bhí air ina dhiaidh sin —stró
 
Murach a bhfuil de choimhthíos acub leis an madadh, b'fhurasta iad (na caoirigh) a sháinniú, ach tá scéin iontub anois aige. Bagair air, agus cuir abhaile é.
 
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
 
Bhuail an t-ocras céatach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Ard Bh. an T. M., agus shíl mé dheamhan an baile a d'fheicfinn go brách. Murach leisce é a dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaighinn raisín bídh a dhúnfadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
 
cíble
Tháinig sé ina chíble bháistí orainn ag A. Dh. L. agus ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báite ar a theacht abhaile dhúinn.
 
Is mór an cóineas do na daoine margadh muc a bheith ansin thoir anois, seachas do lá a bheith diomalaithe ag gabháil ar aonach go Gaillimh. Agus ina cheann sin, mura dtaitní leat féadfaidh tú a dtabhairt abhaile aríst.
+
baile
Nach éasca leat a theacht abhaile! Deirimse leat nach ionann a dhul ina bhaile mhóir agus é a fhágáil.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air le greim le n-ithe a thabhairt dom, ach fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar'.
 
bannaí 1
Cáit: Níor tháinig Seán abhaile fós. Máire: Ó muise i mbannaí! (nó "ó muise i mbannaí nár tháinig")
+
Níor casadh mac na sceiche liom ar bóthar ná ar bealach go dtáinig mé abhaile aríst.
TUILLEADH (4) ▼
Ar an dá luath is a dtabharfar cead an bhealaigh dhuit ón scoil inniu, teara abhaile ar an bpointe boise go dté tú ag gortghlanadh fataí ansin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná déan aon fhánaíocht ar an mbealach.
Sin é soir an bealach agat, agus imigh go bhfeice muid cáide go dteaga tú abhaile aríst!
Níl ann ach go raibh mé ag goid an bhealaigh liom abhaile, arae bhí mé tuirseach sáraithe de bharr mo lae.
Bhí mé ag déanamh an bhealaigh liom abhaile aréir nuair a scoith sé mé, agus dheamhan oiread agus beannú dhom a rinne sé.