Aníos
1.
ó íochtar, ó'n talamh, ón taobh ó dheas (féach nóta le "anuas").
+–
Shiubhail sé aníos a' bóithrín (ó'n taobh ó dheas, ach 'sé a mhalrait faoi shléibhte agus ar an Achréidh é).
Sin é a mhaith 's a mhaoin — ag (dh)ul síos 's aníos ar a' mbóthar.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé síos 's aníos chuig an gcladach ó mhaidin.
Thug mé bord feamuinne aníos ó'n gcladach.
Duine eicínt aníos as íochtar a' bhaile a bhí ann.
Cá'ide aníos a bhí tú ó ló
Teara aníos ó'n teine
Coinnigh aníos ó'n teine, nó's dóighte 'bheidheas tú.
+–
Tá mé strumptha go corróig aníos
Fliuchadh mé aníos go glúine.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an tuile aníos go dtí mo lár.
Thug sí an crann aníos ó thalamh íochtair.
Tharraing sé an crann as na fréimhreachaí aníos.
Bhain sé ó leic aníos é.
Tá sé romhruighthe aige ó'n ngaine(amh) aníos.
Tá brúchtaoighil aníos orm as béal mó chléibh.
Tóg an pota aníos de'n teine.
+–
Bhí mé 'teacht aníos as Gaillimh, indé, agus chas sé liom = a' teacht anoir annseo (ach samhluighthear do'n chainnteoir gur ísle Gaillimh ná é féin, agus gur a' teacht in aghaidh aird a bhíos sé a' teacht as Gaillimh dó. An cainnteoir céadna cuirim igcás déarfadh sé go dtáinic sé anuas as Baile Átha Cliath, aindeoin gur anoir a bheadh sé a' teacht is 'chaon chás. Deirtear anuas agus aníos, le lár na h-Éireann "fear anuas nó aníos as Conndae na Midhe". Anall nó aníos as Conndae Chláir, aníos as Corcaigh, Luimneach, Ciarruidhe, nó áit ar bith ó dheas (anuas adéarfaidhe ar an Achréidh annseo). Aníos freisin as Conndae Mhuigheo, ach anuas as Dúithche Sheoigeach, aindeoin gurab ar aon-taobh amháin atá siad. Aníos go minic, adeirtear freisin le Cúige Uladh.)
Bhí mé scathamh aníos ó Ghaillimh, nuair a thosuigh sé 'dórtadh.
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sé síos agus aníos Gaillimh go h-acht a's go h-áithrid.
Tháinic sé aníos as Luimneach, as Corcaigh, as Conndae Mhuigheo as Conndae na Midhe etc.
Tháinic sé aníos (anuas) ar ais aríst as Conndae na Midhe.
Aníos as conndae an diabhail bhuidhe é = aníos as áit eicínt strainséara.
2.
ó'n taobh ó thuaidh, ó áit i bhfad ó láthair.
+–
Tháinic sé aníos amach = ó thaobh ó thuaidh na h-Éireann nó ó Íochtar Tíre go h-iondamhail, ach bheadh lár na tíre freisin igceist. (Ní abróchthaidhe é le Cúige Mumhan, nó áit ó dheas).
Fear aníos as Íochtar Tíre é = as Cúige Uladh (aníos adeirtear le Íochtar Tíre i comhnuidhe).
TUILLEADH (1) ▼
Tháinic sé aníos as Íochtar Tíre in áit a bhfuair sé talamh annseo, tá fadó an lá (ann).
·
Is fada aníos a tháinic sé annseo (adéarfaidhe le strainséara nach mbeadh aon-ghnaoi air in áit).
Is fada aníos a thug do chosa tú. Ní raibh muid do d'iarraidh.
+–
Fear aníos amach é.
Phós sí fear aníos amach; agus tá siad 'na gcomhnuidhe inGaillimh mar seo.
TUILLEADH (2) ▼
Daoine aníos amach is mó atá ann.
Fear i bhfad aníos é = ibhfad ó láthair.
3.
as cionn talmhan nó uisce.
a.
+–
Níl na fataí aníos fós.
Níl seamaide (fúinín) féir aníos ann.
TUILLEADH (9) ▼
Is fada a bhío(nn)s cur óg gan teacht aníos.
Tá'n talamh cur aníos anois = a' fás, a' cur aníos a' bhairr.
Níl fata aníos thrídh thalamh fós agam.
