Aibéiseach
—aidiacht ó aibéis
—Cloistear an t'ainm-fhocal go minic faoi Chois-Fhairrge, ach is annamh a cloistear an t'aidiacht. 'Sé a mhalrait siar faoi Rosmuc agus Iorrus Aithneach é
—
+–
Is aibéiseach a' mac é = mac ámhuilleach contráilte é a chuirfeadh de do bhuille thú, agus a dhéanfadh míonós ort.
Is aibéiseach an cheird de dhuine a bheith plé le feamuinn dearg ar an aimsir seo = ní luighfeadh do chroidhe léithe; bheitheá in a h-éadan, agus ní maith a thiocfadh sí leat.
TUILLEADH (9) ▼
Is aibéiseach an obair atá orm na laetheantaí seo — a' tárlú raithnighe as a' scainneamháin = obair threampánach. (Dubhradh é seo mar go raibh bealach oistreánnach mío-thapamhail a' dhul 'na scainneamháin)
Níl aon-rud beo is aibéisighe ná bheith plé (a' déanamh) leis a' bpoitín céadna.
Nach aibéiseach a tháinic sé treasna ort! = nuair a thiocfadh rud treasna ar dhuine (i.e. go gcaithfeadh duine cur dó, cíos a íoc, éiliú ar fhiacha siopa etc) go mío-thráthamhail, nó san am is measa a mbeadh sé indon freastal dó.
Nach (h)-aibéiseach a mhaise dhó é!
Tá muirghín orm — agus sin iad fhéin an mhuirghín aibéiseach.
Tá 'bicycle' agam, agus má tá fhéin, tá sé sáthach aibéiseach (bíonn marach eicínt chuile lá air; is olc atá sé 'crúthachtáil dhom)
Tá cráin aige agus sí'n mhuic is aibéisighe faoi cheithre ranna an domhain í = níl cinneadh ar bith le na cuid míllteanais agus míonóis.
B'fhearr dó go mór capall ar foghnamh a cheannacht, pé'r bíth céard a thiocfadh sí air, ná bheith ghá mheath fhéin leis a' sean-ghiorráinín aibéiseach sin
Bhí sí (i. an ghleoidhteog) idir cúig agus deich dtonna níos mó ná púcán, agus ní raibh sí chomh h-aibéiseach in a cuid seoil leithe, ná chomh h-anróidhteach ar a tabhairt timceall (Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora — L. 11).
Féach freisin
→
aibéis
Aibéiseach in iontrálacha eile (3)
→
crinn
Is aibéiseach a' bearradh a tugadh air, hébrí cé' bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrídh na mhullach a's iad crínnte isteach go cnáimh, a's in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
→
fill
Ní féidir go bhfuil an chasacht aibéiseach sin fillte ort aríst. Shíl mé go raibh sí as do chrioslaigh agad
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuar-sceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh san smut ort chuile lá san mbliain. Muise narbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad-lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart aca air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce aca