1.
ó'n taobh thuas, nó ó'n taobh ó thuaidh (nó'n taobh ó dheas). (Le fairrge igConamara, is ionann anuas agus ó'n taobh ó thuaidh, ó'n taobh amach. Anuas as Uachtar Árd, as Muigh Cuillinn, as Leamhchoill etc. Dhá mbeadh claddóir i Muighcuilinn, déarfadh sé go dtáinic sé aníos as a' Spidéal nó ó Chois-Fhairrge, ach déarfadh fear a' tsléibhe a mhalrait i.e. go dtáinic an claddóir anuas ó'n Spidéal nó ó Chois-Fhairrge. Déarfadh fear Leamhchoille cuirimigcás, go dtáinic sé aníos as Muighcuilinn (ó thuaidh de) agus anuas ó'n Spidéal (ó dheas dhe). 'Séard adéarfadh an claddóir, dhá mbeadh sé i Leamhchoill agus é 'déanamh an rud céadna go dtáinic sé anuas as Muighcuilinn, nó aníos ó'n Spidéal. 'Sé gnás na sléibhte atá ar an Achréidh. Déarfadh fear Bhaile an Chláir go dtáinic sé aníos as Tuaim (ó thuaidh dhe) agus anuas as Órán (ó dheas dhe). 'Sé fhearacht sin ag thíos, thuas, síos, suas é, chomh fada agus a bhaineas siad le gluaiseacht go dtí áird nó uaidh. Is coitchiannta thríd a's thríd ar fud Chonnacht anuas a thabhairt ar ghluaiseacht ó'n taobh ó dheas, agus aníos ar ghluaiseacht ó'n taobh ó thuaidh. 'Sé atá ag na Béarlóirí freisin le "up" and "down". Is na bailtí atá leath-bealaigh idir Cois-Fhairrge agus Muighcuilinn a's Uachtar Árd, cuirimigcás, na Cnuic, Cnoc ar Eas Thoir, Tula(ch) na n-Uan, Sliabh an Aonaigh, an Poll, Doire Thuirc, leanann siad gnás na "sléibhte", ach imthigheann na bailte sléibhte níos fuide ó dheas — Seana-Ghurráin, Boluisce, Leitir-Fir, agus tamhnaigh mar iad — le Cois-Fhairrge. Mar sin fhéin tá gnás na "sléibhte" ag cuid de na sean-anndúirí 'sna tamhnaigh sin fhéin, atá ar ghort a' bhaile ag a' gcladach).
a.
+–
Tháinic sé anuas ar cuairt (ó'n taobh ó thuaidh — ó shléibhte).
Diadhachta dhó a tháinic anuas chor a' bith indiu.
TUILLEADH (2) ▼
A' teacht anuas Seana-Dhroighin dom; bhí sé 'na n-oidhche dhubh = bhí an oidhche tuithte, nuair a shroich mé anuas chomh fada le Seana-Dhroighin.
Bhí sé 'teacht anuas le claidhe, le colbh le balla etc.
+–
Bhí mé anuas thar Árd Throsca na gCapall shul má rug an oidhche orm = bhí mé níos goire ná etc. níos goire do'n taobh ó dheas.
Tá sé scathamh anuas ó Dhroichead na gCnoc.
TUILLEADH (14) ▼
Ní raibh mé tada le anuas thar tigh Mh. Uí Dh. nuair a tháinic sé 'na ghleáradh báistighe.
Bhí áirdín a' bhóthair caithte anuas agam, shul a' shéid sé = bhí mé anuas thairis, shul a' tháinic sé 'na bháistigh.
Ní raibh baol orm a bheith anuas chomh fada leis a' bhFiodán Mór ó ló.
Bhí teannadh liom anuas a' t-árd = le fána an aird.
Bhí sé congnamh maith de'n aistir anuas an uair sin = bhí an chuid is mó de'n aistir (a' teacht ó'n taobh ó thuaidh bhí sé) abhaile déanta aige.
Is gearr anuas a bhí mé, nuair a scoth sé mé.
Bhí mé anuas go maith an t-árd, nuair a leagadh mé = go maith le fána an aird.
Is fada anuas a thug a chosa é.
