Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
antlachán
duine antlásach; duine a mbeadh cuthach oibre air; duine santach.
a.
+
'Sé an t-antlachán é.
Tabhair antlachán air.
TUILLEADH (30) ▼
Ní antlachán go dtí é.
Antlachán bradach é.
Nach diabhaltaí an t-antlachán thú nach scaoilfeadh an lá fliuch thart, agus a liachtaí lá tirim a thiocfas aríst go gcaitear an samhradh
Tá a dhá shúil amuigh thar a cheann i ndiaidh an gheadán talúna sin, an t-antlachán!
An t-antlachán ós sin é a ainm!
Níor bhain sé tada as a ainm é nuair a thug (ghlaoigh) sé antlachán air — níor dhúirt sé bréag agus antlachán a thabhairt air
Gheobhaidh tú rud ón antlachán siúd! Bí ar t'airdeall féin nó gheobhaidh tú an bhróig — déarfaí rud mar seo le duine adéarfadh go raibh sé ag dul i gcleithiúnas le rud eicínt (airgead srl.) a iarraidh ar dhuine a mbeadh cáil na sainte amuigh dhó.
Ní ligfidh an t-antlachán siúd tada leat go bog — rud ar bith a gheobhas tú uaidh; saothróidh tú go maith é.
Antlacháin chuile dhuine acub go híochtar — déarfaí seo faoi dhream daoine a mbeadh sé de cháil orthu go raibh an tsaint agus an ampla iontub.
Is mó ag an antlachán sin scaradh le luach leithphínne ná ag duine eile scaradh le punt.
Ní fheicfeá a leithide d'antlachán in do shiúl lae.
Shíl an t-antlachán an fheamainn fré chéile a chrapadh chuige féin.
Is beag an ghair aige a bheith chomh dona leis an antlachán is athair dó.
Faigh thusa antlachán eile mar é.
Deirimse antlachán leat! Siúd é an t-antlachán
Bheadh ciall antlachán, (n)ach is dona a bhí(onn)s an greim deireanach slogtha aige nuair seo amach aríst ag obair é.
Is beag le go mbíonn an t-antlachán ina shuí ag a bhéile nuair a bhíonns sé amuigh aríst le uafás oibre — ní mó ná go mbíonn sé ina shuí síos ag a bhéilí nuair a éiríos sé aríst agus (a théanns sé) amach ag obair (uafás = u-fás — Cois Fharraige — ua-fás — iarthar Chonamara)
Mhúinfeadh an t-antlachán siúd críonnacht do dhuine — dhá ndéanadh duine aithris ar a chuid sainte, ba mhór an chríonnacht dó é.
Antlachán é ó chuaigh sé in ord Mhuire (fc. ord Mhuire)
Ní ligfeadh an t-antlachán an doininn fhéin thairis nach gcaithfeadh sé a bheith amuigh fúithi — bhí sé ag obair faoin doininn
Nach mór an díth céille don antlachán a shláinte a chailleadh i gcleithiúnas cupla ladhair fhataí (a bhaint) — d'fhan sé faoin doininn ag baint cupla iomaire fataí, agus bhí sé cur a shláinte i ngeall (fc. ladhar agus cleithiúnas)
Múinfidh an cladach é, dhá dhonacht d'antlachán é — bíodh sé ag dul 'na chladaigh moch deireanach ag tóraíocht fheamainne agus fágfaidh an cladach réidh é as deireadh na cúise
Is iomaí antlachán leis a d'fhága an cladach céanna ag éagaoineadh cheana.
Síleann an t-antlachán go bhféadfaidh sé an dá thrá a fhreastal: a bheith ar an bportach agus ag an gcladach in éindí.
Is dhó is mó naire an t-antlachán — déarfaí seo le duine a dhéanfadh éagóir as antlás
Is beag an náire an t-antlachán — níl aon náire air ag cnuasach nó ag cur maoine i dtoll a chéile.
Ní mise atá dhá rá. Is feasach an saol gur antlachán é.
Antlachán a bhéarfainnse (a thabharfainnse) ar a leithide. Deile.
Cár fhága tú an t-antlachán is athair dó? — déarfaí seo nuair a bheifí ag cur ar shon an mhic agus go mba duine feiliúnach é. Leagfaí an milleán ar an athair go mba é ba(s) ciontaí leis an mac.
Is suarach an chaoi aige a bheith ag forcamhás ar shnáithín feamainne na baintreabhaí sin. Murach gur dearg antlachán é, ní bheadh (forcamhás = ag faire, ag tnúthán le)
+
Murach ina antlachán é, ní chuirfeadh sé araoid ar bith ar a chuid feamainne — murach é bheith santach, ní bhacfadh sé le feamainn an fhir eile, beag ná mór
Tá sé ina antlachán chomh mór sin agus go gcoinneodh sé ag obair thú go mbeadh an dubh ar an oíche — dhá mbeifeá ar páí nó ar aimsir aige, ní ligfeadh sé dhuit scoireadh go mbeadh an oíche dhubh ann.
TUILLEADH (5) ▼
Beidh tú fhéin in t'antlachán ach a dteaga (dtaga) ciall duit.
Is beag an chiall duine ar bith nach bhfuil ina antlachán — ní bhíonn aon chiall ag aon duine nach mbíonn santach agus uafásach chuig obair.
D'fhéadfadh duine bheith sách santach ach is mór atá idir sin agus a bheith in t'antlachán
B'fhearr liom in mo dhruncaera (in mo phótaire) go mór fada ná in m'antlachán.
Dhá mhéad ina (de) antlachán é, pléifidh an saol leis — tabharfaidh an saol faoi é; cáillfidh sé a shláinte lena chuid antláis.
b.
duine uafásach ag ithe.
+
Is uafásach an t-antlachán ag ithe é — smalcann sé siar an bheatha go deifreach agus itheann sé foracún mór.
'Sé an t-antlachán ag bord é.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur faitíos a bhíos ar an antlachán go sciobfar an bheatha uaidh leis an uafás a bhíos air ag ithe.
Ní thabharfá samhail ar bith don antlachán ag an gciseoig ach madadh ag slamairt (ciseog — roimhe seo, agus in áiteachaí fós, shuíodh muintir an tí ar fad thart faoin gciseoig agus iad ag ithe béilí fataí)

antlachán in iontrálacha eile (3)

 
ceal 1
Dar fia mura bhfuil airgead aige, ní cheal sainte é. Tá a dhá cheann sa talamh i gcónaí aige, an t-antlachán.
 
dún
Beidh greadadh ionú agat. Nach mbeidh tú críochnaithe roimh dhúnadh na hoíche, agus nach in é do dhóthain. Is suarach an cheird do dhuine ar bith a dhul ag déanamh éagóir air fhéin ag obair d'antlachán mar sin. Ní thabharfadh sé uisce na bhfataí dhuit, ní hé amháin a mhalrait
 
Ní raibh ag dul síos leis an antlachán sin aon lá ariamh ach talamh talamh. Chuirfeadh sé baintreach a mbeadh lán púirín na hátha de mhuirín uirthi de dhroim tí dhá mbeadh a fhios aige go bhféadfadh sé a dhéanamh. Ar ndóigh d'fhéach sé leis cheana agus chinn sé air. Is beag an tsúil le Dia é duine a bhíos ar a cheird