—
a.
·
Is fearr glas ná amhras (seanfhocal) — is fhearr rud a chur faoi ghlas nó i dtaisce, i riocht is nach bhféadfar é a ghoid, ná é a fhágáil go sleamchúiseach go dtarlaítear chun bealaigh é agus ansin a beith san amhras ar dhuine eicínt. Déarfaí freisin é le duine a thógfaí in amhras gurb é a rinne rud eicínt as an mbealach.
Is olc é an t-amhras.
·
Bhain amhras dó nár cheart dó é a dhéanamh — bhuail amhras é, nó chuimhnigh sé nár cheart é a dhéanamh
Bhain amhras dom nuair a chonaic mé ag teacht amach í agus an toirt faoina seál.
+–
Tá sé faoi amhras; tá amhras aige …
Tá sé faoi amhras gur tugadh rud eicínt uaidh ach níl a fhios aige céard é fhéin fós.
TUILLEADH (5) ▼
Tá amhras agam go raibh láimh aige ann — tá mé ag ceapadh go raibh sé páirteach san obair
Níl amhras ar bith agam nach é a rinne é — dar liom gurb é a rinne é.
Is mór m'amhras gur air sin atá sé ag forcamhás.
Níl tada dhá amhras agam nach é a ghoid í — tá mé cinnte gurb é a ghoid í.
Níl a dhath dhá amhras agam nach í a bhí ina bhun agus ina bharr.
+–
Tá mé in amhras gurb é bhí ann — tá mé ag ceapadh gurb é a bhí ann.
Is mór atá mé in amhras gurb é a rinne é.
TUILLEADH (4) ▼
Má bhí sé in amhras fhéin gurb é Seán ba chiontaí, níorbh amhras gan údar é.
Is fada mé in amhras ar an gceann céanna.
Níor bhraith sé tada i dtosach, ach tá sé in amhras air anois — níor thug sé tada faoi deara i dtosach (níor chuimhnigh sé ar thada i dtosach) ach tá amhras anois aige gur tharlaigh, gur goideadh, gur dearnadh, nó go ndearna duine áirid, rud éicínt.
Tháinig sé in amhras orm go mb'fhéidir go gcuirfí aon chaidéis orm fhéin faoi.
b.
+–
Tá amhras orm (fúm) — síltear gur mise ba chiontaí.
Leisce na bréige, níl a fhios againne an raibh aon láimh aige ann ach an oiread leis an té nár rugadh, ach go raibh amhras air.
TUILLEADH (4) ▼
Nach maith gur ormsa a chaithfeadh amhras a bheith, tharas aon duine.
Bhí amhras aige ormsa ach bhí sé ag dhul amú go mór
Níor cheart duit amhras a bheith agat ar aon duine, go mbeadh taispeánadh eicínt agat.
Is mairg a bheadh amhras air ina dhiaidh sin
·
Bainfidh sin an t-amhras dhíomsa — ní beifear san amhras ormsa feasta mar gheall gur tharlaigh (gur frítheadh, dúradh srl.) sin
·
Tá mé san amhras ar Cháit — tá amhras agam gurb í Cáit ba ciontaí
amhras in iontrálacha eile (18)
→
faitíos
Cuirfidh mé isteach sa gcró é, agus dúnfaidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná amhras
→
fios
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'amhras a dtiocfadh sé isteach
→
aiféala
Tá mé in amhras nach gcuirfidh do chuid aiféala aon aithne ort an chéad uair eile (adéarfá le duine adéarfadh go raibh aiféala air faoi rud eicínt a rinne sé (aithne = bacainn, guaim) agus go raibh sé chomh dóichíde dhó a dhéanamh aríst)
→
folláin
B'fhearr dhuit an tsail sin a theilgean féint a bhfuil sí folláin. Is mór m'amhras go bhfuil fárcáin inti
→
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
→
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
→
deoladh
Sin é an deoladh fánach atá sé sin a choinneáil linne. Is gearr ar a scóig féin é má tá sé aige, ach is mór m'amhras nach bhfuil. Chuala mé gur tugadh anuas sa bpáí go mór le gairid é
→
dlí
An t-am a dtáinig sé de dhlí amach go gcaithfí madraí a íoc, tá mé in amhras gur mór acu a báthadh
→
druid 3
Diabhal druid atá le n-aireachctáil istigh ann. Má tá duine ar bith istigh. Is mór m'amhras nach bhfuil
+
Chaillfeadh sí thú, an duántacht amhrais sin. Is meata an cheird í, ag forcamhás ar do dhorúín agus ar do dhuáinín ansin. An scríobaire an cailín! Sin í nach mbeidh ag dul anonn ná anall leo!
TUILLEADH (5) ▼
'Sí an duántacht amhrais a thug bás dó. Céard eile? An iomarca den fhíoruisce. Nach mbíodh sé thuas ar Linn na mBradán ansin thuas ó oíche go maidin scaití, thíos go dtí n-a ghuaillí ansin agus an fháideoig aige. Ar ndóigh dheamhan duine beo nach gcaillfeadh an obair sin
Níl aon bhradán ann anois, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Tá siad ardaithe leo ag dream na Gaillimhe le na líonta móra. Cén mhaith dhuit a bheith ag caint? Chaith mé dhá oíche anuraidh le duántacht amhrais i bPoll na hEasa. Dheamhan a shúil a thug mé as ach ceann. Agus m'anam go raibh siad ann! Ach ní bhuailfeadh aon cheann mé. Shílfeá gur fios a bhí acu
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
Ná bac le do chuid duánacht amhrais, ach cuir an chamóig ann. 'Sí is siúráilte
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí ligthe isteach ar shúil an droichid. Dar liom féin go raibh amhras aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na háite
→
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'aon duine a bheith amhrasach mar sin. Peaca mór é peaca an amhrais. Murab é an chaoi a bhfuil sé, mar adeir an fear fadó, go síleann gadaí na gcruach gur gadaí é an slua