Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aimhreas
Féach amhras — foclóir an Duinnínigh
foghar aimh-rios.
a.
·
'Is fearr glas ná aimhreas' (sean-fhocal) = is fhearr rud a chuir faoi ghlas nó i dtaisce, i riocht's nach bhféadfaidhear é a ghoid, ná é fhágáil go sleamchúiseach go dtárluighthear 'un bealaigh é, agus annsin a beith 'san aimhreas ar dhuine eicínt. Déarfaidhe freisin é, le duine a thógfaidhe, in aimhreas gurab é a rinne rud eicínt as a' mbealach.
Is olc é an t-aimhreas.
·
Bhain aimhreas dó, nar cheart dó é a dheanamh = bhuail aimhreas é, nó chuimhnigh sé nar cheart é 'dhéanamh.
Bhain aimhreas dom, nuair a chonnaic mé 'teacht amach í agus an toirt faoi na seál.
+
Tá sé faoi aimhreas; tá aimhreas aige …
Tá sé faoi aimhreas, gur tugadh rud eicínt uaidh, ach níl fhios aige céard é fhéin fós.
TUILLEADH (5) ▼
Tá aimhreas agam, go raibh láimh aige ann = tá mé a' ceapadh go raibh sé páirteach 'san obair.
Níl aimhreas a' bith agam nach hé a rinne é = dar liom gurb é a rinne é.
Is mór m'aimhreas, gur ar sin atá sé 'forcabhás.
Níl tada dhá aimhreas agam, nach hé a ghoid í = tá mé cinnte gurb é a ghoid í.}}
Níl a dhath dhá aimhreas agam, nach hí a bhí ina bhun a's ina bharr.
+
Tá mé in aimhreas gurab é bhí ann = tá mé 'ceapadh gurab é 'bhí ann.
Is mór atá mé in aimhreas gurab é a rinne é.
TUILLEADH (4) ▼
Má bhí sé in aimhreas fhéin gurb é Seán ba chionntaighe, níorbh aimhreas gan ughdar é.
Is fada mé in aimhreas ar a' gceann céadna.
Níor bhrath sé tada idtosach, ach tá sé in 'aimhreas air anois = níor thug sé tada faoi deara idtosach (níor chuimhnigh sé ar thada i dtosach) ach tá aimhreas anois aige gur thárluigh, gur goideadh gur dearnadh, nó go ndearna duine áithrid, rud éicínt.
Tháinic sé in aimhreas orm, go mb'fhéidir go gcuir(f)idhe aon-chaidéis orm fhéin faoi.
b.
+
Tá aimhreas orm (fúm) = síltear gur mise ba chionntaighe.
Leisce na bréige, níl fhios againne a raibh aon-láimh aige ann, ach an oiread leis an té nar rugadh, ach go raibh aimhreas air.
TUILLEADH (4) ▼
Nach maith gur ormsa a chaithfeadh aimhreas a bheith, (fh)arrus aonduine.
Bhí aimhreas aige, ormsa, ach bhí [sé] 'g (dh)ul amudha go mór
Níor cheart duit aimhreas a bheith agad ar aon duine, go mbeadh teasbánadh 'cínt agad.
Is mairg a bheadh aimhreas air, na dheidh sin
·
Bainfe sin a' t-aimhreas dhíomsa = ní beidh(f)idhear san aimhreas ormsa feasta mar gheall gur thárluigh (gur fritheadh, dubhradh etc) sin.
·
Tá mé san aimhreas ar Cháit = tá aimhreas agam gurb í Cáit ba cionntaighe.

Aimhreas in iontrálacha eile (11)

 
Cuirfidh mé isteach san gcró é, agus dúinfidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná aimhreas
 
fios
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad-bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'aimhreas a dtiocfadh sé isteach
 
Tá mé in' aimhreas nach gcuirfe do chuid aithmhéala aon-aithne ort an chéad uair eile (adéarfá le duine adéarfadh go raibh aithmhéala air faoi rud eicínt a rinne sé (aithne = bacainn, guaim) agus go raibh sé chomh dóichide dhó a dhéanamh aríst).
 
B'fhearr dhuit an tsail sin a thligean fé'int a bhfuil sí folláin. Is mór m'aimhreas go bhfuil fabharcáin inte
 
frigh
Cineál eicínt frigh atá san míolfairt sin freisin. Níl aimhreas ar bith nach hea
 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Sin é an deoladh fánach atá sé sin a choinneál linne. Is gearr ar a scóig féin é má tá sé aige, ach is mór m'aimhreas nach bhfuil. Chuala mé gur tugadh anuas ins an bpáighe go mór le goirid é
 
dlí
An t-am a dtáinig sé de dhlí amach go gcaithfí mádraí a íoc, tá mé in aimhreas gur mór aca a báthadh
 
druid 3
Diabhal druid atá len aireachtáil istigh ann. Má tá duine ar bith istigh. Is mór m'aimhreas nach bhfuil
 
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí leigthe isteach ar shúil an droichid. Dair liom féin go raibh aimhreas aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na h-áite