Ní mórán aníos atá siad fós (fataí, turnapaí, coirce etc).
Níl féar a' bith a' teacht aníos ann = a' fás.
'Bhfuil na turnapaí aníos fós agad?
Loiceadh a rinne siad, agus gan iad a bheith aníos feasta (fataí etc)
Níl cosamhlacht aníos a' bith orra = cosamhlacht fáis.
Bhí siad aníos thrídh thalamh, marach an glasrú (glasreodh) seaca sin a dhógh a mullaighe.
+–
Bhí an mullán aníos ar éigin = a barr le feiceál as cionn uisce.
Tá gob an bhrann(t)ra aníos indiu = leis, le feiceál.
TUILLEADH (2) ▼
Tá cloigeann a' róin aníos = leis.
Bíonn a chloigeann aníos igcomhnuidhe ag an rón; bíonn cloigeann aníos ar an rón igcomhnuidhe = bíonn a cheann leis.
b.
+–
Cineál chloigeann aníos = sin forainm a tugtar ar chloinn (Mh)ac Confhaola, a' déanamh amach go bhfuil gaol nó dáimh aca(b) leis a' rón.
De chineál chloigeann aníos é = de Chloinn (Mh)ac Confhaola é.
TUILLEADH (6) ▼
A chineál chloigeann aníos!
Is fhearr mé ná de do chineál-sa — a chineál chloigeann aníos.
Ní de chineál chloigeann aníos mise chor a' bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
Tá 'chuile dhream go maith ach cineál chloigeann aníos.
Ní mise cine chloigeann aníos chor ar bith
Níl gaol ná dáimh agamsa le cine chloigeann aníos
4.
mar bhriathar (féach anuas).
+–
Aníos leis an bóithrín
Aníosaigidh (aníosaighidh) lib ó'n teine.
TUILLEADH (1) ▼
Aníos leat as sin go beo, deifreach
Aníos in iontrálacha eile (50+)
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
→
freagair
Ní ghabhfá fód na láighe san talamh sin nuair a gheobhfá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
→
frídeoir
Bádh annsin thoir í (bád). Chuaigh sí go frídeóir i bhfarraige ann. Ní raibh aníos ach cuid den chrann
→
fíóg
Síos leat agus tabhair aníos fíóigín agam ón teine. Tá an diabhlánach de phíopa seo as aríst. Múchadh agus báthadh air. Ní choinneódh do cheannfinne dearg é
→
cab
Tá'n fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fánadh a bheidheas ann, ach iad siúd a bheith réidh leis."
→
cairín
Ara a mhic ó, tháinic sí aníos, a's í gróigthe thiar ar chairín a' chapaill mar bheadh staic d'fhear ann.
→
carn
Tá mé cárnuighthe uileag ag a' slaghdán le seachtmhain. Dhá bhféadainn na réama atá calcuighthe in mo phíobán a chuir aníos, bheidhinn ceart, ach ní fhéadaim.
→
carracán
Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
Tá ealadhain ar an iongás sin a chinnireacht aníos ar a' mballa (fear i dteasbantas a theigheadh aníos balla ar ghluais-rothar).
+
→
cliar
Tá cliar aníos imbéal mo chléibh.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan crochaillí ná réama atá mé a chur aníos, ach tá cliar orm go h-acht a's go h-áithrid.
D'airigh mé clochar a' teacht aníos imbéal mo chléibh aréir, a's bhuail cliar mé, a's dheamhan bréag nar shaothruigh mise an oidhche. Bhí sé 'na hóró lae, shul ó thuit mo dhá shúil ar a chéile.
Tá cliar aníos in mo mhuineál a's níl m'anáil a' teacht liom chor a' bith, aice.
→
cosacán
Bhí sí ar siubhal ariamh, ariamh, go ndeacha sí indiaidh a mullaigh síos i gclaise an tsrotha, a's ní raibh aon-ghoir aice a theacht aníos ingeall ar na cosacáin.
→
cuideáin
InDomhnach bhí mé chomh coideáin aca(b), a's dá badh aníos as Cúige Uladh a thiocfainn. Ach chreidim nach ughdar milleáin dóib é, arae cé'n aithne a d'fhéadfadh a bheith aca(b) orm, ach an oiread le scéal.
+
→
abhaile
Ba tútach a' rud dó thú a thabhairt síos, mara raibh sé de rún aige thú a thabhairt aníos aríst. 'Marcuidheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' mar adeir a' ceann eile.
