aicis
—
faltanas, drochghealladh, cloch sa muinchille.
+–
Tá an aicis sna daoine anois, ní hionann is fadó — tá an faltanas iontu agus fonn rud a chur as dá gcomharsain
Tá cuid is mó aicise inti ná shílfeá — tá níos mo faltanais inti ná cheapfá di
TUILLEADH (2) ▼
Ba dual dó an aicis a bheith ann agus in ar bhain leis (fc. bain)
Ní ón ngaoith a thug sí a bhfuil d'aicis inti — ba dual di an aicis a bheith inti; tá an aicis ag rith léithe
+–
Má tá easpa air, ní easpa aicise é — tá a sháith go maith faltanais ann
Aicis uileag (uilig) é — tá sé an-aiciseach. (uileag = uile, Cois Fharraige; uilig: Iarthar Chonamara)
TUILLEADH (6) ▼
Níl ríochan ar bith lena chuid aicise; níl cinneadh go deo lena chuid aicise
'Sí an aicis an rud is gráinne amuigh — níl tréith eile is gráinne ná an aicis
Is olc an éadáil í an aicis ( … í a chuid aicise siúd srl.) — tá sé aiciseach agus dhéanfadh sé rud ar bith ar dhuine as binb agus gangaide.
Ní thiocfaidh an aicis chun tosaigh ná chun tairbhe d'aon duine — ní bhuachfaidh aon duine aon cheo ar an aicis; tiocfaidh — i gcónaí i gCois Fharraige in áit rachaidh, thiocfadh = rachadh; thiocfainn = rachainn srl. Ní chloistear rachaidh ná aon chruth de chor ar bith, ar éigean, mura mbeadh leaganachaí ar leith cuirim i gcás rachaidh mé i mbannaí gurb é a ghoid é, rachainn faoi dhuit agus a leithidí. Cloistear in amhráin ann é freisin, agus thiocfadh dhó a bheith ag aos scoile de bharr na leabhar; tiocfaidh nó gabhfaidh ina áit
Má thugann tú aicis mar sin faoi deara dhuit féin, beidh tú ite gan mórán achair — má bhíonn tú ag iongabháil do chuid aicise, ní bheidh lá suaimhnis agat dhá barr go gairid
'Sí an aicis atá dhá mharú — tá sé ite le cantal ag an aicis.
+–
Rinne sé as aicis é; as aicis a rinne sé é — neart aicise a thug dó é a dhéanamh
Dhá ndéanadh aicis dó é, ní bheadh mórán gan déanamh aige — bhí sé chomh fealltach domlasach sin agus go gcuirfeadh sé rud as do chuile dhuine dhá bhféadadh sé.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá ndéanadh aicis dó é, is fadó a bhí mise marbh.
Le neart aicise a rinne sí é — le teann faltanais
Neart na haicise a chur faoi ndeara dó é a dhéanamh.
Ní ligfeadh an aicis dó soilíos ar bith a dhéanamh dá chomharsa — ba mhór leis a chomharsanaí, agus ní dhéanfadh sé gar ar bith dóibh
·
Bhí an aicis istigh aici dhó — faltanas; bí an chloch sa muinchille aici dhó
aicis in iontrálacha eile (10)
→
cora
Níl cinneadh ar bith leob le faltanas agus aicis. Meas tú nár thóg siad an chora orainn an tseachtain seo caite, faitíos an ndéanfadh sí éascaíocht ná aicearra ar bith dhúinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch., an áit a mbíodh muid ag baint fhraoigh ann.
→
Fionn 1
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
Sin fealladóir a mhic ó. Má tá olc ná aicis aige sin duit, ní maith an cúnamh duit é. Íocfaidh tú ann
Bhíodh dea-chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ite le cantal, má fheiceann duine acu maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá an aicis sna daoine anois
→
dealg
An bhfuil a fhios agat cén fear a bhfuil a dhealg sáite ag an sagart anois ann — in P. S. Tuilleadh diabhail ag P. Bhí sé féin agus an sagart ina dhá gcuid déag le chéile. Ní bheadh glafarnach ghadhar sa bpobal nach mbeadh sé ag an sagart an oíche sin uaidh. Anois tá an sagart chomh mór sa mullach air féin le duine ar bith eile, agus gheobhaidh sé garbh uaidh é. Níl duine ar bith is mó aicis ná an sagart sin ach é a bheith in aghaidh duine
→
driull
Sin fear anois agus is fada dhó a shaol. Tá an driull ar an dreall tite ceart air. Chuir sé sin isteach ar an oiread postaí, agus heitíodh é chomh minic sin, agus nach bhfuil misneach ar bith fanta ann. Tá sé ite le aicis agus is mór leis chuile dhuine
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream
Bhí sé féin díoltasach. Dar mo choinsias is fada a shiúlfá shula d'fheicfeá a leathcheann eile ar dhonacht agus ar aicis. Agus breathnaigh ar an rud a d'éirigh dhó féin as deireadh na cúise. Nár ba lúide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrí
→
dóigh 2
Chuaigh sí in éineacht leis an bhfear sin agus é chomh dóichíde dhó a bheith pósta le gan a bheith. Cá raibh a fhios aicise?