Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aibéiseach
aidiacht ó aibéis
cloistear an t-ainmfhocal go minic faoi Chois Fharraige, ach is annamh a cloistear an t-aidiacht. 'Sé a mhalrait siar faoi Ros Muc agus Iorras Aithneach é
+
Is aibéiseach an mac é — mac ábhailleach contráilte é a chuirfeadh de do bhuille thú, agus a dhéanfadh mínós ort.
Is aibéiseach an cheird do dhuine a bheith ag plé le feamainn dearg ar an aimsir seo — ní luífeadh do chroí léithe; bheifeá ina héadan, agus ní maith a thiocfadh sí leat
TUILLEADH (9) ▼
Is aibéiseach an obair atá orm na laethantaí seo — ag tarlú raithní as an scaineamháin — obair threampánach. Dúradh é seo mar go raibh bealach aistreanach míthapúil ag dhul 'na scaineamháin
Níl aon rud beo is aibéisí ná bheith ag plé (ag déanamh) leis an bpoitín céanna.
Nach aibéiseach a tháinig sé trasna ort! — nuair a thiocfadh rud trasna ar dhuine (.i. go gcaithfeadh duine cur dó, cíos a íoc, éileamh ar fhiacha siopa srl.) go míthráthúil, nó san am is measa a mbeadh sé in ann freastal dó.
Nach aibéiseach an mhaise dhó é!
Tá muirín orm — agus sin iad fhéin an mhuirín aibéiseach.
bicycle agam, agus má tá fhéin, tá sé sách aibéiseach (bíonn marach eicínt chuile lá air; is olc atá sé ag cruthachtáil dhom)
Tá cráin aige agus 'sí an mhuic is aibéisí faoi cheithre ranna an domhain í — níl cinneadh ar bith lena cuid millteanais agus mínóis
B'fhearr dó go mór capall ar fónamh a cheannacht, pé ar bith céard a thiocfadh sí air, ná bheith dhá mheath fhéin leis an seanghearráinín aibéiseach sin
Bhí sí (i. an ghleoiteog) idir cúig agus deich dtonna níos mó ná púcán, agus ní raibh sí chomh haibéiseach ina cuid seoil leithe ná chomh hanróiteach ar a tabhairt timpeall (Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora — lch 11)

Féach freisin

aibéiseach in iontrálacha eile (3)

 
crinn
Is aibéiseach an bearradh a tugadh air, hé brí cé a bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrína mhullach agus iad crinnte isteach go cnáimh, agus in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
 
fill
Ní féidir go bhfuil an chasacht aibéiseach sin fillte ort aríst. Shíl mé go raibh sí as do chrioslaigh agat
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuarsceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh sa smut ort chuile lá sa mbliain. Muise nárbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart acu air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce acu