TUILLEADH (2) ▼
Ná raibh ann marar imthigh an bus ingan-fhios dom, a's b'éigin dom é 'shiubhal aníos. Sin é an marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' agad.
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an 'bicycle' árduighthe uaidh, ag S., a's b'éigean dó siubhal aníos, aindeoin gur gearr a bhí le dhul aige. 'Marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' a bhí ann.
+
→
bealach
Ní fhéadfa duine a dhul síos ná aníos a' bóithrín, nach bhfuil a charr tarraingthe i lár a' bhealaigh aige roimhe. Shílfeá gur leis fhéin an bóithrín ar fad.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ar a bhealach aníos faoi seo.
→
bealaigh
Cuireadh ar a bhéal a's ar fhiacla sa bportach é in áit ar sciorr sé ar a' mbruach bealthuighthe, a raibh siad a' cur aníos na móna air.
+
→
beart
'Caith aníos coirce go beo agham' adeir P. Sh. Ph. N. leis a' mbean, a's é spréachta nach raibh sé faghail rud le déanamh thuas ar a' gcruaich. 'Ní fhéadfa mé' adeir sí 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal baramhail a innsighthear faoi fhear áithrid a raibh an-uathbhás oibre air).
TUILLEADH (1) ▼
Má leig sé scíth, leig sé míle scíth faoi'n mbeart ó cheann a' bhóithrín aníos.
→
béalóg
Tá béalóigín — cuisle bheag uisce aníos ann — a's is ait an dóigh iascaigh í, ar thaoille tuile. = scáinne uisce nó sáile ar chladach; rithfeadh a' t-uisce ann, ar a' tuile, níos túisce ná 'sna giodáin faoi gcuairt.
Leig de do chuid criogaidí anois. Dhá gcuirtheá-sa aníos, gacha le cliabh feamuinne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugad anois.
→
coigéal
Tá cuigéilín fairrge aníos idir an churrach a's an talamh ann, a's d'fhéadfá rith cladaigh a thabhairt di (do'n bhád) suas ann.
+
Airighim mo mhuineál chomh ceangluighthe le na bhfaca tú ariamh, a's cinneann orm thar corr-chrochaille a chuir aníos 'na dheidh sin.
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé an-tslóchtuighthe, a's é 'cur aníos chrochaillí móra roighne 'chuile phuínnte.
Ní fhéadaim labhairt chor a' bith le na 'bhfuil de chrochaillí a's de réama calcuighthe thíos in mo scóig. Shílfeá go mbeidís aníos in aoinfheacht agad, a's bheadh a' sos céadna aríst ann, ar a' bpuinnte.
Bím plúchtaí ar fad, amanntaí, nuair a bhuailea(nn)s an racht mé, a's tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, a's bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh a' bith a bhío(nn)s aríst orm, nuair a fhaghaim réidh an achair.
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál, a's bíonn siad chomh roighin, a's gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaghaim a' cainnt liom aca(b), go ceann fada scaithtí.
Is dhó is fusa a bheith in a chráisiléad: is maith í a ghreim a's a dheoch. Dhá gcaithead sé seachtmhain sa gCaladh Mór, a' cur aníos fheamuinne ar a dhruim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cuir chuige. Sin é 'bhainfeadh cuid de'n tsaill dhó.
→
crúbáin
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
Dheamhan fear ar a' talamh chomh cunntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol turnapaí dhó anuraidh, in áit ar tháinic sé gearr, a's meastú, nar chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheire.
+
→
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo de'n sagart, nó sin é aníos é. = sin é aníos a' sagart go cinnte.
TUILLEADH (5) ▼
Imthigh leat go beo, a's glaoidh aníos air.
Cuir aníos an fód beo.
Sé'n fód beo a chuirea(nn)s tú aníos a's thú a' lánú: tá a shliocht air: 'bhfeiceann tú an barr a chuirea(nn)s sé ar a' talamh in imtheacht achar gearr.
Chomh luath a's a tháinic siad isteach ó shnámh, tháinic siad aníos i mbun na dúirlinge, a's thosuigh dhá n-ionnfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orra(b) ach an oiread leis an oidhche a (ar) rugadh iad.
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
+
→
bruach
Chuir sé snáth (feamuinne) uileag go léireach aníos ar bruach.
TUILLEADH (1) ▼
Líon a' portach aníos bruach ar bhruach leis a' darna barr.