Bíonn sé suas 's anuas ar a' bportach go h-acht a's go h-áithrid.
Ba gearr thuas é, nuair a bhí sé anuas ar ais.
Seo anuas a' bóithrín é 'sna caoir-theinte.
Is gearr a bhí mé anuas (sa mbaile) de'n phortach, nuair a thuit oidhche.
A' cur anuas mhóna (de'n phortach) atá sé na laetheantaí seo.
Ní raibh mé ach anuas de'n chruaich, nuair a d'ionntuigh sí = bhí mé ar a' talamh ar éigin.
+–
Má thugann sé aghaidh anuas chor a' bith, is linn é go ceann seachtmhaine.
Tá muinntear L. tarraingthe anuas orainn i gcomhnuidhe = tagann siad ar cuairt chugainn go minic (ó'n taobh ó thuaidh [a] thaga(nn)s siad)
TUILLEADH (4) ▼
Tarraingeann siad anuas a'inn (chugainn) ro-mhinic ar fad.
Chuir mé bóthar dhíom anuas = tháinic mé anuas go tréan.
Tarraingeo(cha) sé anuas le fairrge, ar athrú aeir.
Níor thaobhuigh sé anuas muid le saoghal a's aimsir
+–
Tá siad anuas a's aníos ann = ó 'chuile thaobh.
Bhí an fear anuas a's an fear aníos ann.
TUILLEADH (10) ▼
Phós sé bean anuas = ó shléibhte, ó cheanntar Muighcuilinn nó Ghnó Mhóir.
Bean anuas atá pósta aige.
Fear anuas a cheannuigh an capall uaidh.
Níor dhubhairt an fear anuas tada.
Bhí go leor de'n mhuínntir anuas ann = daoine ó cheanntar a' tsléibhe.
'Pós bean anuas agus pós a bhfuil thuas uiliog' = pós bean aniar agus pós a bhfuil thiar uiliog; pós bean ó shléibhte agus pós na sléibhte uiliog (sean-fhocal — má phósann tú bean ó shléibhte, beidh an sliabh ar fad, tarraingthe ort. Tiocfa a cuid comharsan a's a cuid daoine muínntreach ar fad ar cuairt agad, acht a's áithrid. Bíonn a' mbíonn faoi shléibhte uile a' brúghadh gaoil ar a chéile, agus má phósann tú duine acu, is leat uilig iad.)
Cé'n cruadhóg anuas a bhí anois air?
Níl ceart a' bith le baint de'n dream anuas, nuair a thosuighea(nn)s siad (i.e a' troid).
Ní sa gcarthannas a chaill an fear anuas ariamh é (deir muinntear a' chladaigh gur carthannaighe iad muinntear a' tsléibhe ná iad fhéin).
Fear ó'n taobh anuas, a chas liom ar mhargadh na slat inGaillimh, 'bhí dhá rádh liom.
+–
Anuas ó shléibhte é (ó'n taobh ó thuaidh)
Anuas as Muigh cuilinn, nó as Gnó Mhór é (Gnó Mhór — tugann muinntir a' chladaigh Gnó Mhór ar chuile áit — taobh ó thuaidh de Mhuigh-cuilinn. "Fear anuas as Gnó-Mhór" = fear ó'n taobh ó thuaidh de Mhuigh-Cuilinn. Féach "Iar-Chonnacht" — (Roderick O Flaherty) a chuir James Hardiman in eagar, le míniú a fhaghail ar theorainneacha an tsean-cheanntair seo)
TUILLEADH (3) ▼
Fear anuas as Cúige Uladh é (ach "fear aníos as Íochtar Tíre" déarfaidhe).
Fear anuas as Baile Átha Cliath é.
Bhí bean anuas as Baile Átha Cliath annseo againn a' foghluim Gaedhilge, tá cupla bliadhain ó shoin.
+–
Anuas amach = an-fhada suas, nó ó thuaidh.
Anuas amach as Uachtar Árd é = tá Uachtar-Árd — an áit ar b'as é — an-fhada suas (nó ó thuaidh) as seo.
Ar tháinic tú anuas amach indiu?
TUILLEADH (5) ▼
Is maith 'shaothruigh tú é, má b'éigin duit a theacht anuas amach.
Tháinic mé anuas amach as Gleann an Fhiadha.
Bhí go leor daoine anuas amach ann = i bhfad as láthair (ó thuaidh)
Is mó a tháinic anuas amach, ná bhí de dhaoine aitheantais ann.
Ní fhéadfá gan ocras a bheith ort, má tháinic tú anuas amach anois.
+–
Bhí aghaidh anuas orm = duine bheadh scathamh uait, agus é breathnú chugad.
Tá aghaidh an tighe anuas ar a' mbóthar (ar an taobh ó thuaidh de bhóthar a bhí an teach)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí aghaidh anuas ar a' ngleann = (bhí sé as cionn an ghleanna)
b.
+–
Meastú a' dtaithneo(ch)a an áit seo anuas le cladach leat (adéarfaí le bean ó shléibhte a phósfadh le cladach).
Is beag a' samhaoine 'bhfuil d'fhéar anuas le íochtar.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an teach scathamh anuas uaim.
Bhí sé a' siubhal anuas uaim an cnoc.
Tá sé réidh anuas go dtí lár a' gharraidhe anois.
Tá bhfuil de choirce imbárr a' bhaile anuas anois.
c.
ó'n taobh atá as do chionn.
+–
Tá braon anuas air = braoinín 'báisteach anuas'.
Ní bheidh aon-deoir [anuas] orm-sa feicfe tú fhéin, feadh's an tuighe seo 'bheith curtha agam.
TUILLEADH (2) ▼
Stopfa an stráca sin fhéin an braon anuas.
Bhí cuileogaí súighe anuas ann is chuile áit = práibeannaí súighe a' tuitim ó'n gceann.
+–
Tá aghaidh anuas uirre = báisteach throm ann.
Tá sé 'cur anuas anois = a' báisteach go daingean.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé 'cur anuas anois = a' caitheamh báistighe, sneachta etc.
Is gearr go dtaga sé anuas 'na dhórtadh (báistighe).
Caithfe sé í anois, mar tá'n t-aer anuas ar a' talamh ar fad = cuirfe sé báisteach, már tá sé an-dúinte.
·
Shílfeá gur anuas as na Flaithis a thárla mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige, rómham = shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thuit mé aige, chuir sé an oiread sin fáilte rómham (féach "aer")
Thuit sé anuas de'n teach, de'n chapall, de'n róthar, de'n chlaidhe, de'n chathaoir etc.
d.
·
Thug sé anuas a' t-éan gan stróbh a' bith = mharbhuigh sé an t-éan a bhí 'san aer.
Thug sé anuas an naoscach ar a' gcéad-urchar in Éirinn — abair go raibh urchar aige sin.
·
Dar príosta, tá sé anuas aige = leagtha.
Nuair a bhí sé sa reacht ab fhearr dhá shaoghal, ní raibh duine 'bith 'g (dh)ul uaidh, nach raibh anuas aige = nuair a bhí sé 'na mhaith leagadh sé 'chuile dhuine.
e.
+–
Bhí a chuid fola anuas leis = a' tuitim síos le na chraiceann.
Bhí sruth pislíní anuas le na bhéal.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an sruthán anuas as (cóta, nó ball éadaigh fliuch)
Bhí claibín anuas ar a' mbacús = leagtha ar a bhéal.
Bhí an hata anuas ar a shúile
Bhí a chuid gruaige anuas in a shúile.
f.
+–
Buaileadh anuas faoi'n mbóthar é (le earr-a's barr dúthrachta a chuir sa gcainnt adeirtear anuas i ráidhtí de'n tsórt seo).
Thuit sé anuas faoi mo chosa ar meisce.
TUILLEADH (6) ▼
Rug sé isteach, agus bhuail sé anuas faoi'n urlár é, gan anró 'bith.
Brisfe mé do smut anuas faoi'n teallach, mara n-eirighe tú as do chuid sceaibhínteachta.
Leagadh mé agus fhobair gur baineadh na fiacla asam, anuas faoi lom a' bhóthair.
Buaileadh a chloigeann anuas faoi'n teinteán, agus shíl mé dheamhan snig a bhí 'na chluais.
Is mó an dúil atá agam, do straois a bhriseadh anuas faoi'n leic.
Thuit sé anuas faoi'n mbóthar, mar bhí sé 'na chiseach críochnuighthe le ól.
g.
+–
Bhí cóta dearg anuas faoi na mullach = cóta a gcaithfeadh sí a cloigeann a chur isteach ann le na chuir uirre.
Chuir sí 'seal cloth' anuas faoi na mullach ar a dhul amach di.
TUILLEADH (2) ▼
Anuas faoi na mullach agus aniar faoi na brághaid a bhí an fhallaing uirre.
Cuir anuas faoi do mhullach é (ball éadaigh). Is amhla is fearr dhuit é.
·
Anuas faoi do mhullach féin é (adéarfaí le duine 'bheadh ag eascainidhe ort).
Anuas faoi do mhullach fhéin do chuid eascainidhe, gan dochar, gan díoghbhail dhúinne!
h.
gluaiseacht chugad.
+–
Doirt anuas (ch)uig a' teine = duine bheadh i bhfad ó'n teine.
Doirt anuas leis a' teine = duine bheadh i bhfad ó'n teine.
TUILLEADH (4) ▼
Doirt anuas ó'n dorus = teann anuas in aice na teine
Doirt anuas ó'n mballa i lár na leapthan.
Teann anuas sa gclúid.
Bhí sean-róthar tarraingthe anuas i lár a' tighe aige agus é dhá dheasú.
+–
Leagadh buidéal fuisce anuas againn = tugadh buidéal fuisce dúinn
Leag sí anuas bord agus béilidhe breagh beatha.
TUILLEADH (3) ▼
Leag sé anuas paca cárta, agus d'ionnsuigh orainn ag imirt, go raibh sí ionann's 'na lá gheal.
'Leagadh anuas chugainn bord a raibh gloiní a's cárt air; a's cúilín fáinneach le m'ais 'na suidhe' (Máire Ní Eidhin — Rafteri).
Leag sí anuas, pláta mór feola in a fhiadhnuise.
2.
a.
ó'n am anall; ó d'imthigh, in imtheacht.
+–
Le bliadhain anuas, a thug sé uaidh ar fad = in imtheacht na bliadhna seo caithte, a chuaidh sé 'un deire ar fad.
Is iomdha cor sa saoghal, le goirid anuas
TUILLEADH (20) ▼
Níl mé ar foghnamh chor a' bith le seal (le scathamh, le tamall etc) anuas.
Le bliadhanta beaga anuas, is mór a' mhaith a tháinic ar a' saoghal.
Chomhnuigh sé annsin, le suim achair bliadhanta anuas.
Le suim achair anuas, is mór a bochtuigheadh iad.
Níor cuireadh aon-duine sa roillic sin, le na cianta anuas, anois.
Ba mhór igceist buailidheacha, tamall, ach h-eirigheadh as ar fad, le mo chuimhne-sa anuas.
Ó'n am sin anuas, níor tugadh aon-turas san áit sin.
Le mo chuimhne-sa anuas, ní raibh cead a gcinn, ag tighearnaí mar 'bhí roimhe sin.
Ó shoin anuas, níor imir mé fhéin aon-chárta, ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
Ní raibh aon-imtheacht ann anois, le saoghal a's aimsir anuas (féach "imtheacht")
Caitheadh an cheird sin de leithrigh, le fada an lá anuas.
Níor facthas aon-chúlógaí ag bainseachaí anois, le achar anuas.
Tá sé buailte síos aríst, le ceathair nó cúig de laethanta anuas.
Ní dheacha mé 'cuartaidheacht anois chor a' bith le cupla oidhche anuas.
Ní raibh na Caitlicigh faoi mheirse anois, ó aimsir O'Connell anuas.
Tá siad a' comhnughadh san áit sin, anuas ó aimsir Chromail = ó aimsir Chromail.
Tá'n mianach sin sa tír seo ó Éabh anuas (nó anall) = tá an dream sin daoine sa tír seo ariamh sa saoghal.
Níor tháinic aon-fhear mar é ó Pharnell anuas
Tá'n creide(amh) Caitliceach in Éirinn, anuas ó aimsir an Naomh Pádraig.
Tá'n talamh ag na daoine ó'n "Land Laigue" anuas.
b.
amach, ó shoin.
·
Níl aon-Sasanach ó Chromail anuas, nach mara 'chéile atá.
Tá chuile dhuine sa teach ó'n athair anuas, mara 'chéile = ó'n athair amach.
+–
Níl fhios agam ó Dhia anuas (ó fhlaitheas anuas, ó Neamh anuas) céard tá orm = níl fhios agam faoi'n mbogha bán, céard tá orm.
Níl fhios agam ó Dhia anuas, cé'n dearmad a bhain dom agus é leagan annsin.
TUILLEADH (5) ▼
Ní feasach mé ó fhlaitheas anuas cá'r chuir mé idtaisce é.
Ní rabh fhios agam ó Neamh anuas, cá raibh aon-duine sa teach imthighthe an oidhche chéadna.
Níl fhios agam ó dhia anuas, céard a dhéana(nn)s sé le na chuid airgid, ach is beag de fheicimse, ar aon-chor.
'mbeadh fhios agad ó Dhia anuas, cá'il sé 'faghail na báistighe chor a' bith (deirtear ar dhroch-aimsir é).
Chínnfeadh ort, a thuiscint ó Fhlaitheas anuas, cé'n fáth nach mbeadh déantus maitheasa eicínt ann.
3.
ísliú.
a.
+–
Tá'n abhainn anuas = traoithte.
Tá'n tuile anuas = íslighthe, traoithte.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór a tháinic an loch anuas le seachtmhain = a thraoith sí.
Tá do chois anuas go mór, ó chonnaic mise cheana í, bail ó dhia a's ó Mhuire uirre = tá'n t-at traoithte innte.
Fág mar sin í go dtaga sí anuas uaithe féin = go dtraoithe an t-at uaidh fhéin (cos athta, lámh athta etc)
Tá'n fhuinneog anuas = íslighthe.
b.
íslighthe, saorsaighthe.
+–
Tá plúr anuas, chuala mé indiu = saorsaighthe.
Tá muca anuas punt a' céad ó'n aonach deireannach.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé go mbeadh an t-airgead acraí anuas imbliadhna thar mar bhí sé anuraidh.
Tá'n mhin-bhuidhe anuas tigh Sh— = tá sí saorsuighthe ann.
c.
bochtuighthe; a chuid agus a dheis ídighthe, imthighthe.
+–
Tá sé anuas go mór le scathamh = bochtuighthe.
Is mór atá sé anuas sa saoghal ó 'bhí 'athair beo; is mór a tháinic sé anuas ó bhí 'athair beo.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé anuas thar mar bhíodh sé, ach níl aon-ughdar clamhsáin fós aige = níl sé chomh saidhbhir a's bhíodh sé, ach tá riar maith fós aige.
Is mór atá sé anuas thar mar bhíodh sé, agus fágfa an bhliadhain seo bánuighthe uiliog (uilig) é.
Tá sé tuithte anuas uiliog = bochtuighthe.
Ní raibh aon-cheapadh agam gur thuit sé anuas chomh mór sin, sa saoghal.
Is gearr an mhoill ar dhuine tuitim anuas, ó thosóchas an saoghal a' dul in aghaidh chor a' bith.
4.
a' cur milleáin; milleán a' sroicheadh; milleán a' teacht ort; sa mullach.
a.
+–
Tá chuile dhuine anuas ormsa = tá chuile dhuine sa mullach ormsa ; tá chuile dhuine a' casaoid orm, a' faghail loicht orm; a' cur milleáin orm; a' coireamhaint orm.
Tá'n máighistir anuas air, faoi nach dteigheann sé 'na scoile 'chuile lá
TUILLEADH (13) ▼
Níl aon-lá ó tháinic sé do'n pharáiste, nach bhfuil a' sagart anuas air, agus shílfeá nach dtugann sé ughdar a' bith dhó.
Beidh siad anuas orm, mara dtuga mé cuire 'un bainse dóibh.
Tá siad anuas ar a' mbaile seo, ó'n am ar h-ionnsuigheadh iad ag Bóthar na Coille.
Níor chumaoin dó 'bheith anuas ormsa, mar ní dhearna mise oirille 'bith air, ach an oiread is 'rinne mé ar aon-duine eile
Tá Seán P. anuas orainn, nuair nar thug muid lá seirsighe (r leathan) dhó, 'san Earrach (seirsighe = seisrighe).
Níl aon-lá ó tháinic cuímne dhom, nach bhfuil sé ar a' mbealach céadna, anuas ar mhuínntir na sráide seo.
Is deacair milleán a thabhairt dó, faoi bheith anuas ar a' ngrifisc sin, agus a' bhail a shíleadar fhéin a chuir air, cheana.
Sin é an sórt duine é — má ghlacann sé fuath dhuit aon-uair amháin, beidh sé anuas ort, go bráth aríst.
Is mór atá sí anuas ar a' muinntir s'a(g)ainne, faoi nar iarradar chuig an damhsa í.
Bíonn 'chuile dhuine anuas air, agus ní hé is measa go minic.
Ní bheadh an tír anuas air, marach go bhfuil fáth eicínt leis.
Bhí siad scathamh in a dhá gcuid déag, ach tá siad fhéin anuas ar a chéile anois = ba dhoiligh cur eatorra(b) scathamh, ach tá'n brachán dóirtighthe anois.
Cé'n chiall daoib a bheith anuas ormsa — níor chuir mise tada as daoib?
b.
de bheith; a' fearadh; a' teacht, a' tuitim.
+–
Tá'n míádh anuas air = tá'n díleághadh nó'n tubaiste de bheith air.
Tá'n tubaiste anuas air, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (6) ▼
Sé'n catmara atá anuas air.
Sé'n catmara fhéin atá anuas orainn, nach bhfuil tada ag eirghe linn, ní a' ceasacht ar Dhia é.
Is fada an lá an clampar anuas faoi mhullach an cheánn céadna = is fada an lá an míádh nó'n catmara de bheith air.
Tá'n báilséire críochnuighthe anuas ort.
Tá'n míádh anuas anois ar a' duine bocht.
Is fada an lá an díleághadh sin anuas orainn, agus gan aon-neart againn air.
5.
a.
Suas a's anuas (féach na céad shomplaí) = ag iascach; a' maruidheacht leis; a' tarraint a bheart go maith, indon bleaghan.
+–
Tá sé suas a's anuas le 'chuile dhuine [[= tá aithne agus eolus aige ar chuile dhuine; tá sé indon 'chuile dhuine a bhleaghan; tá sé in don a' saoghal a bharruidheacht, iascach a dheanamh leis, agus a bheart a tharraingt.}}
Cá'il a' té nach bhfuil sé sin, suas 's anuas leis?
TUILLEADH (8) ▼
Pé'r bith cé'n cor a thiocfas sa saoghal, beidh sé sin suas 'sa anuas le chuile dhuine
Tá sé suas 's anuas leis a' saoghal.
Shílfeá nuair a bheadh sé 'cainnt leatsa, gur leat ar fad é, ach, tá sé 'suas 's anuas le chuile dhuine, chomh maith céadna
Badh shin é a mbealach sin chuile lá ariamh — a bheith suas 's anuas leis a' bhfear mór.
Beidh sé suas 's anuas le na strainséaraí, nó's cinneamhaint críochnuighthe air é.
Tarraing do bheart chomh maith a's fhéadfas tú, agus bí suas a's anuas le 'chaon dream aca(b) chomh maith le chéile.
Is deacair a bheith suas 's anuas le chuile dhuine, arae ní shásóchadh Dia fhéin, cuid de na daoine.
Fear é atá indon a bheith suas 's anuas leis a' saoghal deirimse leat.
b.
bordáil, tarraingt air, ionann's, ingeall le; a' síneadh suas le, tuairim's, timcheall's, beagnach.
+–
Tá sé suas 's anuas le dhá scór ó cailleadh Parnell.
Tá sé suas 's anuas le chúig bhliadhna fichead anois ó phós mé.
TUILLEADH (10) ▼
Níl sé an scór curtha fós, ach tá sé suas 's anuas leis.
D'fhéadfadh sé 'bheith suas 's anuas le leith-chéad bliadhain anois, ó chuirtí an líon.
Tá sé suas 's anuas le fiche cloch mheadhchain.
Indar liom fhéin, go bhfuil Luímneach, suas 's anuas le trí fichead míle as Gaillimh.
