an-mhéid
—
toirt nó téagar áibhéil.
+–
Chuaigh sé san an-mhéid ó chonaic mé go deireanach é.
Tá sé san an-mhéid ceart críochnaithe anois.
TUILLEADH (4) ▼
Tá na cnoic amach ar an taobh ó thuaidh de Chonamara san an-mhéid.
An teach atá aige, tá sé san an-mhéid.
Is gearr má mhaireann dó, go mbí an mac siúd aige san an-mhéid.
Tá chuile mhac ag gabháil leis san an-mhéid.
an-mhéid in iontrálacha eile (23)
→
feadhain
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
An mac atá ina fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid in ann aon scáth a chur air.
→
fáinne
Gadhar gliobach fáinne bán atá ag A. Tá an-mhéid ann — madadh é a bhfuil fáinne bán timpeall a mhuiníl
Chonaic mé iomán a maraíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán ansin amuigh an bhliain cheana, agus an flithghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé chomh cúbtha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
→
fuath
Chaith siad sin an an tsíoraíocht mór le chéile ach tá siad briste amach anois. Ní bhíonn grá dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
→
fuiligh
Bhuailfeadh an madadh s'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh. Dheamhan greim a fhaigheas sé siúd ach an méid a bhaineas sé as a chrága
→
fámaire
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin. Tá an-mhéid iontu. D'iontódh ceann acu an churach ort
→
diogáil
Is deas an phlandóigín d'inín atá aici nuair a ghiogálas sí amach í féin. Níl aon mhéid inti, ach mura bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht inti. Is fearr beag deas ná mór gránna
An bhfaca tú aon áit ariamh atá foirgthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na habhann. Tá agus Carraig an tS. brataithe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad san an-mhéid. Tá diúilicíní abhus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad le aghaidh baoite: tá siad róbheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
→
dona
Scríobh dona atá sé in ann a dhéanamh. Céard a chaith sé ag dul ag an scoil ach bliain nó dhó ar a mhéid?
+
→
déan 1
Nach beag an mhéid a rinne sé — níor tháinig mórán méide ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an-ghealladh faoi, agus ní dhearna sé aon mhéid ina dhiaidh sin
Tá an scorach sin thíos ag A. ag déanamh an-mhéid bail ó Dhia air
→
déanta
Chaith mise trí bliana in aon áit amháin i Londain, agus ní mó ná déanta ar an áit a bhí mé ina dhiaidh sin. Tá Londain san an-mhéid a mhic ó mo chroí
→
díonmhar
Níl aon mhéid ann — bráicín beag ceann tuí, ach tá sé an-díonmhar, an-teolaí. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroí breathnú isteach air: brat nua tuí sheagail air agus í curtha go slachtmhar; eidheann ar na ballaí; flowers agus crainnte beaga spíonán agus úlla i chuile áit taobh amuigh; drisiúr breá ordnáilte le feiceáil isteach ann, agus seanfhear agus péire spéacláirí air ag léamh páipéar nuaíochta i gcathaoir thuí ag an doras. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na hóige le mo shaol," mar adeir an t-amhrán
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
→
dúlaí
Nach maith dúlaí anois atá sí sna sweets agus nach mbíonn aon oíche beo, dhá mhéid ná dhá dhonacht dhá mbeidh sí, nach dtiocfaidh sí anoir tigh Th. le luach scillinge acu a cheannacht. 'Siad an suipéar iad a chaitheas sí. Choinneodh chuile shórt eile ó chodladh í adeir sí. Sin í an mhagarlach bhradach agat. Dá mba mise a fear thabharfainn sweets ar an ngoile di. An pleota! I leaba breith ar an scilling sin agus bualadh anoir agus a phionta a ól go breá gnaíúil léithe mar a dhéanfadh fear!
→
dún
'Siad a bhí ina dhá gcuid déag le chéile tamall, ach ina leaba sin, tá siad an-dúnta in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráite ariamh nach mbíonn grá dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir
Deir siad go dtéann sé thríd an gcapall an cinnire a mharú míle uair sa ló, agus go maródh freisin murach go bhfuil an duine san an-mhéid ina súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine