An-mhéid
—
toirt nó téagar aidhbhéil.
+–
Chuaidh sé san an-mhéid ó chonnaic mé go deireannach é.
Tá sé san an-mhéid ceart críochnuighthe anois.
TUILLEADH (4) ▼
Tá na cnuic amach ar a' taobh ó thuaidh de Chonamara san an-mhéid.
An teach atá aige, tá sé san an-mhéid.
Is gearr, má mhaireann dó, go mbí an mac siúd aige san an-mhéid.
Tá chuile mhac a' gabhail leis 'san an-mhéid.
An-mhéid in iontrálacha eile (23)
→
feadhain
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
An mac atá in a fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid indon aon-scáth a chur air.
→
fáinne
Gadhar gliobach fáinne bán atá ag A. Tá an-mhéid ann. = madadh é a bhfuil fáinne bán timpeall a mhuiníl
Chonnaic mé annsin thiar é — M. Sh. G. Dheamhan oiread do dhorna a bhí ann, a's ina dheidh sin, ní fhágfad sé aon-chlifeartach dhá mhéid sa tír, nach dtiubharfadh sé talamh dhó. Ní raibh ordlach bacaird ann ach iarann = bhí sé chomh cruadh leis an iarann. Aindeoin nach raibh méid a' bith ann, ní bheadh mairg a' bith air cleathaire mór millteach a leagan.
Chonnaic mé iomán a marbhaíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán annsin amuigh an bhliain cheana, agus an flith-ghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé cho cúbha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
→
fuath
Chaith siad sin an an tsíoraíocht mór le chéile, ach tá siad briste amach anois. Ní bhíonn grádh dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
→
fuiligh
Bhuailfeadh an madadh se'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh. Dheamhan greim a fhaghas sé siúd, ach an méid a bhaineas sé as a chrága
→
fámaire
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin. Tá an-mhéid ionta. D'iontódh ceann aca an churach ort
→
diogáil
Is deas an phlanndóigín d'inghin atá aice an uair a ghíogálas sí amach í féin. Níl aon-mhéid innte, ach mara bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht innte. Is fearr beag deas ná mór gránna
An bhfaca tú aon-áit ariamh atá foiricighthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na h-abhann. Tá agus Carraig an tS. bratuighthe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad 'san an-mhéid. Tá diúilicíní i bhfus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad l'aghaidh baoite: tá siad ro-bheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
→
dona
Scríobhadh dona atá sé indon a dhéanamh. Céard a chaith sé ag dul ag an scoil ach bliain nó dhó ar a mhéid?
+
→
déan 1
Nach beag an mhéid a rinne sé = níor tháinig mórán méid' ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an-ghealladh faoi, agus ní dheárna sé aon-mhéid in a dheidh sin
Tá an scurach sin thíos ag A. ag déanamh an-mhéid bail ó Dhia air
→
déanta
Chaith mise trí bliana in aon-áit amháin i Londain, agus ní mó ná déanta ar an áit a bhí mé in a dheidh sin. Tá Londain ins an an-mhéid a mhic ó mo chroidhe
→
díonmhar
Níl aon-mhéid ann — bráicín beag ceann-tuighe, ach tá sé an-díonmhar, an-teoluidhe. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroidhe breathnú isteach air: brat nua tuighe sheagail air, agus í curtha go slachtar; eidheann ar na ballaí; "flowers" agus crainnte beaga spíonán agus ubhla is 'chuile áit taobh amuigh, drisiúr breagh ornáilte le feiceál isteach ann, agus sean-fhear agus péire spéacláirí air ag léigheamh páipéar nuaidheacht' i gcathaoir thuighe ag an dorus. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na h-óige le mo shaoghal" mar adeir an t-amhrán
D'aithneochadh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rí-rá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
→
dúlaí
Nach maith dúlaidhe anois atá sí ins na "sweets" agus nach mbíonn aon-oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge aca a cheannacht. Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneochadh 'chuile shórt eile ó chodladh í, adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agad. Dá mbadh mise a fear thiubharfainn "sweets" ar an ngoile di. An pleota! I leabaidh breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breagh gnaoidheamhail léithe mar a dhéanfadh fear!
→
dún
'Siad a bhí in a dhá gcuid déag le chéile tamall, ach in a leabaidh sin, tá siad an-dúinte in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráidhte ariamh nach mbíonn grádh dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir
Deir siad go dteigheann sé thríd an gcapall an cinnire a mharbhú míle uair ins an ló, agus go marbhóchadh freisin marach go bhfuil an duine ins an an-mhéid in a súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine