Aicís
—féach Foclóir Uí Dhuinnín "acais"
—
faltanas, droch-ghealladh, cloch sa muinchille.
+–
Tá'n aicís 'sna daoine anois, ní h-ionnann's fadó = tá'n faltanas ionnta agus fonn rud a chuir as dá gcomharsain
Tá cuid is mó aicís' innte, na shílfeá = tá níos mo faltanais innte, ná cheapfá di.
TUILLEADH (2) ▼
Ba dual dó an aicís a bheith ann agus in ar bhain leis (féach "bain".)
Ní ó'n ngaoith a thug sí a bhfuil d'aicís innte = ba dual di an aicís a bheith innte; tá'n aicís a' rith léithe.
+–
Má tá easba air, ní easba aicíse é = tá a sháith go maith faltanais ann.
Aicís uiliog (uilig) é = tá sé an-aicíseach. (uiliog = uile Cois-Fhairrge; uilig: Iarthar Chonamara)
TUILLEADH (6) ▼
Níl righeachan ar bith le na chuid aicíse; níl cinneadh go deo le na chuid aicíse
'Sí an aicís an rud is gráinde amuigh = níl tréith eile is gráinde ná'n aicís.
Is olc an éadáil í an aicís ( … í a chuid aicíse siúd etc) = tá sé aicíseach agus dhéanfadh sé rud ar bith ar dhuine as binib agus gangaide.
Ní thiocfa an aicís 'un tosaigh ná 'un tairbhe d'aon-duine. = ní bhuachfa aon-duine aon-cheo ar an aicís. (Tiocfa — igcomhnuidhe i gCois-Fhairrge in áit racha, Thiocfadh = rachadh; thiocfainn = rachainn agus rl. Ní chloistear "racha" ná aon-chruth de chor ar bith, ar éigin, mara mbeadh leaganachaí, ar leith cuirim igcás 'racha mé imbannaí gurab é a ghoid é, rachainn faoi dhuit agus a leithidí. Cloistear in amhráin ann é freisin, agus thiocfadh dhó a bheith ag aos scoile de bharr na leabhar. Tiocfa nó gabhfa in áit)
Má thugann tú aicís mar sin faoi deara dhuit féin, beidh tú ithte gan mórán achair = má bhíonn tú ag iongabháil do chuid aicíse, ní bheidh lá suaimhnis agad dhá barr go goirid.
'Sí an aicís atá dhá mharbhú = tá sé ithte le cantal ag an aicís.
+–
Rinne sé as aicís é; as aicís a rinne sé é = neart aicíse a thug dó é a dhéanamh
Dhá ndéanadh aicís dó é, ní bheadh mórán gan deanamh aige = bhí sé chomh fealltach, domblasach sin, agus go gcuirfeadh sé rud as do chuile dhuine dhá bhféadadh sé.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá ndéanadh aicís dó é, is fadó a bhí mise marbh.
Le neart aicíse a rinne sí é = le teann faltanais
Neart na h-aicíse a chuir faoi ndeara dó é a dhéanamh.
Ní leigfeadh an aicís dó, soighleas a' bith a dhéanamh dá chomharsa = ba mhór leis, a chomharsanaí, agus ní dhéanfadh sé gar ar bith dóib.
·
Bhí an aicís istigh aice dhó = faltanas; bí an chloch sa muinchille aice dhó.
Aicís in iontrálacha eile (8)
→
cora
Níl cinneadh 'bith leo(b) le faltanas, a's aicís. Meastú nar thóig siad an charra orainn an tseachtmhain seo caithte, faitchíos a' ndéanfadh sí éascaidheacht ná aithghiorra 'bith dhuinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch. an áit a mbíodh muid a' baint fhraoigh ann.
→
Fionn 1
B'ait iad na sean-unndúirí go ndéanaidh Dia maith orra! Bhuailidís griosáil ar a chéile scaití, nuair a bheadh braoinín ar bord aca ach ní bheadh aon-chuímne air lár na mháireach. Dheamhan gangaide ná aicís a bhí ionta. Bhí siad go maith lá an anshógh. Á is cóir adeir siad gur imigh Fionn agus na Fianna
Sin fealladóir a mhic ó. Má tá olc ná aicís aige sin duit, ní maith an cúnamh duit é. Íocfaidh tú ann
Bhíodh deá chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ithte le cantal, má fheiceann duine aca maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá'n aicís sna daoine anois
→
dealg
An bhfuil 'fhios agad cé'n fear a bhfuil a dhealg sáithte ag an sagart anois ann — in P. S. Tuilleadh diabhail ag P. Bhí sé féin agus an sagart in a dhá gcuid déag le chéile. Ní bheadh glafarnach ghadhar ins an bpobal nach mbeadh sé ag an sagart an oíche sin uaidh. Anois tá an sagart cho mór ins an mullach air féin le duine ar bith eile, agus gheobhaidh sé garbh uaidh é. Níl duine ar bith is mó aicís ná an sagart sin ach é a bheith in aghaidh duine
→
driull
Sin fear anois agus is fada dhó a shaoghal. Tá an driúll ar an dreáll tuithte ceart air. Chuir sé sin isteach ar an oiread postaí agus h-eitigheadh é cho minic sin, agus nach bhfuil misneach ar bith fanta ann. Tá sé ithte le aicís agus is mór leis 'chuile dhuine
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcomhnuí. Níl sé mórán le mí ó shoin — an bhfuil — ó leagadh na claidhtheachaí annseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte do'n tsáirsint an uair sin, agus dubhairt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nar chorruigh sé as go dtí an dó dhéag agus nar casadh aon-duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ar) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam annseo in a dteine bhruithte, agus chuaidh siad go bog agus go cruadh orm ag fiafruighe dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathuidheacht leo, agus níor leig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is annsin adubhairt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann cho maith liomsa atá pósta aice, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé in a dheidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ar) n-aghaidh siar, arae mara dteigheadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon-ghoir aige a rádh go rabh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphighne as do'n fhear chroidhe ariamh ach tá an aicís aige dhom in a dheidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhreám
Bhí sé féin díoghaltasach. Dar mo choinsias is fada a shiubhailfeá shul a d'fheicfeá a leath-cheann eile ar dhonacht agus ar aicís. Agus breathnuigh ar an rud ad'eirigh dhó féin as deire na cúise. Nar ba lughaide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrighe