Ailím
1.
rud a theighea(nn)s thríd dhath cóta; bíonn sí in a cnaprachaí móra, 'nós siúcra geal. Dhá ndiúiltheá í, dhóghfadh sí do charbad. (Is beag leas a baintear as an ailím anois).
+–
Seo dhuit é, idir ailím a's mhádar = seo dhuit é fré chéile; seo dhuit é, idir chorr, chleite a's sciathán. (mádar = rud a chuirtí thríd an ailím le h-aghaidh datha)
Thug mé dhó é, idir ailím a's mhádar.
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh aon-sásamh aige ann, nuair a fuair sé an chabhail (cabhail an chairr) go bhfaghadh sé na róthaí, a's 'séard a rinne mé é chaith(eamh) aige idir ailím a's mhádar = an carr a thabhairt dó ar fad.
Ní thaithneocha leis, mara bhfagha sé idir ailím a's mhádar é.
Is maith an rud dó 'theacht le na chion, a's gan a bheith dhá iarraidh idir ailím a's mhádar.
Nach beag an náire bhí air, é 'árdú leis mar sin, idir ailím a's mhádar.
2.
(droch)-éadáil; (droch)-earradh; (droch)-áirge.
+–
Is olc an ailím í an cailín sin = is droch-éadáil í; tá ruibh uirre agus tá sí an-ghangaideach.
Is olc an ailím é an mac sin, le ceist a' bith a chur air
TUILLEADH (2) ▼
Is bundúnach an ailím í sin = duine bheadh olc, arrannta le drannadh léithe.
Is ámhuilleach an ailím é an peata sin (gasúr)
+–
Is suarach an ailím le'n ól ag críostuidhe 'r bith an poitín céadna.
Is droch-ailím ag cosa daoine, é an cladach.
TUILLEADH (13) ▼
Is bocht an ailím d'fhear oibre, 'scadán caoch' (féach "scadán").
Is tinn an ailím iad na doightheachaí.
Is gann an ailím iad na fataí an tráth seo bhliadhain.
Is meathta an ailím do dhuine a bheith taobh le asailín le na chuid sean-leasú a chuir amach.
Is dainnséarach an ailím do dhuine a dhul dhá fhliuchadh fhéin leis a' gcairrigín céadna, scáth 'bhfuil de thairbhe air.
Is doiligh an ailím féar tirm a fhaghail amach a' tráth seo 'bhliadhain.
Is daor, docharach an ailím é an plúr anois.
Ní ailím a' bith do dhuine a bheith plé le stoc ar a' saoghal seo.
Sin í féin an ailím atá daor (feoil etc.)
Nach hí an ailím í go deimhin! = nach hí an éadáil í! Déarfaidhe é le rud nach mbeadh aon-mheas ag duine air.
Nach hí an fheamuinn chéadna an ailím aige!
Is fliuch an ailím a dhul 'na phorta(igh) indiu.
Is contabhairteach an ailím a bheith lúitéis le madraí, agus gan fhios agad nach breith ort a dheanfaidís
Ailím in iontrálacha eile (14)
→
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
→
bannaí 1
Tá ailp bainte as a mhéir, 'n áit ar rug gliomach air, a's é 'cur bannuidhe air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
→
buail
Dar príocaidhe muis, má tá sé buailte ag a' slaghdán bradach seo, beidh liostachas fada air, ná ar dhuine 'bith eile a bhuailfeas sé. Sin é fhéin an droch-ailím in do chnámha.
Bhí ailleog de spailpín as Conamara i bhfus annseo, anura(idh) agus ba h-olc an ailím é, le cur chuige ná uaidh.
→
araoid
Ní hé an ribín réidh é an buachaill siúd le araoid a' bith a chuir air; is olc an ailím é le araoid a' bith a chuir air.
→
feoil
Tá carcaireacha den mhóin fheóil chapaill san bportach siúd agus é ag déanamh uisce ar an darna barr. Is olc an ailím é le dhul ag plé leis.
→
foireann
Is daor an ailím fuireann a cheannacht anois. Níl aon-chulaith éadaigh le fáil thíos inG. gan naoi bpunt airgid
→
feasta
Uair ar bith feasta dhá gcasfaidh sé leat, ná breanaigh san taobh a mbeidh sé. Ní deá-ailím ar bith é sin
→
daol
Is annamh a bhuaileas an phian é. In a daolannaí (daola freisin) a thagas sí, ach is olc an ailím í an fhad agus a mhaireas sí
+
→
daor 1
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad cho daor le uibheachaí seisiúin (an uair a bhíodh an Seisiún Ceathramhnach inGaillimh, bhíodh uibheacha daor. Ach tugtar údar eile leis. Fc. ubh); rud a bheadh an-daor; is daor an éadáil é (iad); is daor an ailím é; tá sé cho daor le dhá uibh ar an bpighinn; is daor an spóla (spóilín) é; tá sé cho daor le daor; tá siad in a n-ór, tá siad cho daor sin
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath th'éis go bhfuil sí ar shlad-mhargadh annseo. Sin é é. Tá 'chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh an uair a theigheas sí cho fada le na h-ucastóirí beaga a dhíolas libse í, go mbíonn sí thrídh lasadh ceart