Cheapfainn go bhfuil sé suas 's anuas le ráithe anois, ó leag aon-duine aca(b) cois taobh istigh de'n tairsi(gh) seo.
Níl sé an céad amach 's amach déarfainn, ach tá sé suas 's anuas leis.
Tá sé suas 's anuas le bliadhain ó bhí mé thiar anois.
Mara raibh an céad sáruighthe aige, bhí sé suas 's anuas leis, agus dheamhan pian ná tinneas a bhí air, gur bhuail tinneas a' bháis é.
Tá sé suas 's anuas le deich mbliadhna fichead, ó caitheadh cleis in aer ar thórruidheachaí 'san áit seo, agus dheamhan a' fearr ar siubhal iad.
Deir siad go bhfuil fear in Ameriocá agus é suas 's anuas le naoi dtroighthe.
6.
+–
Tá báisteach anuas ann = an bháisteach a' teacht thrídh chíor nó thrídh dhíon a' tighe agus a' tuitim istigh sa teach nó sa scioból.
Ní raibh aon-deor bháisteach anuas ann, ó chuir mé é go deireannach = ó chuir mé tuighe air.
TUILLEADH (3) ▼
Is gránna í an bháisteach anuas
Tá 'báisteach anuas' le balla.
Buaileadh braon báisteach anuas idir a' gob 's a' tsúil orm.
7.
mar bhriathar.
+–
Anuas leat as sin! = teara anuas as sin.
Anuasaighidh lib (anuasaigidh) go beo = tagaidh anuas.
TUILLEADH (2) ▼
Anuas leis an bóithrín agus teannadh leis.
Anuasaighidh lib 'uig an teine, 'uig an dinnéar etc.
Anuas in iontrálacha eile (50+)
Tá an chliath fágha ar an gceann-fhearann thuas san ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
→
faitíos
Ná fág an buicéad uisce ar formhás annsin faitíos na timpiste. Tá an catmara ar na gasúir sin. Ba gearr orra a dhóirteadh anuas ar fud an tí
→
farúch
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
→
feadhnóg
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
→
fearadh
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
+
→
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó sheacht ranna an domhain; ó sheacht ranna na néal; ó neamh ná néal; ó neamh ná néal; ó Dhia go talamh; ó Dhia; ó Fhlaitheas Dé na ngrást; bruite ná fuar etc.) céard a dhéanfas mé.
→
fothair
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
+
→
froigisí
Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin indon a ndéanamh. Sí atá deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
→
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
→
fág
Teannaighí anuas. Déanaigí áit díb fhéin annsin cho maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cumhang níl muid doicheallach. 'Ar ndó' an té is cumhang leis fágadh
+
→
fána
Thuit sé anuas le fánaidh an chlochair
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thuit sé anuas le fánaidh an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
Thuit sé anuas le fánaidh an chrainn
→
fánach
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
→
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
→
cairín
Theigheadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acab a chuiridís fútha(b) fhéin thiar ar chairthín an chapaill. Cé'n bhrigh go dtosuigheadh an choimhlinnt. An té 'cuirfidhe anuas an uair sin, d'fhéadfá-sa a rádh go mbeadh a shraith ar lár, ar chuma ar bith.
+
→
caothach
Tá an-chruadhas sa sliabh atá a' síneadh le L. F. ach maidir leis an íochtar anuas annseo, caoch-phuill a's cíocraí a's caethachaí fré chéile é.
TUILLEADH (1) ▼
InDomhnach muise, bhí cleachtadh mhór ar bhóithrí aice, a' spágaireacht thrídh chaethachaí a's lathachaí Ch. L. Imtheocha sí as a cranna cumhachta ar fad anois, ó theann sí anuas ar a' míneadas.
→
carracán
'Bhfuil fhios agad an moghlaer mór a bhí ar forbhás ar stuaic a' charracáin sin thiar i Leic a' Rí (garrdha)? Thuit sí anuas le fána, a's tá sí caithte thíos sa lag fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon-bhó againn ann, nó bheidís cruptha isteach faoi ghiall a' characáin ar a' bhfarradh gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, a's dhéanfadh a' daigéad siúd cuailín cnámh díob.
