Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diúilicín
/d′ūl′ikīn/
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh: diúilicíní.
1.
iasc sliogáin. Sliogán dubh, nó dubh-ghorm orra agus é an-chruadh. Rudaí caola fada agus guib bhioracha ar chloigeann díobh. Tá dhá shliogán as cionn a chéile agus féadann an diúilicín féin a n-oscailt, ach ní fhéadfadh duine sin a dhéanamh gan a mbriseadh le cloich. Ní hé an mhéid chéadna atá ionnta ar fad. Bíonn cuid aca rí-bheag agus cuid atá cho mór le croidhe do bhoise. Tá snáitheacha asta, agus greamuigheann siad iad féin do na carraigreacha leo. Ach is féidir leo na snáithidheachaí seo a scaoileadh agus a dhul ag fátall. Bíonn siad le fáil in áit ar bith ó bharr cladaigh go diaidh-thráigh, agus bíonn innbhir abhann bratuighthe leo. Baineann iascairí go leor dhíob le h-aghaidh baoití, ach ithtear iad freisin. Bruithtear iad agus biadh dearg milis atá ionnta ach iad a bheith bruithte. Tá cineál ann a dtugtar diúilicíní capaill orra agus tá méid mhór ionnta (fc. freisin sleabhcán diúilicíneach, creathnach diúilicín, gad diúilicín). Tugann daoine maorachaí ar na diúilicíní.
+
An-bhaoite mangach é an diúilicín nó na maorachaí sin atá ar na carraigeachaí
An bhfaca tú aon-áit ariamh atá foiricighthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na h-abhann. Tá agus Carraig an tS. bratuighthe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad 'san an-mhéid. Tá diúilicíní i bhfus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad l'aghaidh baoite: tá siad ro-bheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhfá neart diúilicíní annsin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san Earrach ná sa Samhradh. Chuala mé fear ag rádh nuair a bhíos sé ag tuileadh gur maith an dóigh breac fanacht caithte i bpoll (an dorugha a bheith caithte ann) dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na truisc stupóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht do na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonnaic mé iad ag eirghe do na clocha agus ag dul ag sireoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. L'aghaidh beatha is dóigh é sin
Is minic a chonnaic mise na sliogáin oscailte ag an diúilicíní. Ach is maith gasta uaidh a ndúnadh freisin, má theigheann araoid ar bith air
2.
donán de bheithidheach nó de dhuine; miolghaire meirbh éidtreorach (Muigh Cuilinn) (Níor chuala mé ciall 2 le fairrge).
+
Tugaighidh braon bainne do'n diúilicín sin thoir, nó ní bheidh sé beo seachtain ó indiu. Ní fhaca mé laogh ar bith ariamh nach bhfuil biseach ar bith [air] ach mar é. Níl lán do ghlaice fós ann th'éis go bhfuil sé ionann agus ráithe d'aois
Níl ann ach diúilicín fós, agus tá sé thar am a choisceadh. Is dona a chuaidh a lacht dó ar chaoi ar bith, ach níl rath ná ríoghacht ar an reithe sin a dtáinic sé uaidh — reithe Mh. Mh. Ní fhaca mé aon-chaora mhaith ag teacht uaidh fós ariamh
TUILLEADH (6) ▼
Fanóchaidh sé in a dhiúilicín dhona mar sin choidhchin tá faitíos orm. Níl aon-teacht suas faoi th'éis go raibh athair agus máthair bhreagh aige. Ach ní mar sin a bhíos sé ach oiread
An diúilicín bocht ná buailighidh é! Fágaighidh annsin ar a theolaidheacht chois na teine é. An coileáinín bocht! B'fhéidir dó togha madadh a dhéanamh fós
Go deimhin is deas é do cheird, ag diúrnadh an diúilicín de chut sin 'chuile ré soluis! Caith annsin i dtigh an chlampair é. Ní beag dhó a dhonacht agus tá sé, agus gan tusa a bheith ag cur fearas barr donacht' air. Má fheicim tú ag leagan láimh ná cois aríst i mbliana air, bainfidh mé an t-anam asad, bainfidh sin!
Bhí searrach asail aige anuiridh — diúilicín beag, agus níor chomhnuigh sé gur mharbhuigh sé é ag coinneál na bpáistí ar marcaidheacht air. Dar mo leabhar dhuit ba mhór an carghas é, ba mhór sin. Ach níl a fhios agam an ndéanfadh sé aon-chúis ar aon-chor. Ní raibh aon-bhiseach de rath faoi
Ní iongantas ar bith í sin a bheith in a diúilicín. Sí craitheadh an tsucáin (tsacáin) í. Deir siad go mbíonn craitheadh an tsucáin crannda i gcomhnaí, ach chreidim nach bhfuil annsin ach caint freisin ar nós go leor eile
Rinne tú do leas ar chaoi ar bith agus gan an diúilicín de ghamhainín siúd a cheannacht. Níl sé ach ag dul 'un meathtachais 'chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh. Chuirfeadh sé cantal ort a bheith ag breathnú istigh 'san ngarrdha air