Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
An-tlachán
duine an-tlásach; duine a mbeadh cuthach oibre air; duine sanntach.
a.
+
'Sé'n t-an-tlachán é.
Tabhair an-tlachán air.
TUILLEADH (30) ▼
Ní an-tlachán go dtí é.
An-tlachán bradach é.
Nach diabhaltaidhe an t-antlachán thú, nach scaoilfeadh an lá fliuch thart, agus a liachtaighe lá tirim a thiocfas aríst go gcaithtear an samhradh
Tá a dhá shúil amuigh thar a cheann indiaidh an ghiodán talmhana sin, an t-antlachán!
An t-an-tlachán, ó's sin é 'ainm!
Níor bhain sé tada as ainm é, nuair a thug (ghlaoidh) sé an-tlachán air = níor dhubhairt sé bréag agus an-tlachán a thabhairt air.
Gheobha tú rud ó'n an-tlachán siúd! Bí ar t'áirdeall féin nó gheobha tú an bhróig = déarfaidhe rud mar seo le duine adéarfadh go raibh sé ag (dh)ul i gcleitheamhnas le rud eicínt (airgead etc) a iarraidh ar dhuine a mbeadh cáil na sainnte amuigh dhó.
Ní leigfe an t-antlachán siúd tada leat go bog = rud ar bith a gheobhfas tú uaidh; saothrócha tú go maith é.
Antlacháin chuile dhuine aca(b) go h-íochtar = déarfaidhe seo faoi dhream daoine a mbeadh sé de cháil orra go raibh an tsainnt agus an ampla ionnta(b).
Is mó ag an an-tlachán sin scaradh le luach leithphighne ná ag duine eile scaradh le punt.
Ní fheicfeá a leithide d'an-tlachán in do shiubhal lae.
Shíl an t-an-tlachán an fheamuinn fré chéile a chrapadh chuige féin.
Is beag an ghoir aige a bheith chomh dona leis an an-tlachán is athair dó.
Fagh thusa an-tlachán eile mar é.
Deirimse an-tlachán leat! Siúd é an t-antlachán
Bheadh ciall an-tlachán (n)ach is dona a bhí(onn)s an greím deireannach sluigthe aige, nuair seo amach aríst ag obair é.
Is beag le go mbíonn an t-antlachán ina shuidhe ag a bhéile nuair a bhío(nn)s sé amuigh aríst le uathbhás oibre = ní mó ná go mbíonn sé ina shuidhe síos aigéan a bhéilí, nuair a eirigheas sé aríst agus (a theighea(nn)s sé) amach ag obair (uathbhás = u-fás — Cois Fhairrge — ua-fás — Iarthair Chonamara)
Mhúinfeadh an t-antlachán siúd críonnacht do dhuine = dhá ndeanadh duine aithris ar a chuid sainnte, ba mhór an chríonnacht dó é.
An-tlachán é, ó chuaidh sé in ord Mhuire (féach "ord Mhuire")
Ní leigfeadh an t-antlachán an doininn fhéin thairis, nach gcaithfeadh sé a bheith amuigh fúithe = bhí sé ag obair faoi'n doininn
Nach mór an díthcéille de'n an-tlachán, a shlainte a chailleadh i gcleitheamhnas cupla ladhair fhataí (a bhaint) = d'fhan sé faoi'n doininn a' baint cupla iomaire fataí, agus bhí sé cur a shlainte ingeall (féach "ladhar" agus "cleitheamhnas")
Múinfe an cladach é, dhá dhonacht d'antlachán é = bíodh sé ag (d)ul 'na chladaigh moch deireannach a' tóruigheacht fheamuinne, agus fágfa an cladach réidh é, as deire na cúise.
Is iomdha an-tlachán leis, a d'fhága an cladach céadna ag éagcaoineadh cheana.
Síleann an t-antlachán go bhféadfa sé an dá thráigh fhreastal: a bheith ar an bportach agus ag an gcladach in éindigh.
Is dhó is mó naire an t-an-tlachán = déarfaí seo le duine a dhéanfadh éagcóir as an-tlás.
Is beag an náire an t-an-tlachán = níl aon-náire air a' cnuasach nó a' cur maoine idtoll a chéile.
Ní mise atá dhá rádh. Is feasach a' saoghal gur an-tlachán é.
An-tlachán a bhéarfainnse (a thiubhrainnse) ar a leithide. 'd'eile.
Cá'r fhága tú an t-an-tlachán is athair dó? = déarfaí seo nuair a bheithidhe ag cur ar shon an mhic, agus go mbadh duine feilmheanach é. Leagfaí an milleán air an athair go mbadh é ba (s)cionntaighe leis an mac.
Is suarach an chaoi aige a bheith 'forcabhás ar shnáithín feamuinne na baintreabhaighe sin. Marach gur dearg-an-tlachán é, ní bheadh (forcabhás = ag faire, ag tnuthán le)
+
Marach in' an-tlachán é, ní chuirfeadh sé araoid a' bith ar a chuid feamuinne = marach é bheith sanntach, ní bhacfadh sé le feamuinn an fhir eile, beag ná mór.
Tá sé in 'an-tlachán chomh mór sin a's go gcoinneochadh sé ag obair thú go mbeadh an dubh ar an oidhche = dhá mbeitheá ar páighe, nó ar aimsir aige, ní leigfeadh sé dhuit scuireadh go mbeadh an oidhche dhubh ann.
TUILLEADH (5) ▼
Beidh tú fhéin in t'an-tlachán, ach a dteaga (dtaga) ciall duit.
Is beag an chiall duine a' bith, nach bhfuil in' an-tlachán = ní bhíonn aon-chiall ag aon-duine nach mbíonn sanntach agus uathbhásach (ch)uig obair.
D'fhéadfadh duine bheith sáthach sanntach, ach is mór atá idir sin agus a bheith in t'an-tlachán
B'fhearr liom in mo dhruncaera (in mo phótaire) go mór fada, ná in m'an-tlachán.
Dhá mhéad in (de) an-tlachán é, pléidhfe an saoghal leis = tiubharfa an saoghal faoi é; cáillfe sé a shláinte le na chuid an-tláis.
b.
duine uathbhásach ag ithe.
+
Is uathbhásach an t-antlachán ag ithe é = smalcann sé siar an bheatha go deifreach, agus itheann sé foracún mór.
Sé'n t-an-tlachán ag bord é.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur faitchíos a bhíos ar an an-tlachán go sciobfar an bheatha uaidh leis an uathbhás a bhíos air ag ithe.
Ní thiubharfá samhail a' bith do'n an-tlachán ag a' gciseoig, ach madadh a' slumairt (ciseog = roimhe seo, agus in áiteachaí fós, shuidheadh muinntear a' tighe ar fad thart faoi'n gciseoig, agus iad ag ithe béilí fataí)