Baineann sé an lá as 'chuile shórt, a's dheamhan ceartú a bhío(nn)s aige ar aon-scéal 'na dheidh sin. Tharraingeochad sé anuas míle scéal agad in éindigh, a's dheamhan adhmad a bheitheá indon a bhaint as aon-cheann aca(b).
→
ciste
Tá ciste aige in áit eicínt, le na mbíonn d'airgead aige, a's shílfeá é, gan slighe a' bith ó Dhia anuas.
+
→
cleite
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
TUILLEADH (6) ▼
Ní minic cleite gnaoidheamhail tarraingthe anuas ag a' gceann céadna. Bheadh sé sin beo a' gráiscínteacht, a's a' radaireacht mar sin.
Cé'n cleite cainnte atá tarraingthe anuas anocht? = cé'n scéal atá dhá phléidh.
Bheannuigheamar dhá chéile a's tharraingeamar anuas cleite comhrádha, a's níor airigheamar a' trathnóna dhá chaitheamh mar sin.
Sin é an cleite cainnte muise, ab áil leis a tharraingt anuas chugam i lár mo chruadhóige.
Caithighidh tharaibh é, a's tarraingighidh cleite cainnte eicínt eile anuas — cainnt eicínt a mbeidh éirim innte.
Nach hé an saoghal a d'imthigh, a's a liachtaighe cleite comhrádha a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (idteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
→
cobha
Is furasta aithinte an chaora 'mbeidh an cabh uirre. Bíonn na súile marbhánta aice, a's scamall anuas orra(b). Deanann sí comhnú freisin mórán in aon-ghiodán amháin.
→
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
→
corcán
Níor mhór do'n chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mara bhfuil sé suas 's anuas ann, tá sé siar 's aniar ann. A's nach hé atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
→
cuideáin
Go deimhin is beag a bheadh le deanamh agam a dhul suas in m'éan choideáin go Conndae na Midhe, 'san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agham céard a dhéanfainn ann. Fuireocha mé scathamh eile 'sa tsean-ghrainsigh seo, pé'r bith céard a dhéanfas Dia liom.
→
cóisir
Fanadh sí fhéin a's a cóisir thuas 'san áit a bhfuil sí. Níl guth 'bith againne uirre, anuas = duine a bhí in ainm's a theacht ar cuairt ó áit eile. Dhá dteagadh an duine sin, bheadh tuilleadh in a teannta a' teacht.
+
→
bannaí 1
Ní bheadh drugal a' bith orm, faoi na dhul imbannuidhe air, ach ní fheicim go bhfuil slighe nó fághaltas ó neamh anuas aige, len íoc ar ais aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfa an beainnc anuas ar na bannuidheacha, mara n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfe an beainnc a gcuid fhéin fhaghail, pé'r bith, cé'n súisín 'íocfas é.
Tá sí sin chomh cabach a's gur fada léithe go gcasfa duine eicínt uirre le na tharraingt anuas chuige. Cé'n mhaith bannaidhe béil a chuir ar a leithide sin?
+
→
bealach
Is iomdha áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan fhios cé'n áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laetheantaí (duine a bhí ag dul thart a' díolachán le gluaisteán).
TUILLEADH (1) ▼
Marach gurab é Cóil atá as bealach, ní bheadh 'chuile dhuine anuas air, mar atá.
+
→
béalóg
Deasuigh anuas ar aghaidh na béalóige (sa teine).
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
→
crinn
Caithigidh anuas na cnámha a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir chuige, a's má tá aon-sciolltar orra(b), tugaigidh cead dó iad a chrinneadh. Má tá is sciolltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasbha.
→
crámhar
Sé'n scéal é, níl fascadh in aon-áit ó'n gcramhar báistighe sin, mar sé'n chaoi 'bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agham leigean liom fhéin abhaile, a's an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aithdeal: meastú nar mhaith an beart é?
→
críoch
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air, nach baile reicthe é. Tá sí indon Crígh Mhuire a chur thrídh na chéile, a' seadú scéalta, a's a' tarraingt anuas sean-síothmálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar a' mbaile seo, nach a' maslú a chéile atá, 'chuile ré soluis, a's is ise is cionntach leis, ó thús deire go tosuigh.